Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Blúirí as Cín Lae. Scoláire Comhaltachta Gairmiúil de chuid Éire Ildánach/Fulbright, 2023/2024.

Scroll
min read

Blúirí as Cín Lae. Scoláire Comhaltachta Gairmiúil de chuid Éire Ildánach/Fulbright, 2023/2024.

min read

18/09/24

Blúirí as Cín Lae. Scoláire Comhaltachta Gairmiúil de chuid Éire Ildánach/Fulbright, 2023/2024.

Togra: Forbairt na Teoirice agus an Ghnáis Oibre maidir le Comhluadar Scríbhneoirí Óga de bhunadh Dhreamanna faoi Mhíbhuntáiste ag Ceardlann sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach. Láthair: Berkeley, California. Foras Fáilte: The National Writing Project Comhalta: Kevin Mc Dermott

The National Writing Project.

Fáiltítear romham don togra Fulbright sa National Writing Project (NWP), Berkeley, California. Ar University Avenue atá an oifig ag NWP. Déanann Tanya Baker, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, maoirseacht ar an obair i 160 ionad atá ceangailte leis an eagraíocht. Tá ceiliúradh ar siúl ag NWP ar 50 bliain ar an bhfód. B’fhear aislinge, Jim Gray, a chuir ar bun é. Bhí seisean ina léachtóir i Scoil an Oideachais i UC Berkeley. Bhí Gray go láidir den tuairim gur óna chéile is fearr a fhoghlaimíonn teagascóirí agus gur chóir gur scríbhneoir a bheadh i ngach teagascóir scríbhneoireachta. Chreid sé freisin gur chóir teagascóirí/scríbhneoirí a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar a ngnásanna oibre féin agus an t-ábhar léargais ón machnamh sin a scaipeadh ar a chéile. Chuir sé an Invitational Summer Institute (ISI) ar bun, gné lárnach den NWP anuas go dtí an lá atá inniu ann. Tagann teagascóirí scríbhneoireachta le chéile ag an scoil samhraidh sin, iad i mbun a gcuid scríbhneoireachta agus ag cur a bhfuil foghlamtha acu faoi mhúineadh na scríbhneoireachta in iúl dá chéile. Is í Hillary Walker, oide atá ceangailte leis an School of Education, Stiúrthóir an Bay Area ag NWP faoi láthair. Thug Hillary cuireadh domsa freastal ar an Institute.

Bhí an-cháil tugtha faoi deara agam ar an Invitational Summer Institute i bhfoilseacháin taighde. Ní athrú amháin a luaitear ach claochlú, athrú ó bhonn, go mion minic. Bíonn meascán ag an Institute idir scríbhneoireacht agus theagascóireacht agus cur i láthair maidir le saothar taighde. Bíonn grúpaí léitheoireachta ann, grúpaí scríbhneoireachta agus grúpaí sainspéise. Bíonn deis ag daoine saothar cruthaitheachta dá gcuid féin a chur i láthair. Bítear ag tnúth, ó thosach báire, go ndéanfaidh na rannpháirtithe scríbhneoireacht agus go gcuirfidh siad a bhfuil á shaothrú acu i láthair. Bíonn scríbhneoireacht phearsanta ar siúl agus déantar scríbhneoireacht ghairmiúil chomh maith. Tuigtear don uile dhuine go mbíonn an ceart agus an cóir, an chothromaíocht agus an soicheall á chothú ag an Institute. Bíonn béim ar fhéiniúlacht na muintire ionas go gcíorann daoine an mianach agus an dúchas atá ag baint leo ina scríbhneoirí agus ina léitheoirí. Bítear díocasach dúthrachtach – ó thaobh mothúcháin, intleachta agus aestéitice – agus díograiseach i mbun gach beart oibre a leagtar amach. Tugtar deis dúinn foghlaim óna chéile agus misneach a thabhairt dá chéile, gan ligean d’aon mhíshocracht an ceann is fearr a fháil orainn, ach labhairt amach, cluas a thabhairt dá chéile agus aird iomlán a thabhairt ar a bhfuil ar siúl. Ní fada, gan ach seisiún nó dhó caite, gur grúpa dlúth a bhíonn ann, díol spéise agus léargais san ábhar scríbhneoireachta, sa chur i láthair agus sa phlé stuama. Is géire an tuiscint agus is léire an smaointeoireacht tar éis phlé na gceisteanna. Déanann an Institute leas dom féin i mbun dréacht d’alt scoláireachta faoi ghnéithe eitice den scríbhneoireacht chruthaitheach maidir le daoine a mbítear ina gcomhluadar. Géaraítear ar mo thuiscint ar dhreamanna imeallaithe. Spreagtar mé le tosú ar shraith dánta faoin dream lena mbaineann duine, faoin gceangal atá i gceist agus faoin dúchas cultúir. Tarlaíonn san áit cheart mé le cur le mo chuid smaointeoireachta agus leis an ngnás oibre a bhaineann leis an gcomhluadar agus ceardlann scríbhneoirí cruthaitheachta. Go deimhin, tagann ceardlanna an ISI leis na prionsabail is dóigh liomsa a dtagann comhluadar den sórt sin faoina scáth.  Go bunchúiseach, tugann an Institute orainn smaoineamh, ar bhealaí éagsúla, ar dhá cheist fhorghinearálta, ‘Cé mar atá tú (i do scríbhneoir agus i do theagascóir)?’ agus ‘Cé mar a bheidh tú tráth is faide anonn?’ Sin iad an ceisteanna bunúsacha maidir le ceardlann ar bith sa scríbhneoireacht chruthaitheach má tá taithí na rannpháirtithe ar an saol á thabhairt san áireamh.

