Skip to main content
Monaghan

Muineachán

Is mór an aird a tharraing taobh tíre na ndroimníní i Muineacháin a cheapadh le ciseán uibheacha – ciseán atá lán go béal agus na cnocáin mhaola le feiceáil go bun na spéire i ngach ceard. Agus níl aon droimnín nach bhfuil beartaíocht cultúir de shaghas éigin ag gabháil leis. Bíonn feiseanna agus féilte ar fud an chontae, ceol, ealaín, ceardaíocht, damhsa, drámaíocht agus scannánaíocht mar ábhar spéise le gach ceann acu. Déantar ceiliúradh le cuid mhór imeachtaí ar ghnéithe den oidhreacht, den stair agus den taobh tíre, bunaithe thart ar na lochanna, na portaigh agus na seaneastáit atá suite idir na droimníní céanna seo.

Tá cnocáin Chontae Mhuineacháin beo leis an gcruthaitheacht agus leis an gcultúr, bíogtha agus ceangailte leis an saol mór inár dtimpeall. Ní haon áibhéil a áitiú go bhféadfadh tráth ar bith gur i Muineacháin is líonmhaire scríbhneoirí, péintéirí agus dealbhóirí i mbun saothair ar fud chontaetha na hÉireann, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Is mar gheall ar Ionad Tyrone Guthrie sin in aice le Cúil Darach, a bhfuil cónaí go sealadach ann ón mbliain 1981 i leith ar na mílte ealaíontóir, as Éirinn agus tíortha thar lear. Idir sin agus Ionad an Chaomhánaigh, agus dhá amharclann den scoth (Iontas agus The Garage), déantar cuid mhór beartaíocht ealaíne i Muineachán, idir ábhar a chruthaítear sa chontae agus ábhar thar teorainn isteach. Tríd an gclár Éire Ildánach i gContae Mhuineacháin, féachtar le tionscnaimh éagsúla a chothú a thagann leis an gclár Éire Ildánach go náisiúnta. Is mian linn a chur ar chumas mhuintir an chontae taitneamh a bhaint as cúrsaí ealaíne agus cultúir ar leic an dorais acu féin, soirbhiú don teacht ar fhoghlaim na cruthaitheachta agus an chomhair agus a bheith ar chontae inar féidir le lucht ealaíne agus cruthaitheachta a theacht i mbláth a maitheasa agus cion tairbhe a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí trí bheartaíocht cultúir agus cruthaitheachta a chur i gcroílár an phobail.

Image ALT text

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Deirdriu McQuaid

Comhordaitheoir Éire Ildánach / Leabharlannaí Contae

Teagmháil

Audrey Wilson

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Robert Burns

Príomhfheidhmeannach

Teagmháil

Somhairle MacConghail

Oifigeach Ealaíon

Teagmháil

Laura Carey

Leabharlannaí

Teagmháil

Liam Bradley

Coimeádaí Músaeim

Teagmháil

Dympna Condra

Oifigeach Turasóireachta

Teagmháil

Darren McCreesh

Bainisteoir, Ionad Patrick Kavanagh

Teagmháil

Olga McConnon

Stiúrthóir Gníomhach

Teagmháil

Jamie Nolan

Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide

Teagmháil

Barry Eaton

Riarachán Oifigeach - Aoisbhá agus Ionchuimsiú Sóisialta

Teagmháil

Joanne Brennan

Na hEalaíona Áitiúla i gComhpháirtíocht Oideachais

Teagmháil

Maire Cullinan

Pleanálaí Feidhmiúcháin/Comhordaitheoir Geilleagrach

Teagmháil

John McArdle

Oifigeach Leathanbhanda

Teagmháil

Patricia McCreesh

Oifigeach Bithéagsúlachta

Teagmháil

Alan Ryan

Comhordaitheoir Comhpháirtíochta Óige Ildánach

Teagmháil

Maggie Maguire

Comhordaitheoir Music Generation

Teagmháil

Ár Straitéis

CI_CCS_G_Monaghan_Screen_AW-2.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×