Is cuid de chlár Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine de chuid Éire Ildánach iad na tionscadail seo agus cuirfear i bhfeidhm i mbliana iad le comhpháirtithe náisiúnta Éire Ildánach agus údaráis áitiúla.
Áirítear ar Thionscadail na nÚdarás Áitiúil
Ceatharlach – Beidh Féile Ealaíon Cheatharlach ag obair le háitritheoirí níos sine ó Ráth Bhile, Baile Haicéid, Míseal agus an Ghráig chun dráma fuaime a fhorbairt a thabharfar chun beochta le beochana páipéir ghearrtha.
Ag cur leis an rath a bhí ar an dtionscadal Borris Lace by Post, déanfaidh na lásadóirí Ally Nolan agus Jules Michael gréasa lása nua a fhorbairt le háitritheoirí tithe cúraim agus leathnófar an tionscadail go baill de chuid Sheideanna na bhFear i gCeatharlach.
Cathair Chorcaí – Trí Leabharlann na gCeamaraí oibreoidh grianghrafadóirí níos sine Chlub Ceamaraí Chorcaí le ceamaraí éagsúla analógacha lena n-áirítear an box brownie, ceamaraí mionphoill, an super 8, ceamaraí scannáin dhubh agus bháin agus go leor eile de cheamaraí an 20ú cead a bhfuil eolas acu air. I gcroílár an tionscadail beidh Bailiúchán Ceamaraí Hermann Marbe a bronnadh ar an gcathair le go mbeadh grianghrafadóireacht níos inrochtana.
Contae Chorcaí – Oibreoidh Katie Holly, stiúrthóir agus léiritheoir, le grúpa de dhaoine níos sine chun sobalchlár Raidió 10 gcuid a chruthú agus déanfar é a thaifeadadh i mí Meithimh. Cinnfidh an grúpa féin cibé an mbainfear nó nach mbainfear úsáid as aisteoirí gairmiúla nó an dtapóidh siad féin an deis agus na páirteanna a dhéanamh iad féin.
Dún Laoghaoire/Ráth an Dúin – Cruthóidh Oifig Ealaíon Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin taispeántas nua do dhaoine níos sine i gcomhar lena gcomhghleacaithe i nGailearaí na Lánaí Arda i nDroichead Átha, Co. Lú a dhíreoidh ar an saothar atá ina mBailiúcháin iontacha Bhardasacha. Óstálfaidh an dá ghailearaí imeachtaí agus ceardlanna mar chuid de na taispeántais a bheidh fáilteach agus dírithe ar dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, ar a gcuid teaghlach agus cúramóirí idir Meitheamh agus Meán Fómhair 2022.
Cathair na Gaillimhe – Dancing Memories – tionscadal cruthaitheach scannánaíochta i gcomhar a dhéanfaidh tallann cóiréagrafaí, déantóra scannán, beirt damhsóirí nua-aimseartha, cumadóra agus daoine níos sine an Bhaile Bháin a bhí ar an gcéad eastát tithíochta a thóg Comhairle Cathrach na Gaillimhe sna 1950idí a thabhairt le chéile.
Cill Chainnigh – Cuirfidh Knitted Together le chomh maith is a d’éirigh le tionscadail Knitted Together in 2020 agus 2021 a d’oibrigh le breis is 400 duine níos sine ar líne le linn na paindéime. Tabharfar cuireadh do na rannpháirtithe cearnóga do phluideanna a chniotáil agus a chróiseáil do charthanachtaí éagsúla ar fud an chontae. Tabharfar cuireadh do ghrúpaí nua amhail Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, Seideanna na bhFear, Cumann na gCúramóirí agus Ionad Oideachais Chill Chainnigh a bheith páirteach.
Laois – Is tionscadal cruthaitheach, ilardáin é Always Human do dhaoine níos sine arna cheapadh ar dtús ag Cabrini Cahaill agus a choimisiúnaigh Ionad Ealaíon Dhún Másc in 2021. I mbliana áireoidh sé seisiúin portráidí pearsanta do bhaill Chaife do dhaoine a bhfuil Néaltrú orthu Dhún Másc, sraith podchraoltaí a roinnfear ar láithreán gréasáin Ionad Ealaíon Dhún Másc agus Midlands 103, clár fairsing cruthaitheachta do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta agus tionscadal forbartha le healaíontóirí níos sine lena chinntiú go dtacaítear lena gcuid oibre.
"nniu bhronn an Clár Éire Ildánach €560,000 ar thionscadail chruthaitheacha a dhéanfaidh sláinte agus folláine daoine níos sine in Éirinn a fheabhsú agus iad ag teacht as an bpaindéim"