Seasmain, Féithleann agus Crónghiúis

Tá Berkeley suite idir cnoic Tilden National Park soir ó thuaidh agus réimsí farraige San Francisco Bay ar an gceann thiar. Nuair a tháinig mé i dtosach i lár mhí Márta, bhí an spéir glan gorm os cionn na cathrach. Ach is fuaire Márta anseo ná mar a tuigeadh domsa roimh ré – dofhuar ar maidin go mbíonn an ghrian ard sa spéir agus gaimh arís tráthnóna le gaoth i bhfarraige. Ina ainneoin sin, tá comharthaí i ngach áit go bhfuil sé ina earrach, bachlóga ag teacht ar na crainn, sceacha ar tí teacht faoi bhláth. Agus an tseasmain, an tseasmain go fada fairsing, is beag nach bhfuil plúchadh sa bholadh cumhra.

Is mó scalladh gréine ann le fad ar an lá san Aibreán ach bíonn gaimh sa ghaoth go fóill agus tarlaíonn ísliú teochta tobann go leor a d’fhéadfadh breith amuigh ar dhuine. Ní hiontas cótaí geimhridh agus caipíní olla á gcaitheamh acu sin atá gan dídean, dream nach gann sa cheantar seo.  De réir mar atá an tseasmain ag imeacht as radharc, tagann flúirse visteáiria faoi bhláth.

Tá crainn leis na sráideanna tithíochta. Is álainn iad nuair a thagann bláth ar an gcrann silíní i mí Bealtaine. Is cosúil an rós féithleannach ag fás i ngach gairdín, tá an gleorán go flúirseach agus dalladh na súl i bplandaí éan. Tá lán na súl ann freisin de bhláthanna agus do thoim nach n-aithnímse, cineálacha éagsúla cachtais, sumharáin, féir agus giolcaí.  Tagann an teas mór i mí Meithimh agus tá réimsí den fhiántas trí lasadh. I mo cheantar féin, tá boladh féithlinn ar fud na háite, mar a bhíodh boladh seasmaine tamall ó shin. Le fonn éalú ón teas, tugaim an doire crónghiúise orm féin atá crochta os cionn champas na hollscoile.

