Tá gnéithe na linne seo ann agus gnéithe na staire agus gnéithe oidhreachta maidir leis an dúlra, an tseandálaíocht, an fhoirgníocht, an cultúr agus oidhreacht na mara – gan trácht ar thí cinn de cheantair Gaeltachta – níl aon easpa maidir le hábhar spreagtha sa tearmann cruthaitheachta seo. Chomh maith leis an gcósta is sceirdiúla in Éirinn, tá aibhneacha agus locha ann, talamh portaigh de chineál faoi leith agus oidhreacht thógtha, téann stair an chontae siar na mílte bliain go dtí an córas garraithe is sine in Éirinn in Achaidh Chéide.
Is é flúirse agus iléagsúlacht na ngnéithe oidhreachta, idir ghnéithe den dúlra, den fhoirgníocht agus den chultúr, a fhágann tréithe sainiúla dá chuid féin ag an gcontae. Tá cultúr agus cruthaitheacht mhuintir Mhaigh Eo á spreagadh ag an oidhreacht ábhartha agus ag an gcultúr mar a léirítear é sa taobh tíre. Ar an gcuma chéanna, cuidíonn an cultúr ábhartha le sainiúlacht an chontae a léiriú, leis an mórtas áite a chothú agus le tréithe na háite agus na ndaoine a leagan síos. Bíodh sin mar atá, is iad muintir Mhaigh Eo féin an tsócmhainn is luachmhaire dá bhfuil againn. Tá borradh bríomhaireachta faoi earnáil na cruthaitheachta i Maigh Eo, lena mbaineann scríbhneoirí, ealaíontóirí, oirfidigh agus daoine atá gníomhach i measc an phobail maidir le cúrsaí ealaíne nó beartaíocht cruthaitheachta agus cultúir.
Agus síneann pobal Mhaigh Eo thar theorainneacha an chontae. Bhí ár n-aghaidh amach riamh againn, plé againn leis an saol taobh amuigh mar gheall ar chúrsaí maraíochta agus an diaspóra, agus is breá linn fáilte a chur roimh dhaoine a roghnaíonn cur fúthu sa chontae seo, infheistíocht a dhéanamh ann nó a theacht ar cuairt ann agus taitneamh a bhaint as. Is iomaí sampla ar fáil de na nithe a fhágann gur áit ann féin Maigh Eo – stair na maraíochta agus an tábhacht atá i gcónaí le Gráinne Ní Mháille, na portaigh agus Achaidh Chéide ón ré ársa, an taobh tíre sceirdiúil a bhí ina ábhar spreagtha ag ealaíontóirí agus ag scríbhneoirí. Tá lucht féachana ar fud an domhain á tharraingt ag traidisiún an cheoil sa chontae, le Riverdance mar shampla a d'eascair as ceiliúradh ar Mhaigh Eo 5000 agus tá oidhreacht na litríochta ceangailte le Raifteirí agus George Moore chomh maith le húdair an lae inniu – Mike McCormack, Sally Rooney, Elizabeth Reapy, Eimear MacBride agus daoine nach iad – a bhfuil duaiseanna bronnta ar chuid mhór acu as a gcuid saothair.