Is ábhar mórtais ag Éire Ildánach, chomh maith le Ciste Pobail Staid Aviva agus an Wild Apple Press, go rabhthas páirteach i dtogra suntasach maidir le haistriú inniúlachta sa Mhúsaem Náisiúnta Cló “Making our Impression”.
Is bailiúchán ann féin an ceann atá sa Mhúsaem Náisiúnta Cló lena mbaineann trealamh priontála brúchló, a oibríonn, arna chur ar taispeáint mar a bheadh in ionad cló den seanchineál i rith na 1960idí. Tá ról lárnach i gcónaí ag an bpainéal seanchlódóirí agus cló-eagraithe a chuir an Músaem ar bun maidir leis an mbailiúchán agus an cheird a chaomhnú. Is ábhar mór dúshláin atá san eolas agus sna scileanna atá acusan a chaomhnú agus a chur ar aghaidh chuig glúnta níos óige.
Togra nuálaíochta “Making our Impression” trínar féachadh leis an lucht airdill ab fhorleithne ab fhéidir a chothú maidir le hoidhreacht clódóireachta na tíre a chaomhnú. Thug an clár aistriú inniúlachta deis do phainéal seanchlódóirí agus cló-eagraithe an Mhúsaeim a gcuid saineolais agus scileanna a thabhairt do dhreamanna óga dearthóireachta agus clódóireachta a bhfuil geallta acu an cheird a thabhairt do dhaoine eile chomh maith.