Tugann muid tacaíocht chun go mbeidh an cultúr agus an chruthaitheacht ina ngnáthchuid den saol, den phobal agus den sochaí.
Ceann de na buntáistí móra a bhaineann le hÉire Ildánach ná go bhfuil gá go mbeadh muid cruthaitheach i ngach rud a dhéanann muid, go mbeadh muid báite sa rud a bhfuil muid ag tacú leis. Ciallaíonn sé sin go ngríosaíonn muid muid féin agus daoine eile smaoineamh ar bhealaí éagsúla, rudaí a thriail, a bheith nuálach agus dírithe ar réitigh. I mbeagán focal, baineann muid taitneamh as a bheith cruthaitheach agus a chur ar chumas daoine eile a bheith cruthaitheach chomh maith, agus tá luach ann dúinn.
- Bíonn muid ag obair ar fud an Rialtais agus ar fud na sochaí sibhialta d’fhonn tuiscint maidir leis an luach agus an tábhacht a bhaineann le cruthaíocht agus folláine a chur chun cinn.
- Baineann muid leas as na tionscnaimh beartais atá ann faoi láthair agus déanann muid tionscnaimh beartais nua a fhorbairt chun tionchar ceart agus buan ar shaol na ndaoine agus na bpobal a chinntiú.
- Déanann muid comhpháirtíocht straitéiseach agus gréasáin a fhorbairt ar fud an rialtais áitiúil agus náisiúnta.
- Tacaíonn muid le páirtithe tionscail agus earnála d’fhonn tionscnaimh nua a fhorbairt agus d’fhonn tacú le nuálaíocht i gcruthaitheacht, folláine agus i dtionscail chruthaitheachta.
- Oibríonn muid i gcomhar le hearnálacha d’fhonn bealaí nua chun smaoineamh faoi chruthaíocht agus folláine a spreagadh.
- Coimisiúnaímid taighde agus cuireann muid anailís agus tuairimí ar fáil ar an luach agus ar an tionchar atá ag cultúr agus cruthaíocht chun tacú le beartas poiblí agus cur leis.