Anois go bhfuil níos mó áiseanna mar seo ar fáil agus ag feidhmiú, is é an t-aon bhac atá ar chruthú na bpodchraolta ná an t-ábhar féin. Labhair muid le triúr cruthaitheoirí podchraolta Éireannacha faoin aoibhneas agus na dúshláin a bhaineann leis agus an fáth gur léiriú cruthaitheach fíor-uathúil é dóibhsean.
Chruthaigh Dave Hanratty an podchraoladh ceoil NO ENCORE in 2016 agus i rith breis agus 20 eipeasóid tá sé tar éis cuid den dream is mó le rá i saol an cheoil in Éirinn, lena n-áirítear Dermot Kennedy agus Villagers, a chur faoi agallamh.
“Sílim go bhfuil sé féaráilte a rá go bhfuil ‘tá podchraoladh agam’ anois tagtha in ionad ‘Tá úrscéal á scríobh agam’ mar cliche a déarfá nó a chloisfeá in 2020 agus cinnte le cúpla bliain anuas, ach baineann sé sin go dtí pointe le chomh machnamhach, coitianta agus bailí atá sé mar léiriú cruthaitheach.
Thosaigh NO ENCORE amach mar bhealach a thug cead do thriúr iriseoirí ceoil, a raibh frustrachas orthu, labhairt amach go hoscailte saor ó lancaisí agus leanúint ar aghaidh uaidh sin, go bunúsach. Anois, smaoiním air mar mo thríú banna – níor éirigh leis an gcéad dá cheann, faraor – sa mhéid is go bhfuil sé thar a bheith neamhspleách, go n-airím go minic gur obair atá ann, go mbraithim scaití gur beagán de chur ama atá ann agus go bhfuil sé ar nós dá mbeifeá dod chaitheamh féin isteach arís agus arís eile i bhfolús mór, ach airíonn sé freisin ar nós rud inláimhsithe a bhfuil tábhacht ag baint leis i ndáiríre, fiú mura bhfuil ann ach go bhfuil sé tábhachtach duitse agus do phobal pearsanta a gcloiseann tú uathu ó uair go chéile.
An bhfuil mé á dhéanamh sa gcaoi is go bhfuil sé diúltach? Mo leithscéal. Is dóigh liom gurb é an rud atá mé ag iarraidh a rá ná, ar nós aon obair chruthaitheach eile, gur gá a bheith tiomanta agus bíonn sé deacair breithiúnas a thabhairt ar an bhfuil rud ‘rathúil’ nó nach bhfuil, nó an é sin fiú an bealach ceart le breathnú air. Tá Éire lom lán de phearsantachtaí, go leor acu anois le micreafón ina mbois gach seachtain, ach is rud deacair fós féin é urraíocht, maoiniú agus aird fhiúntach a fháil don phodchraoladh. N’fheadar an ndúnfaidh an tír seo an bhearna seo agus mise fós ag óstáil podchraoladh.
Ó sea, an rud seo ar fad faoi bheith ag ‘óstáil’. Le bheith ionraic, is breá liom é.
Is breá liom spás a bheith agam ina dtéim i mbun díospóireachta go gnaíúil – agus tá súil agam go deisbhéalach- faoin gceol, rud atá ina riachtanas daonna domsa agus do go leor daoine eile ar fud an domhain, chomh maith le go dtugann sé éirí croí iontach dom. Is breá liom agallaimh a óstáil nuair nach gá dom iad a thras-scríobh ina dhiaidh sin. Is breá liom an neasacht sin a bhaineann le bheith i láthair ar feadh nóiméid ar leith ina dtarlaíonn go bhfuil trealamh taifeadta ann freisin. Is breá liom gur thaistil NO ENCORE an domhan go litriúil le daoine a d’inis scéalta dom faoi bheith i bhfad ó bhaile in áiteanna nár chuala mé trácht riamh orthu, ag éisteacht linn mar bhealach le go mbraithfidís ceangailte leis an áit as ar tháinig siad ar an gcéad dul síos.
Is breá liom ceisteanna a chur. Is breá liom freagraí na gceisteanna sin a chloisteáil. Is breá liom comhrá ceart.”