Skip to main content
Cruinniu na nOg 2018 'Mr Everybody'. Photo Credit Clare Keogh

An obair a dhéanaimid

Tugann muid tacaíocht chun go mbeidh an cultúr agus an chruthaitheacht ina ngnáthchuid den saol, den phobal agus den sochaí.

Ceann de na buntáistí móra a bhaineann le hÉire Ildánach ná go bhfuil gá go mbeadh muid cruthaitheach i ngach rud a dhéanann muid, go mbeadh muid báite sa rud a bhfuil muid ag tacú leis. Ciallaíonn sé sin go ngríosaíonn muid muid féin agus daoine eile smaoineamh ar bhealaí éagsúla, rudaí a thriail, a bheith nuálach agus dírithe ar réitigh. I mbeagán focal, baineann muid taitneamh as a bheith cruthaitheach agus a chur ar chumas daoine eile a bheith cruthaitheach chomh maith, agus tá luach ann dúinn.

  • Bíonn muid ag obair ar fud an Rialtais agus ar fud na sochaí sibhialta d’fhonn tuiscint maidir leis an luach agus an tábhacht a bhaineann le cruthaíocht agus folláine a chur chun cinn.
  • Baineann muid leas as na tionscnaimh beartais atá ann faoi láthair agus déanann muid tionscnaimh beartais nua a fhorbairt chun tionchar ceart agus buan ar shaol na ndaoine agus na bpobal a chinntiú.
  • Déanann muid comhpháirtíocht straitéiseach agus gréasáin a fhorbairt ar fud an rialtais áitiúil agus náisiúnta.
  • Tacaíonn muid le páirtithe tionscail agus earnála d’fhonn tionscnaimh nua a fhorbairt agus d’fhonn tacú le nuálaíocht i gcruthaitheacht, folláine agus i dtionscail chruthaitheachta.
  • Oibríonn muid i gcomhar le hearnálacha d’fhonn bealaí nua chun smaoineamh faoi chruthaíocht agus folláine a spreagadh.
  • Coimisiúnaímid taighde agus cuireann muid anailís agus tuairimí ar fáil ar an luach agus ar an tionchar atá ag cultúr agus cruthaíocht chun tacú le beartas poiblí agus cur leis.

Creative Youth Plan | Investing in the Future

Stay up to date

×