Skip to main content
LE BOOM


Nuacht

6 ghrúpa Éireannacha den scoth

Tá cáil ar Éirinn le fada an lá mar áit ina mbíonn éagsúlacht iontach cheoil agus léiríonn an ghlúin reatha ceoltóirí Éireannacha i mbeagnach gach seánra nach bhfuil laghdú ar bith ag teacht ar an tionscal.

I bhfianaise ár gcáile idirnáisiúnta mar thír le saibhreas iontach cruthaitheachta agus cultúir agus tiomantas Chlár Éire Ildánach dár dtionscail chruthaitheachta, caitheann muid súil ar na ceoltóirí, ar na healaíontóirí agus ar na grúpaí atá ag saothrú sa ghort seo faoi láthair.

Villagers

Tá ceol dlúth mealltach na Villagers agus Conor O’Brien ag dul i bhfeidhm go mór ar a lucht éisteachta ó 2010 i leith. Ainmníodh na Villagers ar ghearrliosta Ghradam Ceoil Mercury agus bhuaigh siad Gradam Ivor Novello 2016 don Ghradam is Fearr agus Duais 2013 Choice Music, agus is féidir éisteacht lena gceol álainn ar an amhrán So Naïve.

Wyvern Lingo

Tá doimhneacht i bhfoinn úra pop an tríréid Wyvern Lingo ó Chill Mhantáin a théann i bhfeidhm ar an éisteoir láithreach. Cairde iad seo thosaigh ag seinm le chéile nuair nach raibh siad ach 11 bhliain d’aois, agus is féidir blaiseadh dá gcuid ceoil a chloisteáil ar an amhrán Letter to Willow.

Lisa O’Neill

Tá glór álainn ag Lisa O’Neill as contae an Chabháin a fhanann i bhfad i gcuimhne a cuid éisteoirí, agus tá stíl ar leith idir thraidisiúnta agus cheol tíre aici. Tá a stíl agus a cumas chomh maith leis an meascán suimiúil de ghreann comhaimseartha agus scéalaíocht seanaimseartha le cloisteáil san amhrán Same Cloth or Not.

Le Boom

Bíonn ceol leictrea-pop na beirte seo as Baile Átha Cliath lán le rithim láidre agus lúba il-leibhéil. Ó bunaíodh an grúpa in 2016, tá Christy Leech agus Aimie Mallon tar éis dul i bhfeidhm go mór ar éisteoirí ar fud an domhain agus tá breis agus 300,000 duine tar éis a gcéad singil, What We Do, a sheinm ar Spotify.

Na Finns

Bhuaigh na deartháireacha Hugh agus Ciaran Finn Fleadh na mBuscálaithe in 2017 lena meascán de cheol tíre agus traidisiúnta. Ceol lán le fuinneamh a bhíonn ag na deartháireacha Finn, ceol rithimeach le giotár, bainseó agus armónach. Éist lena n-amhrán, My Home Town, le blaiseadh dá gceol a fháil.

Ham Sandwich

Le curfánna láidre agus amhráin de stíleanna éagsúla idir rac-indie agus pop, tá an-tóir ar an gcúigear seo as contae na Mí. Éist le Long Distance le blaiseadh a fháil dá gceol binn.
Chomh maith leis na ceoltóirí iontacha a luaitear thuas, tá ceol ó leithéidí Lisa HanniganMartin HayesColm Mac Con IomaireNick KellyKormac, agus Lakker le cloisteáil ar fhíseáin Chlár Éire Ildánach, ar samplaí iontacha iad uile de bhua ceoil na tíre.

Stay up to date

×