Treibh an Ohlone

I bpáirc náisiúnta Muir Woods, sna cnoic suas ó Sausalito, atá na crainn crónghiúise is mó díol suntais sa Bay Area. Níl sin níos mó ná fiche míle bealaigh as lár San Francisco. Tá na coillte seo dorcha, dubh, domhain. Tá sé ina chiúnas agus suaimhníonn d’anáil go mbíonn ag teacht lena bhfuil i do thimpeall. Fear caomhnúcháin an té, John Muir, a bhfuil a ainm le hómós dó ar an gcoill. Mar gheall ar a chuid oibresean i ndeireadh an 19ú céad agus i dtús an 20ú haois a bunaíodh an National Parks Service. Is spreagúil an saothar a scríobh sé ag trácht ar an dúlra. I measc na gcrann crónghiúise, cuirtear ag smaoineamh mé ar na daoine a mhair sa dúiche seo chomh fada leis na crainn féin. Treibh an Ohlone, dream dúchasach cheantar an Bay Area, fanann siad ar m’intinn. Ar fud champas Berkeley, tá comharthaí admhála ag géilleadh gur ar thailte threibh an Ohlone, tailte a bhain leo le sinsearacht agus nár ghéill siadsan, atá an ollscoil suite. Tráchtar san admháil maidir leis an talamh ar ‘indigenous sovereignty’.

Téim féin agus Mary, mo bhean, go Carmel-by-the-Sea agus tugaimid cuairt ansin ar Mission na Spáinneach. Is é an Mission fód adhlactha Junípero Serra, naomhphátrún California. Fear é Serra a raibh aisling aige, ach níorbh iad dream dúchasach na dúiche a mbeadh tairbhe acu as Utopia a chuid samhlaíochta. Tá uaigheanna siombalacha i ngairdín an Mission. Sin iad na leachta i gcuimhne na gcéadta daoine bundúchasacha a d’éag sa Mission. Ón tráth ar iompaigh duine bundúchasach ina Chaitliceach, bhí sé chomh maith a rá gur daortha ina sclábhaí a bhí. Tháinig galair de chuid na hEorpa ar chuid mhór. Brúdh an Spáinnis ar an iomlán. Rinneadh beag is fiú sa Mission dá seanmhodh maireachtála féin. Faoi lár an naoú céad déag, is beag a bhí fanta de phobal dúchais an Bay Area. Scéal dóite eile faoin gcoilíneachas. Bíonn tionscnaimh á rith maidir le healaíontóirí agus scríbhneoirí de bhunadh na mbundúchasach a thabhairt chun cinn, teangacha dúchais a athbheochan, cead cainte a thabhairt do dhream dúchais an réigiúin a díbríodh ar an imeall. Ábhar díomá amháin dom i rith mo thréimhse in Berkeley nach bhfuil Malcolm Margolin, atá leis na scórtha bliain ag cur gan sos ar son ealaín na mbundúchasach, ar fónamh agus é tar éis dul ar gcúl ón saol poiblí, cé go leanann sé féin agus The California Institute for Community, Art, and Nature, an eagraíocht a bhunaigh sé, den obair. Bíonn an California Native Ways Festival ar siúl i ndeireadh mhí Meithimh gach bliain in Berkeley. Tugann sin deis bualadh le healaíontóirí bundúchasacha agus a gcuid scéalta a chloisteáil. Agus ansin, iontas na n-iontas, ag an Native Ways Festival, cé a bheadh i láthair ach Malcolm, i gcathaoir rothaí, cuma na laige air, ach sásamh aige as bualadh leis na daoine. Tharla comhrá eadrainn a mhairfidh sa chuimhne.

An Ollscoil, an Campas, an Chathair agus Daoine gan Dídean 

Tá réimse fairsing faoi champas Berkeley a shíneann suas cnoic Berkeley. Tá crainn ársa cróghiúise ag fás ann agus sruthán ag rith trí lár an champais. Agus níl ganntanas ar bith chomh fada agus a bhaineann le hárais mhóra nuachlasaiceacha a tógadh le cistí flaithiúla arna mbronnadh ag daoine de lucht rachmais Mheiriceá. Tá an seomra léitheoireachta sa Doe Library geal aerach agus caithim cuid mhaith ama go sona suaimhneach ansin ag scríobh agus ag léitheoireacht.

