Déantar iniúchadh ar an ábhar sin i gclár faisnéise atá ina oscailt súl ‘Junk Kouture – Waking the Muse.’ Rinne an Clár Ildánach agus Junk Kouture, an clár faisnéise seo a choimisiúnú agus ba é an scannánóir óg Éireannach Seán Treacy (17), a bhfuil gradaim buaite aige agus Comhordaitheoir Léiriúcháin Junk Kouture Órla Morris Toolen (21) a stiúir agus a léirigh é.
Is é Junk Kouture an comórtas faisin athchúrsáilte is mó ar domhan do dhaoine óga, áit a ndéanann daoine cruthaitheacha cumasacha as gach cearn d’Éirinn éadaí dochreidte a dhearadh, a chruthú agus a thaispeáint gach bliain agus iad déanta go hiomlán as ábhair atá athchúrsáilte.
Leanann an clár faisnéise trí alumni spreagúil de chuid Junk Kouture nuair a thugtar dúshlán dóibh oibriú le chéile chun ensemble uathúil a dhearadh, a aimsiú agus a chruthú agus mainicíneacht a dhéanamh air i Nua-Eabhrac do Sheachtain Aeráide NYC 2021, ar a raibh Junk Kouture ina chomhpháirtí Beo Inbhuanaithe. Agus iad ag taispeáint an chaoi ar fhorbair siad mar dhearthóirí de bharr a dtaithí le Junk Kouture, léirigh an comhoibriú eatarthu freisin an bealach ar féidir éiteas inbhuanaitheachta an chomórtais a chomhtháthú le saol an fhaisin.
Tugann an triúr, Niamh Porter (24), Cian Newman (20) agus Techinee Nawiang (19), le fios sa chlár faisnéise go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le turas Junk Kouture ná comórtas faisin. Rud an-luachmhar go deo a bhí ann don triúr cumasach seo, idir a fháil amach go raibh acmhainneacht chruthaitheach acu nár baineadh leas as go fóill agus lorg uathúil a fhágáil in áit nua, nach raibh cur amach acu air cheana.