I bhfianaise a bhfuil de chleachtadh ag Anna ar oibriú le compántas amharclannaíochta Barnstorm le blianta anuas, is dócha nach aon iontas go bhfuil oiread measa aici ar an amharclannaíocht mar mhodh inar féidir le daoine óga an chruthaitheacht a chur in iúl. “Tá sé casta, éilítear cruthaitheacht maidir le gach gné agus gach réimse de; múinteoireacht, áisitheoireacht, stiúrthóireacht, dearthóireacht. Bíonn deis saol nua a chruthú le daoine eile. Bíonn spreagadh agam as agus tugtar mo dhúshlán ina bhun. Cothaítear díocas ionam. Tugtar scóip don tsamhlaíocht. Éilítear eolas agus scil. Cothaítear muinín as mo chuid tuisceana féin. Bíonn deis agam a bheith seasta síoraí ag foghlaim. Bíonn mar a bheadh sraith fadhbanna le scaoileadh i ndiaidh a chéile. Chaithfeadh sé go bhfuil réamhcheap a thabhairt chun cinn go dtí go léirítear é ar cheann de na nithe is spéisiúla le bheith páirteach ann.”
Fiafraíodh de Anna cén cúnamh is dóigh léi is féidir a thabhairt do dhaoine a chleachtann an chruthaitheacht in Éirinn agus luaigh sí ina freagra gur ábhar imní di go “meastar nach dtagann an chruthaitheacht san áireamh le hobair ‘dáiríre’.” Áitíonn sise “gurbh fhearr dá measfaí gur gnáthmhodh smaointeoireachta agus oibre atá ann. Ba mhaith liom cúnamh níos mó maidir le deiseanna oiliúna agus fostaíochta a fheiceáil á thabhairt don lucht cruthaitheachta a oibríonn le daoine.
Is scil faoi leith an áisitheoireacht agus ní i gcónaí a admhaítear sin. Ba mhaith liom cuidiú le daoine eile an saol sin acu féin agus saolta eile ina dtimpeall a scrúdú, a chur in iúl, a fhiosrú agus a cheiliúradh.”