I gCorcaigh, chuir Ardú Street Art Project sárthaispeántas ar fáil ina raibh ealaín sráide áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar mhuintir na cathrach. Cuireadh ardán a raibh an-tionchar aige ar fáil do phéintéirí múrmhaisithe ar thaobhanna agus ar bheanna na bhfoirgneamh in áiteanna feiceálacha ar fud na cathrach. Tá sé mar aidhm ag Ardú an ealaín sráide a dhéanamh níos inrochtana don phobal trí idirphlé, ceardlanna agus turais, ionas go mbeidh ar deireadh thiar, níos mó measa air.
Cé go bhfuil an t-ealaíontóir Conor Harrington, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, lonnaithe i Londain is i gCorcaigh mar sin féin a rugadh é. Le haghaidh Ardú, chruthaigh Conchúr múrmhaisiú iontach ag an mbealach isteach chuig Páirc an Easpaig Lucey ar Shráid an Chapaill Bhuí, agus an Margadh Sasanach mar spreagadh aige.
Chruthaigh an t-ealaíontóir Friz, a rugadh i Sligeach, múrmhaisiú le haghaidh Ardú ag Bóthar Fhionnbharra. Taispeánann sé seo an Bandia Maorga Clíodhna agus fuair Friz spreagadh dá stíl ó mhósáicí i Séipéal Uí Eonáin agus ó ghloine daite Harry Clarke, atá molta go hard. I measc na n-ealaíontóirí eile a bhí rannpháirteach sa tionscadal bhí Shane O’Malley – a gcuireann a mhúrmhaisiú ildaite beocht i mBóthar Ghleann Maighir Íochtarach – agus Asbestos atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus a chruthaigh saothar tarraingteach dar teideal ‘What is Home?’ ar an bPríomhshráid Theas.
Tháinig múrmhaisiú Asbestos, a raibh an-ábhar machnaimh ann, sa seachtú háit san iris mhíosúil Street Art Cities‘ agus iad ag roghnú na 10 saothar ab fhearr ar fud an domhain do Dheireadh Fómhair. Comhartha suntasach aitheantais ón bpobal ealaíne sráide domhanda é seo.