Skip to main content
10th July, 2023. Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media photocell with Ministers Catherine Martin and Eamon Ryan in the National Library of Ireland..Photo:Barry Cronin/www.barrycronin.com

Náisiún
Ildánach

Maoiniú €5.8M fógartha do thionscnaimh faoin Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II nua

Scroll
2 min read

Maoiniú €5.8M fógartha do thionscnaimh faoin Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II nua

2 min read

7/06/24

Maoiniú €5.8M fógartha do thionscnaimh faoin Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II nua

• 43 fhaighteoir rathúla chun €5.8 milliún a fháil faoin Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II nua • 3 thionscadal Oileáin Chomhroinnte san áireamh • Arna thacú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Roinn an Taoisigh

Tionscnaimh bhithéagsúlachta i Néifinn, tionscadail phobail turasóireachta inmharthana i mBun Raite, bearta seasmhachta cósta cruthaitheacha sna Machairí, rannpháirtíocht phobail i gCairlinn — seo cuid de na 43 thionscadal cruthaitheacha atá san áireamh leis an fhógra maidir leis an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid de €5.8 milliún, a rinne an Taoiseach Leo Varadkar agus na hAirí Catherine Martin agus Eamon Ryan inniu.

I ndiaidh rath an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid de chuid Éire Ildánach in 2021; tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Roinn an Taoisigh ag fógairt 43 fhaighteoir rathúla an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II – Gníomhairí don Athrú de €5.8 milliún. Tacaíonn an tionscnamh seo de chuid Éire Ildánach le tionscadail chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta a chuireann le tuiscint an phobail ar an athrú aeráide agus a thugann cumhacht do shaoránaigh athruithe iompraíochta fiúntacha a dhéanamh.

Áirítear leis na tionscadail:

  • Tionscadal saoránach chun caighdeán aeir i nGaillimh a mhapáil.
  • Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte ionchuimsitheach a thugann cumhacht do phobail néara-éagsúla páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht aeráide.
  • Athchruthú Chrann Nollag Mhóinteach Mílic trí chleachtais cheardaíochta áitiúla agus inbhuanaitheacht.
  • Clár ealaíon chruthaitheach a thabharfaidh pobail Loch Cairlinn le chéile chun spéis ina dtimpeallacht mhara a spreagadh.
  • Feachtas náisiúnta, faoi cheannaireacht an tionscail fógraíochta chun físeanna malartacha ar an todhchaí a chruthú.
  • Saothar idirghníomhach ag freagairt don suíomh atá mar chuspóir aige lorg carbóin amharclainne i bPort Láirge a ísliú.
  • Ceiliúradh agus cíoradh ar chleachtais bhuailteachais gheimhridh sa Bhoirinn agus ar fheirmeoireacht inbhuanaithe
  • Iniúchadh cruthaitheach ar thionchar an scartála in earnáil tógála na hÉireann.

Tá an Clár Éire Ildánach, i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag maoiniú 40 faighteora. Tá maoiniú do 3 fhaighteoir eile curtha ar fáil mar pháirt den tionscnamh Oileáin Chomhroinnte de chuid Roinn an Taoisigh.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar TD:

“Taispeántar le trí thionscadal trasteorann suntasacha a bheith san áireamh sa Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid, faoi thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, an tacaíocht leanúnach atá á tabhairt ag an Rialtas do ghníomhaíochtaí uaillmhianacha a dhéanann leas don tír iomlán agus a thugann daoine le chéile ar fhadhbanna coitianta Sa chás seo cuideoidh an maoiniú feasacht a chothú, tríd an chruthaitheacht, ar athrú aeráide, an baol is mó atá roimh an chine daonna inniu. Is ar ár nglúin atá sé an taoide a chasadh ar athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta. Leis an ghné leanúnach Oileáin Chomhroinnte den Chlár Éire Ildánach, bainfear leas as cumhacht na cruthaitheachta cultúrtha chun pobail a thabhairt le chéile ar fud an oileáin.”

