“Tá neart ama againn do gach duine”
Is iad na naisc phobail a chothaíonn an ceangal idir daoine in Eipeasóid 1, nuair a thugtar léargas dúinn ar thaithí mhuintir na háite, go háirithe na baill is sine sa phobal, ar Leabharlann Taistil Chorcaí.
Déanann Zillah Ni Loideoin, cúntóir sinsearach leabharlainne le Seirbhís Leabharlainne & Ealaíon Chomhairle Chontae Chorcaí, a bhfuil 15 bliana caite aici ag obair le Leabharlann Taistil Chorcaí, cur síos ar an gcaoi a ndéanann an tseirbhís i bhfad Éirinn níos mó ná grá an léitheora do leabhair a shásamh.
“Bíonn cion agat orthu toisc go bhfuil aithne agat orthu le fada an lá […] bíonn dáimh agat le daoine toisc go bhfeiceann tú iad uair sa choicís […] fiú nuair a bhí an dianghlasáil i bhfeidhm, bheifeá ag glaoch orthu gach ré seachtain chun a fháil amach conas a bhí ag éirí leo.”
Tá feidhm shóisialta ag baint leis chomh maith le feidhm chultúrtha, agus i gcás na n-úsáideoirí leabharlainne atá níos sine go háirithe, bíonn siad ag dréim chomh mór leis an gcaidreamh rialta a bhíonn acu le Seán, tiománaí na leabharlainne soghluaiste, agus a bhíonn siad ag súil leis an ábhar léitheoireachta féin. “Tá neart ama againn do gach duine” arsa Seán, a thuigeann go maith go bhféadfadh gur fada ó bhí aon chuairteoir ag go leor de na baill scothaosta.
Éist le hEipeasóid 1
“Rud beag dearfachta agus caidrimh”
In Eipeasóid 2, thug an turas ceoil a rinne Jimmy Crowley agus Eve Telford chuig tithe cúraim i gCorcaí cumhacht na hamhránaíochta, an cheoil agus na smaointe do lucht féachana a bhí an-bhuíoch as. “Bhí na cónaitheoirí thar a bheith sásta,” a dúirt Mary Lou Leahy, atá ina comhordaitheoir ar ghníomhaíochtaí in Ionad Cúraim Cónaithe an Sciobairín. “D’fhéadfá é a fheiceáil ar a n-aghaidheanna – sa bhualadh bos, bhí deora áthais againn le linn chuid de na hamhráin. B’iontach go deo an rud é do gach duine i ndáiríre.”
Mhínigh Maeve Mulrennan, oifigeach cúnta ealaíon le Comhairle Chontae Chorcaí, go raibh sé mar aidhm ag na taispeántais “iarracht a dhéanamh rud beag dearfachta agus caidrimh a thabhairt isteach. Díreach nuair a bhí áiteanna ag tosú ag oscailt, bhí na daoine aosta i measc an chéad dream a fuair na vacsaíní in Éirinn agus mar gheall air sin bhí siad ar an gcéad dream a d’fhéad fáilte a chur ar ais roimh na healaíona ar bhonn pearsanta, ar ais isteach ina dtithe altranais agus ina n-ospidéil phobail”.
Mar chuid de thaispeántais spreagúla Crowley agus Telford, ina raibh cuid de na foinn is mó a thaitníonn le daoine agus foinn thraidisiúnta, labhair cónaitheoir amháin le Tadhg agus Joanna freisin faoin dán ab fhearr a thaitin leis, agus rinne sé é a aithris focal ar fhocal, 80 bliain nó mar sin tar éis do é a fhoghlaim.
Éist le hEipeasóid 2