Áit eile ar an gcampas ar mór mo tharraingt air is ea an Faculty Club. Is eiseamláir faoi leith sin de shaothar ailtireachta aigeanta rómánsach Bernard Maybeck, a tháinig faoi anáil stíl an Spanish Mission chomh maith le gnéithe de stíleanna Gotacha, Seapánacha, Ealaíne agus Ceardaíochta agus foirgnimh feirme na ndaoine a chumasc le chéile. Más ea féin, taobh amuigh den champas atá mórshaothar Maybeck, séipéal a tógadh don phobal Christian Science in Berkeley. Tá sin i bhfoisceacht cúpla nóiméad siúlóide den lóistín. Cúigear do phobal an tséipéil atá i láthair nuair a thagaimid, beagán luath, don chuairt ailtireachta. (Is féidir a bheith ar an imeall ar bhealaí éagsúla.) Maidir leis an bhfoirgneamh féin, scioból mór le gnéithe maisiúcháin i stíl na Seapáine, sa stíl Ghotach agus i stíl na Veinéise an tsamhail is fearr a thabharfadh beagán éigin de bhlas ar an áras álainn áirgiúil seo. Trasna an bhealaigh, tá áras brící dearga i stíl níos staidéartha, Scoil Diagachta na bPreisbitéireach, saothar de chuid Julia Morgan, an chéad bhean riamh a d’oibrigh ina hailtire in California, bean a d’fhoghlaim ó Maybeck agus a chaith blianta fada ag obair ar an Hearst Mansion i ndeisceart an stáit. Tá an dá áras iontacha seo suite ar choirnéal thoir thuaidh People’s Park, láthair suntasach ó thaobh chultúr Berkeley, an áit ar tharla an lucht feachtais a chur faoi chois gan trua ná trócaire le linn agóidí na mac léinn i ndeireadh na 1960aidí. Ba láthair thábhachtach People’s Park freisin maidir leis an Free Speech Movement, feachtas de chuid na mac léinn ag agairt go raibh de cheart dul i mbun bearta polaitíochta ar an gcampas agus go raibh saoirse cainte agus neamhspleáchas acadúlachta de cheart acu freisin. Agus seo á scríobh agam, ag teannadh le deireadh théarma an tsamhraidh, tá na mic léinn atá i mbun feachtais i bhfabhar sos cogaidh i nGaza, ag éileamh Saoirse Cainte agus ag agairt de réir oidhreacht na gluaiseachta sin. Tá an pháirc ina cnámh spairne faoi láthair, an ollscoil ag iarraidh tithíocht do mhic léinn agus tithíocht do lucht dídine a thógáil ann, an lucht agóide ag iarraidh go gcoinneofaí oscailte í ina spás poiblí. An 4 Eanáir, tháinig na céadta póilíní san adhmhaidin agus thug siad an lucht agóidíochta, agus daoine gan dídean a bhí ag campáil ann, chun bealaigh ionas go bhféadfaí balla teorann, déanta as coimeádáin loingis anuas ar a chéile, a chur suas. Is díol suntais / uafáis don tsúil é, le hoifigigh slándála ar dualgas go lánaimseartha ag gach coirnéal den pháirc. Léiriú beo atá ann ar an dénárthacht a ghabhann le istigh / amuigh, fáilte / díbirt, pribhléid / imeallú.

Tharla i gcomhluadar mé ó am go chéile le roinnt de na daoine gan dídean a chodlaíonn amuigh ar fud na cathrach. Ba é an scéal céanna é i ngach cás, fir aonaracha amach sna blianta. Bhí beirt acu a raibh cogar mogar seasta ar siúl acu leo féin, scéalta leanúnacha acu dóibh féin, nó sin mar a shílfeá, nó iad i mbun tráchtaireachta ar a raibh ag tarlú nóiméad i ndiaidh nóiméid ina saol féin. Bhí nuacht agus tionscantacht de thréithe lena gcuid scripteanna. Téim i mbun taighde agus faighim amach go raibh togra maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach do dhaoine óga gan dídean ar siúl sa chathair ach go ndeachaigh sin i dtraipisí mar gheall ar an bPaindéim. Bíodh sin mar atá, is i ndáil le comhthéacs teiripe roinnt den ábhar taighde is spéisiúla maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach agus an comhluadar. Bíonn béim mar a chéile ar an dá ghné, ar chúrsaí eitice maidir leis an gcomhthéacs agus ar chúrsaí aestéitice maidir leis an saothar a chruthaítear.