Agus í ag labhairt faoin fhógra, dúirt an tAire Martin:

“Is deacair rath ár gcéad tionscnamh um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid a shéanadh. Bhí an chéad 15 thionscadal an-spreagúil, an-mhachnamhach agus an-uaillmhianach. Taispeánadh uaillmhian na n-ealaíontóirí agus na bpobal a bhí bainteach leis trí na suiteáin solais dhramatúla a léirigh leibhéil na farraige ag dul in airde i nGaillimh agus i Loch Garman, cláir talmhaíochta thumthacha sa Daingean agus i dTiobraid Árann, tionscadail dícharbónaithe i Luimneach agus i bPort Láirge, agus an athbheochan ar chultúr cóirithe agus athúsáide san Iarmhí.

“Mar sin féin, ba é fíorluach an tionscnaimh ná an síormhian d’athrú fiúntach i measc gach duine a raibh baint acu leis. Leis na tionscadail atá á seoladh againn inniu, creidim go dtabharfar tuilleadh spreagadh don ghluaiseacht don athrú sin. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach ceann de na 43 thionscnamh seo as fairsinge a samhlaíochta agus as a smaoineamh tomhaiste. Tá sé go hálainn le feiceáil agus is pribhléid é tacaíocht a thabhairt dóibh.”

Is tionscnamh ar leith é an Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II: Gníomhairí don Athrú mar go gcuireann sé daoine cruthaitheacha le chéile le saineolaithe san eolaíocht aeráide, san inbhuanaitheacht agus sa bhithéagsúlacht, agus é mar aidhm acu go léir an pobal a cheangal leis na hathruithe doimhne atá ag tarlú inár gcomhshaol, inár sochaí agus inár ngeilleagar mar gheall ar an athrú aeráide agus an ceangal sin a athrú ina athrú iompraíochta nó gníomhú aeráide. Fuair an ciste 239 iarratas ó raon disciplíní agus tionscal; Ailtireacht, Éascú Cruthaitheachta, Scannánaíocht, Dearadh Rannpháirtíoch, na hAmharc-Ealaíona, Oidhreacht Chultúrtha, Amharclannaíocht, Dearadh Seirbhísí, Damhsa, Litríocht, Ceol, Ealaíona Traidisiúnta, Féilte, Sorcas, Foilsitheoireacht agus Preas, agus Beochan agus Réaltacht Bhreisithe.

Agus é ag cur fáilte roimh fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Ryan:

“Is fadhb ollmhór í an t-athrú aeráide agus is féidir leis critheagla a chur ar dhaoine go minic, nó mothaíonn siad nach féidir leo rud ar bith fiúntach a dhéanamh faoi. Is féidir an t-athrú seo a bhaint amach trí bhealaí nuálacha cruthaitheacha a aimsiú le daoine a spreagadh chun gníomh a dhéanamh. Arís tá freagra tugtha ag earnáil chultúrtha na hÉireann agus ár bpobail fhiontracha le tionscnaimh a chuirfidh dúshlan romhainn na hathruithe ar gá leo a dhéanamh chun todhchaí níos fearr dúinn go léir a chinntiú. Is obair spreagúil thábhachtach é seo agus ba mhaith liom cách a raibh baint acu léi a mholadh.”

Cuirfidh an 43 fhaighteoir ráthúla tionscadail ar bun ar fud oileán na hÉireann, le 3 thionscadal Ignite atá maoinithe ag an tionscnamh Oileáin Chomhroinnte san áireamh (Aontraim, an Dún agus Fear Manach). Tacóidh an ciste le tionscadail faoi dhá ghné. Le Gné 1, Ignite, tacófar le 19 dtionscadal idirdhisciplíneacha ar mhórscála le tuilleadh rannpháirtíochta pobail ar leibhéal náisiúnta. Beidh siad seo ar siúl go dtí 2025. Le Gné 2, Spark, maoineofar 24 thionscadal ar bhonn píolótach chun smaointe nua a chothú maidir le rannpháirtíocht phoiblí ar scála áitiúil, pobail nó pobail chleachta. Críochnófar na tionscadail seo faoi dheireadh 2024.

Stay up to date

×