Sandra Oman, Soprán, ag canadh ag Ceolchoirm Covid ag Teach Altranais Chárthaigh Naofa i Lios Mór, Co. Phort Láirge. Grianghraf: Patrick Browne
Deir Gerald Peregrine, stiúrthóir agus bunaitheoir Mobile Music Machine “Má tá tairbhe ar bith a tháinig de bharr na paindéime, tá aird ar an ngéarghá atá le caidreamh a dhéanamh níos seasta rialta leis na daoine is mó atá ar an iargúil. Trí chuairteanna agus athchuairteanna leis na coirmeacha ceoil, tá súil againne cairdeas dlúth a cheangal go buan leis na daoine a bhfuil cónaí orthu in árais cúraim ar fud na tíre. Dúirt cuid mhór linn gur ábhar iontais dóibh ceoltóirí chomh maith a theacht ar cuairt ar an áras ina bhfuil siad ach is mian linne go mbeadh sin ina ghnáthrud feasta. Is léiriú na Ceolchoirmeacha Covid ar an dúthracht leanúnach maidir leis an bpobal go háitiúil agus táthar buíoch den chlár Éire Ildánach agus de na húdaráis áitiúla éagsúla a chuidigh linn an tionscnamh buntábhachtach seo a chur ar siúl”.
Tuairiscíonn Gerald “Tá ar tharla maidir le haon bhean amháin ina léargas ar an tionscnamh ar fad. Tá sí 92 bliain d’aois agus bhí trí seachtaine caite ar an leaba aici sular tháinig an cheolchoirm i mí Meithimh. D’éirigh leis an lucht cúraim í a mhealladh as an leaba gur ghléas sí í féin agus gur tháinig sí amach taobh amuigh. Bhí an-spéis aici i gceol ar feadh a saoil agus d’inis sí dúinn nach raibh aon súil aici le deis an ceangal sin a bhrath arís. Ba léir an t-athrú a tháinig ar a meon agus deir sí gur fada léi go mbítear ar ais leis an gcéad cheolchoirm eile!“.
Mar a chéile le hárais cúraim ar fud na tíre, tá míonna fada imní agus eagla curtha isteach ag daoine i HavenWood. Deir Regina Power, Ceannasaí Altrachta i HavenWood, go gcuidíonn an ceol beo le daoine a shuaimhniú agus an strus a scaipeadh. “Nuair a thosaigh Covid in Éirinn i mí Márta, ní raibh a fhios cad a bhí amach romhainn. Dúnadh na doirse ar an 6 Márta. Céadaoin na seachtaine sin, bhí gnáthlá ag gach duine, gaolta agus cairde istigh ar cuairt. Déardaoin, bhí orainn dul timpeall ag míniú faoin dianghlasáil, go mbeadh orainn tosú ar chaidreamh a dhéanamh ar iPads nó ar an fón. Níl dabht faoi, bhí sé an-deacair orthu,” ar sise. “Níl aon rud níos fearr ná ceol beo, an bhfuil?” a bhí d’aguisín aici leis an gcuntas.
Bhain Peggy Dunphy agus Bernie Quinn, a bhfuil cónaí orthu in áras cúraim HavenWood sásamh as an gceolchoirm. Deir Peggy Dunphy go gcoinníonn ceol beo “draíocht sa saol“. I gcás Bernie Quinn, is caitheamh aimsire an ceol a chuidigh léi cur suas leis an dianghlasáil, “Tá an ceol mar a bheadh sé do mo thabhairt i saol eile uilig“.