Eisíodh gairm scoile do dhaoine a bhfuil 70 bliain slán acu a bhí ag déanamh cocúin ag an am agus a mbeadh suim acu suí do phortráid ach iad féin agus an t-ealaíontóir ar dhá láthair éagsúla. Andy Parsons, a fuair Dámhachtain Covid-19 ón gComhairle Ealaíon, i gcomhar le Críonna Ildánach, a phéinteáilfeadh na portráidí.
Roghnaíodh sé dhuine dhéag as na ceithre contae agus chuaigh Andy i mbun oibre. Rinneadh trí sheisiún ar Zoom agus Andy Parsons ag péinteáil na portráide le linn don chomhrá a bheith ar siúl agus aithne á chur aige ar gach duine acu. B’iontach an deis a bhí ann eolas a chur ar na bealaí a bhí ag na daoine críonna chun déileáil leis an saol ó tháinig an aicíd Covid-19 chun cinn.
I gcúiteamh ar a gcuid ama a chaitheamh leis an obair, tá socraithe ag Andy an saothar críochnaithe a thabhairt go dtí áras cónaithe na ndaoine críonna. Táthar ag súil go mbeidh deis ag slám beag daoine, gaolta agus dlúthchairde agus baill foirne an phortráid a fheiceáil, ag brath ar na srianta atá i bhfeidhm ag an am maidir le Covid.
Cé gurb é an saothar inláimhsithe seo toradh na beartaíochta, deir Andy go raibh an comhrá chomh tábhachtach leis an bpéintéireacht, gur cothaíodh an caidreamh le himeacht aimsire go dtí gurbh fhéidir an tost agus an ciúnas féin a fhulaingt. Táthar ag súil go mbeidh líon beag daoine muinteartha, cairde agus lucht foirne na n-áras in ann na portráidí a fheiceáil, ag brath ar shrianta maidir le Covid-19, ionas gur mó de ghníomh pobail a bhíonn i gcruthú na healaíne.
Tagann an togra seo a bhfuil meon sóisialta leis leis an tuiscint ar fud na tíre gur fiú cloí leis an ní atá againn, a bheith lánpháirteach sa saol mar atá agus ceangal in athuair lena raibh bac air ag an saol gnóthach roimh aimsir Covid. Tugadh deis dóibh siúd a shuigh do na portráidí ceangal leis an saol taobh amuigh den áras cónaithe agus den ionad cúraim ar bhealach nach móide a bheith indéanta murach an togra. Bhí éileamh ar ghlórtha na ndaoine críonna ar rófhurasta a tharlaíonn iad a ligean i ndearmad.