3/10/23
Cad atá ar siúl i do phobal? Bailiúchán imeachtaí an fhómhair
Tá liostaí na n-imeachtaí scrúdaithe againne ionas nach gá duitse sin a dhéanamh.
3/10/23
Tá liostaí na n-imeachtaí scrúdaithe againne ionas nach gá duitse sin a dhéanamh.
Tosaíonn an duilliúr ag feo, tagann athrú ar an gclár imeachtaí áitiúil. Tá féilte bríomhara an fhómhair linn, mar atá an teacht le chéile socair sa chomharsanacht. Tá ábhar spéise don uile dhuine á chur ar siúl an séasúr seo romhainn.
Nár mhaith leat spraoi cruthaitheachta i rith an tséasúir seo romhainn?
Féach an rogha seo d’imeachtaí éagsúla as áiteanna ar fud na hÉireann agus bí ullamh don fhómhar spleodrach i do cheantar féin.
CÚIGE ULADH
Co. an Chabháin
Leabhar ealaíne á seoladh: Orwin and Sebana – an 5 Deireadh Fómhair in óstán an Crover House.
Co. Dhún na nGall
MÁM le Teach Damhsa, cur i láthair de chineál nua ina dtarlaíonn cumasc idir an nós traidisiúnta agus nós na linne seo. Leis an gceoltóir traidisiúnta Cormac Begley ar an gconsairtín ! An 8 agus an 9 Samhain.
Co. Mhuineacháin
Tradoodle, féile shainiúil Mhuineacháin maidir leis na healaíona traidisiúnta do dhaoine óga.
CÚIGE CHONNACHT
Co. na Gaillimhe
Around the House and Mind the Dresser, imeachtaí saor in aisce mar chuid de Léamh Mór na Gaillimhe. Ón 2 Deireadh Fómhair go dtí an 26 Samhain i Leabharlanna na Gaillimhe.
Co. Mhaigh Eo
Castlebar Comic Festival, iontach ar fad ag daoine ar breá leo greannáin agus úrscéalta grafaice. Ar siúl go dtí an 7 Deireadh Fómhair.
CÚIGE LAIGHEAN
Co. Cheatharlach
Tionscadail Lásadóireacht na Buiríse sna Scoileanna. Ceangal á nascadh idir daoine óga agus nósanna an cheantair. Ar siúl go dtí deireadh mhí na Samhna.
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin
dlr Yarnspinners: Ciorcal Scéalaíochta do Dhaoine Fásta. An tríú Céadaoin den mhí in dlr LexIcon.
Co. Chill Chainnigh
Féile Bookville, an 12-18 Deireadh Fómhair, le roinnt de na scríbhneoirí & de na maisitheoirí leabhair do leanaí is fearr in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Réimse iomlán imeachtaí don teaghlach ar fad.
Co. an Longfoirt
Féile Scannánaíochta Still Voices, an 15-19 Samhain. Féile áitiúil ag a léirítear an chuid is fearr ar domhan de sheánra na ngearrscannán.
Co. Lú
Féile Eolaíochta Lú, scrúdaítear iontais na heolaíochta agus na teicneolaíochta i ngnáthshaol an duine. Le béim faoi leith i mbliana ar an eolaíocht a bhaineann leis an aeráid agus ar sheifteanna cruthaitheacha ina leith. An 6-23 Samhain.
Co. na Mí
Féile Bia na Samhna. Féile agus féasta i mbaile oidhreachta Cheannanais. Ceiliúradh ar 5,000 bliain de bhia agus de chultúr na hÉireann. An 2-5 Samhain.
Co. Uíbh Fhailí
Taispeántas tumthach ar thalamh portaigh ar siúl i gCaisleán Bhiorra. Léargas iontach ar an mbithéagsúlacht i dtalamh portaigh agus bogaigh na hÉireann, ar siúl go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
Co. Bhaile Átha Cliath Theas
An seó Café Visionaire le Doors to Elsewhere, an compántas amharclannaíochta ilchuimsitheachta do dhaoine fásta i ndeisceart Bhaile Átha Cliath atá faoi mhícumas intleachta. An 23 Samhain in óstán an Maldron Hotel.
Co. Chill Mhantáin
Féile Litríochta Way With Words, an 10-14 Deireadh Fómhair. Aithriseoireacht, ceardlanna, comhrá poiblí agus imeachtaí eile do scríbhneoirí agus do léitheoirí, idir shean agus óg, le haird ar sheánraí éagsúla agus ar mhodhanna agus stíleanna éagsúla scríbhneoireachta.
CÚIGE MUMHAN
Co. an Chláir
Féile dhá lá Cheol na nDaoine, Music Generation an Chláir – an 28 agus an 29 Deireadh Fómhair. Ceardlanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí!
Cathair Chorcaí
Babhtáil Ceamaraí Malla, tugtar deis ar cheamaraí nach ceamaraí digiteacha atá furasta a úsáid. Ar siúl go deireadh na bliana 2023.
Co. Chorcaí
Soilse na Samhna, ceardlanna agus mórshiúl chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh shéasúr an fhómhair.
Co. Chiarraí
Tabhair cuairt ar mhúrphictiúr i mBéal Átha Druibín a rinne daoine óga an cheantair le ceiliúradh a dhéanamh ar a n-áit féin.
Co. Luimnigh
Sraith Ceolchoirmeacha an Fhómhair, Caisleán Uí Chonaill, arna eagrú ag Oifig Ealaíon Luimnigh. Amach go deireadh mhí na Samhna i Séipéal na Naomh Uile.
Co. Thiobraid Árann
Féile Litríochta Dhrom Inbhir & an Aonaigh, ceiliúradh 20 bliain le clár iontach imeachtaí an 5 go dtí an 8 Deireadh Fómhair.
Co. Phort Láirge
The Hill @Halloween, seó spleodrach Oíche Shamhna ag cnoc Bhaile Bhricín. Arna chruthú ag ealaíontóirí, ceoltóirí, teicneoirí, scoileanna agus grúpaí pobail na háite agus arna léiriú ag Spraoi Phort Láirge, Every Event agus Comhairle Chontae agus Cathrach Phort Láirge.
Níl anseo ach sampla de na himeachtaí iontacha atá ar siúl ar fud na hÉireann i rith an fhómhair. Más mian leat níos mó a fheiceáil, cliceáil anseo agus faigh amach cad é atá ar siúl i do cheantar féin.
Stay up to date
×