Skip to main content
"Catalyst for fledgling creativity"


Nuacht

“Ag cur dlús faoin gcruthaitheacht i ndaoine óga”

Daltaí bunscoile ag éirí cleachtach ar an ealaín chomhaimseartha a bhuí don Classroom Museum de chuid Glucksman.

Faigheann daltaí bunscoile i gceantair thuaithe na Mumhan deis a bheith rannpháirteach leis an ealaín ar bhealach iomlán nua mar gheall gur cuireadh ealaín os a gcomhair.

Tógadh an ealaín is fearr as bailiúchán ealaíne comhaimseartha de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) agus crochadh í i mBunscoil Cheapach Choinn, Port Láirge; i Scoil Náisiúnta Íosaif, Luimneach; agus i Scoil Náisiúnta Bhéal Átha Póirín, Tiobraid Árann, tá Classroom Museum de chuid Glucksman ag déanamh gach uile iarracht le cinntiú go mbeidh an ealaín chomh lárnach i saol na scoile is atá cásanna pinn luaidhe agus cláir bhán.

Agus é ar cheann den 30 tionscnamh a bhfuil tacaíocht acu ón gclár Éire Ildánach faoin gCiste Náisiúnta Ildánachta, tugtar deis do leanaí dul i ngleic leis an ealaín ar bhealach atá an-phearsanta mar chuid den tionscadal nuálach seo.

Ón seomra ranga chuig cúinne cultúrtha

Roghnaíodh na scoileanna atá páirteach sa togra seo mar gheall go bhfuil siad lonnaithe faoin tuath i bhfad ó mhúsaeim agus ó dhánlanna ealaíne, ní mór The Classroom Museum a mholadh as an mbealach ar éirigh leo an ealaín agus an chruthaitheacht a dhaonlathú beag beann ar an suíomh ina bhfuiltear. Tugadh saothair ar leith ó bhailiúchán iontach UCC ar cíos do na scoileanna agus crochadh iad i seomraí ranga ar feadh cúpla seachtain, ag tabhairt deis do dhaltaí agus do mhúinteoirí idirghníomhú leis an ealaín ina dtimpeallacht féin, ina mbealach féin. Bíonn deis ag na leanaí casadh agus labhairt leis an ealaíontóir ansin, ag foghlaim díreach ón saothar féin. Déanann an t-ealaíontóir agus na leanaí comhoibriú mór le chéile ansin, bíonn ceardlanna éagsúla acu ina bhfoghlaimíonn siad conas a chuirtear a bhfreagraí féin ar an saothar in iúl – cuireann siad snas ar a scileanna léirmheastacha agus feabhsaítear a muinín ó thaobh taitneamh a bhaint as an ealaín agus ar bhealach ginearálta chomh maith.

“Níor smaoinigh mé riamh, agus an saothar seo á chruthú agam, go mbeadh sé ar crochadh i seomraí ranga faoin tuath, agus é ag cur leis an gcruthaitheacht san aos óg – ba rud an-chorraitheach é sin domsa,” arsa an t-ealaíontóir Fiona Kelly, duine amháin den cheathrar ealaíontóirí atá rannpháirteach sa togra ‘Classroom Museum’.

Tá sé go deas a bheith ag labhairt agus ag déanamh machnaimh ar an ealaín ach níl aon trácht ar chruthú na healaíne? Bhuel, sin é a tharlaíonn anois! Cruthaíonn na leanaí a saothar féin agus cuirfear ar taispeáint é i ndánlann Glucksman, ag casadh roth na cruthaíochta agus na smaointeoireachta criticiúla ar ais chuig an áit tosaigh do na cruthaitheoirí iontacha seo.

Creideann dánlann Glucksman go mbeidh tionchar dearfach ag an togra ‘Classroom Museum’ ar an bpobal i gcoitinne, táthar ag cur deis ar fáil do leanaí ó na scoileanna áirithe seo foghlaim faoin ealaín agus taitneamh a bhaint as saothair ar leith agus freagra a thabhairt orthu, mar sin, rachaidh sé seo chun tairbhe an phobail ag spreagadh agus ag cumhachtú daoine le dul i ngleic leis an ealaín chomhaimseartha.

Beidh saothair spreagúla na leanaí ar taispeáint i ndánlann Glucksman ón 29 Márta 2019 ar aghaidh.

Léigh tuilleadh faoi The Classroom Museum anseo: Glucksman

The Classroom Museum

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×