**

Daoine faoi leith

Thug an tréimhse in Berkeley deis dom a bheith i gcuideachta scríbhneoirí, daoine den aos léinn agus daoine den aos dána atá ag oibriú ar mhaithe leis an gceart agus an cóir agus an ilchuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn. Oibríonn cuid mhaith acu le dreamanna éagsúla imeallaithe, Meiriceánaigh Afracacha bochta, oibrithe imirce, mic léinn LADTA. Foghlaimím gur iomaí bealach ina dtarlaíonn imeallú sa tsochaí chasta, ilchiníoch, ilchultúrtha seo.

Tá Larry M. Bogad ina Ollamh le hAmharclannaíocht agus Damhsa i UC Davis agus ina stiúrthóir ar an Centre for Tactical Performance. Tá úsáid á baint le fada ag Larry as amharclannaíocht sráide agus as an aoir i bhfeachtais ar son chearta an duine, an ceartas sóisialta agus cúrsaí timpeallachta. Ar cheann dá chuid tograí faoi láthair, tá sé ag oibriú le hoibrithe talmhaíochta atá ar imirce as Meicsiceo. Tá mórshiúl ceiliúrtha á leagan amach acu in éineacht chun comóradh a dhéanamh ar a bhfuil curtha acu le cultúr agus le pobal na háite. Tá seisiúin scéalaíochta tábhachtach i gcuid mhór den obair ullmhúcháin, an lucht oibre ag cur a gcuid scéalta i láthair agus na scéalta ag dul i bhfeidhm ar an gcaoi a gcuirfidh siad iad féin in iúl san amharclannaíocht sráide. Tá smaointe á mbabhtáil againn faoina thábhachtaí atá an comhrá agus aird ar a bhfuil á rá agus faoi mhodhanna inar féidir dul ar aghaidh ón gcaint go dtí an taibhréim agus an scríbhneoireacht. Ó Larry a chloisim faoin Formerly Incarcerated People’s Performance Project (FIPPP), atá ar bun sa Berkeley Rep School of Theatre.

Mark McGoldrick duine de cheathrar atá ina stiúrthóirí ar FIPPP. Ón mbliain 2019 i leith, tá deis, mar gheall ar FIPPP, ag daoine a rinne seal i bpríosún scéalta a chur i dtoll a chéile faoin saol atá caite acu agus faoina dtuairim féin faoin saol sin agus na scéalta sin a chur i láthair. Bíonn scéalaíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach, gluaiseacht, aisteoireacht agus modhanna taibhréime i gceist leis an togra.

Téann cur i láthair trí cinn de na scéalta sa Berkeley Rep Theatre School i gcion agus i bhfeidhm orm. Tamall ina dhiaidh sin, tagaim féin agus Mark le chéile go bhfoghlaimeoidh mé níos mó faoin togra. Tá an bheirt againn ar aon intinn faoi chumhacht na scéalaíochta, faoin tábhacht atá le háit ag duine ina n-áirítear gur sábháilte scéalta a insint, agus faoin mbonn treise atá faoin duine aonair nuair a bhítear ceangailte le pobal cruthaitheachta. Creideann an bheirt againn freisin sa tairbhe atá le héisteacht, le haird a thabhairt ar an duine eile tráth scéalaíochta, sa tábhacht atá le héisteacht gan bhreithiúnas. I rith an chomhrá eadrainn, smaoiním ar an tuiscint nádúrtha a bhí ag go leor de na scéalaithe ar bhuail mé leo ar chruth an scéil, ar mheafar agus ar athrá, agus iad ag insint scéil, ar bhunghnéithe ealaín na litríochta agus na drámaíochta. Is neartú agus treisiú ar do chuid oibre féin an toradh ar a bheith tamall i gcuideachta Mark.

