An Tionscadal Áitiúil – beidh Lauren Guillery, Seaside Squirrel Sustainable Craft Business, agus Siobhán Clancy, Comhordaitheoir Ealaíon Pobail, Comhairle Cathrach Chorcaí, ag plé KinShip – Obair Ealaíne Seala Ama i bPáirc Ghleann na Trá Móire.

Beidh an ócáid KinShip ar siúl i bPáirc Ghleann na Trá Móire faoi cheannas na n-ealaíontóirí Lennon, Taylor (Marilyn Lennon and Seán Taylor), i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Chorcaí. Is é an aidhm atá leis an Tionscadal KinShip ná nasc muintearais a fhorbairt idir an pobal agus a bpáirc, ag spreagadh daoine chun déileáil leis an bpáirc amhail is gur síneadh lena dteaghlach féin atá inti.
Déanfar plé tar éis an dá chur i láthair.