Hands washing archaeological find

Ag tochailt níos doimhne: Podchraoladh an Chláir Fionnachtana

28 Meitheamh 2019
3 nóim á léamh

Ó bhachalla ar ceapadh gurbh éisc a bhí iontu go déantáin ar ceapadh go raibh siad caillte go deo, iniúchann sraith nua podchraoltaí na scéalta faoin gcaoi ar thángthas ar na nithe is cáiliúla i seandálaíocht na hÉireann.

Tá fianaise ann go raibh daoine in Éirinn thart faoi 12,500 bliain ó shin, mar sin ní haon ionadh go bhfuil ár seandálaithe agus staraithe fós ag teacht ar dhéantáin an-luachmhar faoi bhun ithir, ghaineamh agus mhóinteach na hÉireann. Anuraidh féin, aimsíodh fáinní óir réamhstairiúla dochreidte iontach i nDún na nGall agus tá siad ar taispeáint anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Ach ar smaoinigh tú riamh faoi conas a thagtar ar nithe dá leithéid? Nochtfar sin i gceithre chlár i sraith nua podchraolta leis an gClár Fionnachtana: Ionad Seandálaíochta agus Nuála Éireann. Tá an tsraith ar cheann de thionscnaimh an Chiste Náisiúnta Ildánachta agus ina cuid den Tionscadal Sonraí Cultúir ‘Oscail’ d’Éirinn, agus tugann sé chun solais a thábhachtaí is atá ár gcartlanna seandálaíochta agus mar a d’fhéadfaidís níos mó a nochtadh fiú faoi na nithe stairiúla is cáiliúla againn.

Agus é de rún acu na cúinsí a bhain le roinnt de na nithe seandálaíochta is cáiliúla a aimsíodh in Éirinn a iniúchadh, rinne foireann an Chláir Fionnachtana roinnt mhaith bleachtaireachta i gcartlanna sa bhaile agus thar sáile chun na scéalta sárshuimiúla a bhí i bhfolach agus a bhaineann leis na nithe uathúla seo a nochtadh.

eagrán a haon den tsraith, á cur i láthair ag an Dr Griffin Murray ón Roinn Seandálaíochta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, le fáil ar líne anois. Insíonn an Dr Murray an scéal iontach faoi mar a ceapadh gur bradán a bhí i mBachall Abhainn na Leamhna nó Inis Faithlinn ar dtús... agus ansin gunna, nuair a thángthas air i gContae Chiarraí i dtosach báire!

In eagrán a dó, bímid i dteannta an Dr Niamh Whitefield, Scoláire i miotalóireacht na meánaoise luaithe ón mBreatain agus ó Éirinn, agus í ag míniú an scéil shuimiúil faoi mar a ceapadh go raibh baint ag bróiste ó 700AD, a fuarthas ar chósta Chontae na Mí, le Cnoc na Teamhrach agus a aithníodh i bhfad agus i ngar ina dhiaidh mar Bhróiste na Teamhrach.

Leagann Raghnall Ó Floinn, iar-Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, amach sa tríú heagrán mar a tháinig déagóir a bhí ag tochailt phrátaí i Luimneach in 1868 ar thaisce Ardach – arbh í Cailís Ardach an ní is mó a aithnítear ina measc. Insíonn an Floinneach faoin aighneas ina dhiaidh sin faoi úinéireacht na taisce luachmhaire freisin.

Sa phodchraoladh deiridh, téann Aideen Ireland, a bhíodh ag obair i gCartlann Náisiúnta na hÉireann roimhe seo, go domhain i mbailiúchán na nithe seandálaíochta a bhailigh an polaiteoir náisiúnach ar son Rialtais Dúchais na hÉireann, Sir Thomas Henry Grattan Esmonde. Cé go bhfuil mionsonraí fúthu sa chartlann phearsanta a bhí ag Grattan Esmonde, ba chosúil gur cailleadh na nithe seo nuair a scrios Poblachtaigh a bhí in aghaidh an Chonartha a theach i Loch Garman in 1923. Is é an chartlann iontach an t-aon taifead dá bhfuil ann ar na nithe seo.

Tá an tsraith podchraolta an-spéisiúil seo, atá ina cuid de Chlár Sonraí Cultúir ‘Oscail’ d’Éirinn, comhordaithe ag an gComhairle Oidhreachta agus an Clár Fionnachta. Éist le heagrán a haon anois.