Chomh maith leis an spéis atá aige san amharclannaíocht agus i gcúrsaí taibhréime, rinne Mark fónamh ar feadh deich mbliana fichead agus níos mó ina Abhcóid Poiblí i dTeach Cúirte Contae Alameda in Oakland. Sa bhliain 1957, thosaigh an grianghrafadóir clúiteach, Dorothea Lange, ag coinneáil tuairisce ar an obair a rinne abhcóide poiblí ag obair as Teach Cúirte Contae Alameda. Sa tsraith Public Defender le Lange, tugann sí léi nádúr daonna na bpríosúnach a bhí á gcúiseamh agus a ndaoine muinteartha. Is follasach ón tsraith sin an éagothroime ó thaobh aicme agus cine in oibriú an chórais dlí agus cirt. Ba é a thaithí ar oibriú sa teach cúirte céanna sin ar thug Lange tuairisc faisnéise air a spreag Mark i mbun feachtasaíochta san amharclannaíocht. Tamall de sheachtainí sular bhuail mé le Mark, thug mé cuairt ar an Museum of California in Oakland go bhfeicfinn bailiúchán Lange.  In Oakland a bhí cónaí ar Lange agus bhronn sí a cartlann phearsanta ar an iarsmalann. Is ceangal beo le saothar an ghrianghrafadóra dom bualadh le Mark.

Bridging Officer teideal an phoist atá ag Julia McKeown san Othering and Belonging Institute i UC Berkeley. Rinne sise, in éineacht le Danez Smith, file, cúrsa sa scríbhneoireacht chruthaitheach a chur ar siúl do mhic léinn aiteacha agus trasinscne in UC Berkeley agus cíoradh á dhéanamh acu ar cheangal le daoine eile. Tháinig an saothar cruthaitheachta a d’eascair ó na ceardlanna faoi anáil thaithí saoil na rannpháirtithe féin. Cruthaíodh tearmann leis an togra seo ina bhféadfaí na scéalta a chur i láthair agus a thabhairt chun cinn ar bhonn ealaíne. Tá tuiscint ar an macraileibhéal ar chumhacht na scéalaíocht san Othering and Belonging Institute in UC Berkeley. Tugtar lucht léinn, lucht taighde, grúpaí pobail agus grúpaí cathartha le chéile go ndéantar scéalta a thabhairt chun cinn trína gcuirtear tuiscintí ar fhéiniúlachtaí ‘muid’ agus ‘sinn’ chun cinn agus trína gcothaítear cead cainte ag dreamanna imeallaithe sa saol poiblí. Scéalta comhcheangail b’fhéidir,  ‘narratives for belonging’ i gcaint an Institute.

Mar gheall ar Julia, tugtar cuireadh dom chuig lá dípholaraíochta, ócáid ag a mbeadh cíoradh á dhéanamh ar mhodhanna athmhuintearais, ar cheangal dáiríre a nascadh leo siúd a bhfuiltear deighilte uathu.  Fágann an agóidíocht i bhfabhar mhuintir na Palaistíne atá ar siúl ar an gcampas faoi láthair gur mó práinn le modhanna muintearais agus le nascadh an cheangail.

Tá Arlie Russell Hochschild, socheolaí a thugann cuntas ina leabhar Strangers in Their Own Land (2016) ar thuras trí Louisiana agus í ag bualadh le dreamanna caomhacha den chine geal a mbeadh difríochtaí idir iad agus í. Tugann Hochschild léargas ar a bhfuil de chumhacht le héisteacht go báúil leis an duine eile nuair a tharlaíonn comhrá ar an láthair. Is mór an spreagadh a cur i láthair a thugann sí ag an ócáid seo. Bíonn de phribhléid agam, tráth caifé, labhairt le Arlie Russell Hochschild, duine de na daoine is tábhachtaí agus is mó tionchair i measc lucht socheolaíochta na linne seo.

**

Bualadh le Scríbhneoirí

Is áit é Berkeley ina bhféadann síol smaoinimh péacadh. Is áit freisin é ina bhfuil siopaí leabhar. Bíonn ócáidí ar siúl iontu beagnach gach lá. Siopa Mrs Dalloway an siopa leabhar áitiúil in Elmwood. Eagraítear ócáidí le húdair ansin faoi dhó sa tseachtain. Isteach liom go gcloisim comhrá idir Wei Tchou agus Jay Caspian Kang. Cíorann Tchou ina Cuimhní Cinn, Little Seed, ceisteanna casta féiniúlachta i dteaghlach Síneach Mheiriceánach. Bhíodh Tchou le linn a hóige idir dhá stól, ag iarraidh a bheith ina dea-Mheiriceánach amuigh sa saol mór, agus ina dea-Shíneach sa bhaile. Is breá an seisiún léitheoireachta agus comhrá é. Bím ar ais i siopa Mrs Dalloway ar Bloomsday, ag éisteacht an uair seo le Thomas Lynch, an t-aisteoir Gael-Mheiriceánach, agus caibidil Hades á léamh aige as Ulysses.

