Tá Tess agus Sharon i mbun na n-amhrán seo go léir a bhailiú le chéile agus a roinnt i bhfoirm ‘Leabhar Amhrán Mhúsaem na nAmhrán’. San áireamh sa leabhar seo beidh amhráin ar nós an t-amhrán chorraitheach ‘This is My Homeland’ a roinn Mary as an Sciobairín agus dúirt sí faoin amhrán “cuireann an t-amhrán seo an-áthas orm mar tá sé ag teacht abhaile go dtí an áit ar rugadh é. Tá sé ag filleadh. ”
“The lights of London are far behind,
My thoughts of homeland are crowding my mind,
Familiar places come into view,
I see my home now, soon I’ll see you.”
Tá an tionscadal seo mar chuid de Chlár Ealaíon agus Sláinte in Iarthar Chorcaí agus ní fhéadfaí é a bhaint amach murach na cónaitheoirí agus foireann an ospidéil phobail a chuaigh i mbun oibre le machnamh agus cúram ollmhór in imthosca deacra. Cinnteoidh tacaíocht ó Chlár Éire Ildánach go leathnófar an tionscadal taibhseach seo chun cónaitheoirí sna Four Valleys i mBeanntraí agus ar Inis Arcáin, Cléire, An tOileán Mór, Heir, Ceann Baoi, Faoide agus An tOileán Fada a chuimsiú.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an gClár Comhpháirtíochta Ealaíon do Shláinte tabhair cuairt ar artsforhealthwestcork.com