“Gach maidin, scríobhann leanaí bunscoile scéalta nua iontacha. Stóráiltear iad uile inár leabharlann (na scéalta, ní na páistí!)”.
Tá fís shimplí ag Fighting Words – chun deis a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga (mar aon le daoine fásta nach raibh an deis acu mar leanaí) cumhacht a gcuid samhlaíochta agus scileanna scríbhneoireachta cruthaithí féin a fháil amach agus leas a bhaint aisti.
Baineann Fighting Words le rud éigin i bhfad níos leithne agus níos uilechuimsithí chomh maith – ag baint úsáide as scríbhneoireacht chruthaitheach agus scéalaíocht chun ár leanaí agus ár ndéagóirí a neartú le bheith ina gcruthaitheoirí athléimneacha, cruthaitheacha agus rathúla ina saolta féin. Bíonn tionchar dearfach ag an bplé seo ar a bhforbairt phearsanta, shóisialta agus acadúil – rud a fhágann go mbeidh leibhéil rannpháirtíochta méadaithe ní amháin leis an scríbhneoireacht chruthaitheach ach leis an eispéireas scoile ina iomláine, agus lena chéile chomh maith.
Sa chéad 10 mbliana tar éis do Roddy Doyle agus Seán Love Fighting Words a bhunú in 2009 – bhí Fighting Words in ann teagascóireacht, meantóireacht agus foilsiú saor in aisce i scríbhneoireacht chruthaitheach a sholáthar do níos mó ná 120,000 páiste agus duine óg. Ó shin i leith, chuaigh Éire Ildánach i gcomhar le Fighting Words chun líon na ndaoine seo a mhéadú arís – go dtí daoine i mbeagnach gach cearn den tír, ag cinntiú ar an gcaoi sin go bhfaigheann níos mó páistí agus daoine óga an deis a bheith ina n-údair.