Skip to main content


Nuacht

Bí cruthaitheach an samhradh seo: Na céadta imeacht agus tionscnamh beartaithe ar fud na tíre

Faigh amach céard a bheas ag tarlú i do cheantar le treoirleabhar Éire Chruthaitheach contae ar chontae an Irish Independent Dé Sathairn an 10 Meitheamh.

Tar éis sé mhí ghnóthacha, na gcéadta seisiún comhairliúchán agus díospóireachta paiseanta i ngach contae faoi chultúr, faoi shaoránacht agus faoi fhéiniúlacht, tá a chéad Phlean Cultúir agus Cruthaitheachta do 2017 foilsithe anois ag gach ceann den 31 Údarás Áitiúil.

Mar chuid den Irish Independent Dé Sathairn seo (an 10 Meitheamh) beidh treoirleabhar speisialta contae ar chontae ina bhfaighidh tú bealaí le do thaobh cruthaitheach a shásamh in 2017. Leis an bhforlíonadh speisialta seo táthar ag tabhairt cuireadh do gach duine páirt a ghlacadh agus sult a bhaint as réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha atá ar leac an dorais agat.

Beidh imeachtaí go leor, féilte agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha ag tarlú le linn shamhradh 2017 ar féidir páirt a ghlacadh iontu ar fud na tíre.

Beidh imeachtaí go leor, féilte agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha ag tarlú le linn shamhradh 2017 ar féidir páirt a ghlacadh iontu ar fud na tíre.

Idir Fhéile Leabhar Dheilginse i mí Meithimh, Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe i mí Iúil agus Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh i mí Lúnasa, chomh maith le féilte dheireadh an tsamhraidh – Mindfield ag Electric Picnic i gCo. Laoise agus Sounds from a Safe Harbour i gCorcaigh; tá féilire chruthaitheach na hÉireann lán le deiseanna tarraingteacha spreagúla.

Mar chuid de Phlean Chontae Chorcaí tá Féile Litríochta Iarthar Chorcaí i mí Iúil, i bplean Chontae Chill Dara tá Féile Mheánaoiseach Bhaile Chill Dara i mí Lúnasa, beidh grúpaí pobail ó Chontae Liatroma ag obair le healaíontóirí ar mhaithe le cruthú agus comhoibriú, tá tionscadail amharc-ealaíne ag Ionad Ealaíon an Ghrianstaid i bplean Chontae na Mí, agus i gContae Loch Garman beidh ceoltóir cónaithe agus sraith iontach ceolchoirmeacha.

Níl anseo ach cuid den iliomad imeachtaí agus tionscnamh a bheas ag tarlú mar chuid d’Éire Chruthaitheach ar fud na tíre an samhradh seo agus ina dhiaidh, le heolas a fháil ar a mbeidh ag tarlú i do cheantar féin, léigh na Pleananna Áitiúla.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×