Nuair a chuimhním ar mo thréimhse anseo le roinnt míonna anuas, tá trí cinn de sheisiúin léitheoireachta / ócáidí a thagann go mór chun cuimhne agus a bhaineann leis an togra agus le mo chuid réimsí spéise.

An chéad seachtain anseo dom, cloisim, Brandon Shimado, file Seapánach Meiriceánach, agus roinnt den saothar is deireanaí dá chuid á léamh aige. Ar bhealaí go leor, tá cíoradh á dhéanamh sa saothar ar chúrsaí féiniúlachta agus ar an gceangal atá ag duine leis an am a caitheamh agus leis na daoine a tháinig roimhe. Tugtar chun cuimhne freisin an chaoi ar caitheadh le saoránaigh de bhunadh na Seapáine i Meiriceá i rith an Dara Cogadh Domhanda, an tráma agus an díbirt a d’fhulaing daoine den ghlúin sin. Is iontach an nuacht atá sa saothar. Tagann sé go maith le ‘Giving an Account of Oneself’, saothar le Judith Butler a bheith á léamh agam ag an am. Tá Butler ar dhuine díobh sin is cáiliúla de mhuintir éirimiúil Berkeley. Tá dul chun cinn ina a cuid saothair ar chomhcheangal agus ar chuntasaíocht don duine féin.

Gairid tar éis Brandon a chloisteáil agus bualadh le daoine dá mhuintir, tá Cristina Rivera Garza ina haoi-chainteoir ag an Distinguished Writers Series, arna eagrú ag Roinn an Bhéarla in UC Berkeley. Is álainn an t-aitheasc a thugann sí faoin teideal  ‘The Affective Archives: Writing, Bodies, and Collective Memory’. Déanann sí machnamh ina leabhar ar an teaghlach, ar an tráma agus ar imeallú ó tharla a deirfiúr a fheallmharú. Tarraingíonn sí ar an gcuimhne, ar an tsamhlaíocht agus ar na cáipéisí, ábhar cartlannaíochta maidir le saol an duine aonair.

(Le ceardlann sa scríbhneoireacht chruthaitheach, de réir mo leagan amachsa air, tugtar deis do thosnaitheoirí i mbun scríbhneoireachta súil a chaitheamh siar ar an saol atá caite acu agus ábhar sainiúil saoithiúil óna dtaithí féin a úsáid ar bhealach atá ealaíonta suntasach.)

Ag an Bay Area Book Festival, buailim le Armando B. Rendon, údar Chicano Manifesto, leabhar mórshuntais maidir leis an ngluaiseacht ar a dtugtar an Chicano Movement i rith na 1970idí. Déantar iarracht sa leabhar stair agus cultúr Mheicsicigh Mheiriceánacha a chur i láthair, dream imeallaithe ina dtír féin. Tagann téamaí maidir le haitheantas, admháil agus mórtas chun cinn arís agus arís eile leis an lucht ealaíne, teagaisc agus scríbhneoireachta a mbuailim leo, chomh maith leis an gclaonadh atá sa duine a scéal féin a chur in iúl.

Oilithreachtaí Litríochta

Níl sna scríbhneoirí atá ina mbeatha ach roinnt den aos dána a dtarlaítear orthu. Is fada suim agam in áiteanna cónaithe scríbhneoirí, ionad a gcuid smaointeoireachta, láthair a gcuid ceapadóireachta. Thugamar dhá oilithreacht litríochta as Berkeley, go dtí áiteanna cónaithe bheirt de scríbhneoirí iomráiteacha California.

