Skip to main content
Katherine Zesserson, Wicklow

Cill Mhantáin

Is minic a luaitear le Contae Chill Mhantáin gur ann atá garraí na hÉireann mar gheall ar a bhfuil den chultúr agus den oidhreacht ag baint leis an taobh tíre ann. Tá ilghnéitheacht ag rith leis an gcontae ó thaobh na topagrafaíochta de, le sléibhte, réimsí cósta, coillearnach, bogach agus ionaid oidhreachta ón ré ársa i leith. I bhfianaise a mbíonn de thairbhe as an oidhreacht cultúir sin maidir le saol an uile dhuine sa chontae, tá creat láidir curtha i dtreis ag Comhairle Chontae Chill Mhantáin maidir le seirbhísí cultúir a chur ar fáil ionas go dtugtar réimsí éagsúla chun cinn, mar shampla, ailtireacht, turasóireacht, pleanáil uirbeach agus pleanáil tuaithe, an fearann poiblí, agus forbairt shóisialta, pobail agus eacnamaíochta.

Tuigtear don Chomhairle an fiúntas atá leis an gcruthaitheacht mar chuid de na seirbhísí cultúir a chuirtear ar fáil agus, tríd an gclár Éire Ildánach, tá de chuspóir ag an gComhairle an comhar páirtnéireachta a chothú agus cur leis na deiseanna atá ag an bpobal i gcomharsanachtaí éagsúla ar fud Chill Mhantáin dul i ngleic lena n-oidhreacht cultúir ar bhealaí atá nua, ardaidhmeach, bríomhar.

Tá cónaí i gCill Mhantáin ar phobal bisiúil ealaíontóirí agus daoine eile den aos dána a chleachtann saothar i réimse leathan de mheáin éagsúla. Tá cuid mhór curtha i gcrích sa chontae ó bunaíodh an Oifig Ealaíon d'fhonn treisiú go háitiúil leis an bhfiúntas agus leis an tairbhe atá as cleachtadh na healaíne ar leibhéal ardaidhme agus as rannpháirtíocht inti. Tá creatchóras láidir ar bun faoin tráth seo trína gcuirtear bonn daingean faoi ról na healaíne san fhorbairt ar chomharsanachtaí ina mbíonn muintir an phobail tréitheach cruthaitheach.

Cuireann an clár Éire Ildánach ar ár gcumas treabhadh chun cinn le breis díocais agus le hinfheistíocht airgid a chuirfidh le saol an chultúir sa chontae ar bhealaí nua bunaithe ar an mbunchóras daingean atá ar bun cheana féin. Is léir buntáiste agus tairbhe dáiríre á chruthú ar an gcaoi sin maidir le dea-bhail agus bisiúlacht an chontae agus leanfaidh Éire Ildánach i gContae Chill Mhantáin ag treisiú leis an lón taithí agus léargais a gnóthaíodh ón gcéad chlár faoi Éire Ildánach i gContae Chill Mhantáin sa bhliain 2017.

Image ALT text

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Jenny Sherwin

Comhordaitheoir Éire Ildánach

Teagmháil

Marlena Murphy

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Michael Nicholson

Stiúrthóir

Teagmháil

Vibeke Delahunt

Coimisinéir Scannán/Oifigeach Fiontraíochta

Teagmháil

Deirdre Burns

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Ár Straitéis

The vision for Wicklow’s Creative Ireland Programme is to embed creativity into the heart of communities across the county; increasing the capacity and confidence of all to bring creativity and innovation to their lives, thus enriching the social, economic and cultural life of County Wicklow. ...

This programme will support creativity in the community by forging links and collaborations between the arts, film, heritage, libraries and archives, in both non-professional and professional spheres. The spirit of this strategy is to challenge the barriers to participation that may exist or arise, whether they are financial, geographical, and societal or other access barriers relating to perception and attitude. Wicklow’s strategy will explore the potential for engaging with the arts, heritage and creative practitioners in new and non-traditional settings. Participation and access are central to the vision. Connecting artists and other creators to communities is also regarded as essential to realising the vision.

CI_CCS_G_Wicklow_V1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×