Bhí ceannbhearta orthu de réir an tsean-nóis agus rinne siad an chleamaireacht a mbeadh cuimhne ag cuid mhór de na seandaoine seo air ó laethanta a n-óige. Ag an am céanna, rinne an gníomh simplí, cuairt a thabhairt ag an teach, maith maidir le hathrú ón scoiteacht shóisialta a bhí á fhulaingt ag cuid mhór dár taobhaíodh.
I gcomhar le seirbhísí Béilí ag an Doras a haimsíodh liosta na ndaoine a bhí ag déanamh cocúin agus bhain an togra ar fad le clár taighde níos forleithne atá dírithe ar an gcleamaireacht mar ghné den oidhreacht cultúir agus ar an leas a bheadh as sa lá atá inniu ann.