Tugann an chéad oilithreacht go Carmel-by-the-sea sin (is é Clint Eastwood is cáiliúla de mhuintir na háite). Le cuairt a thabhairt ar Tor House a thángamar, teach breá cloiche ina gcónaíodh Robinson Jeffers,  file, agus a theaghlach ó 1919 go 1999. Cuireann an teach, agus an túr cloiche lena thaobh,  Túr Bhaile Uí Laoigh i gcuimhne dom. Bhí Jeffers agus a bhean, Úna, chomh fada le Baile Uí Laoigh trí huaire ach ní léir ar bhuail siad le Yeats ann riamh. Ag teacht anuas dom as an túr in Carmel, óna bhfuil amharc ar an Aigéan Ciúin, smaoiním ar an inscríbhinn a chuir Yeats ar an túr i mBaile Uí Laoigh:

I, the poet William Yeats,
With old mill boards and sea-green slates,
And smithy work from the Gort forge,
Restored this tower for my wife George;
And may these characters remain
When all is ruin once again.

I do sheasamh duit ar an leithinis chreagach, mar ar thóg Jeffers a thúr agus a theach cónaithe féin, i gceantar cósta a bhí gan chónaí ag an am, tá an fharraige os do chomhair. Cén dath atá uirthi? Lena dtagann d’athrú ar an solas agus sinn ag breathnú amach go léas, triomaíonn tobar m’fhoclóra: turcaidghorm, muirghorm, gormghlas, gorm ceiriúlach, gorm cóbaltach, indeagó, cianghorm. Tá capaill bhána ag leanacht a chéile isteach Monterey Bay, fuinneamh gan faoiseamh sna maidhmeanna. Tagann Patrick Kavanagh i mo chuimhne, ‘Is my heart not badly shaken?’

An dara oilithreacht a thugtar, is chuig an Jack London House and Ranch é. Tá sin in Glen Ellen, Sonoma County. Cheannaigh London talamh in Glen Ellen agus thosaigh ag feirmeoireacht ann. Tá le léamh uaidh: ‘I am building my dream-house on my dream-ranch. My house will be standing, act of God permitting, for a thousand years.’ Laethanta beaga sula raibh Jack London agus Charmian, a bhean, le dul ina gcónaí sa teach, nach ndeachaigh an teach trí thine. Ní raibh London in ann chuig an diomá a chuir sin air, d’éag sé, gan é ach daichead bliain d’aois, sula raibh trí bliana caite.

Tar éis bhás London, thóg Charmian agus Eliza, leasdeirfiúr le London, The House of Happy Walls, teach cloiche mar leacht cuimhneacháin don scríbhneoir. Is áit iontach é, áit spreagúil.

Tar éis an Togra

Táim ag filleadh go hÉirinn. B’ardú meanmna dom na daoine ar bhuail mé leo agus an díocas dúthrachach a thug mé faoi deara sna teagascóirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí agus sa lucht léinn a casadh orm atá ag obair ar mhaithe leis an gcothroime agus le haird ar scríbhneoirí de bhunadh dreamanna imeallaithe agus haitheantas dóibh. Is mór agam an spéis a chuireann na daoine a mbuailim leo i mo chuid saothair féin. Is neartú agus treisiú sin ionam agus ar mo chuid misnigh maidir le leanúint d’fhorbairt na teoirice agus an ghnáis i ndáil leis an gcomhluadar ag ceardlann cruthaitheachta agus lón léargais a scaipeadh ar chomhghleacaithe in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe. Is é an chéad rud a dhéanfaidh mé, bailchríoch a chur ar dhréacht d’alt scoláireachta faoi ghnéithe eitice den chomhluadar mar a bhaineann leis an scríbhneoireacht chruthaitheach, arna spreagadh ag fealsúnacht Judith Butler as Berkeley. Beidh mé ag obair freisin ar shraith dánta faoi théamaí maidir le féiniúlacht, ceangal agus dúchas cultúir, arna spreagadh ag an Invitational Summer Institute an National Writing Project san Bay Area. Beidh mé ag obair i gcomhar freisin le comhghleacaí de mo chuid, an Dr Jane O’Hanlon in Éigse Éireann, ag féachaint lena bhfuil de chiall ceannaithe agus de lón léargais againn ónár dtréimhsí éagsúla Fulbright a chur ar chaoi a chaomhnaithe. Táim thar a bheith buíoch d’Éire Ildánach agus de Choimisiún Fulbright a chuir ar mo chumas an deis iontach spreagúil seo a thapú agus den National Writing Project a riar orm go fial flaithiúil.

Kevin Mc Dermott

Iúil 2024.

 

Stay up to date

×