“Mar gheall ar an maoiniú flaithiúil a fuaireamar ó Éire Ildánach, bhíomar in ann cur leis na cláir ar líne a chuireann IMMA ar fáil dár lucht féachana. Cuireann baill den Fhoireann Foghlama agus Rannpháirtíochta an ceann breise seo, The Slow Looking Series, i láthair. Tagann an teideal ón gcur chuige atá againn breathnú go réidh staidéarach ar an ealaín; ceisteanna a chur faoina raibh i gceist ag an ealaíontóir agus ár bhfreagra féin air. An chéad cheann de na 10 bhfíseán seo, is seisiún aireachais é don lucht féachana, ionas go mbeidh siad oscailte agus go hiomlán ar a suaimhneas sula mbainfidh siad triail as cheann de na físeáin. Smaoinigh air mar aperitif, a chuireann faobhar ar an ngoile sula roghnóidh tú ón mbiachlár!
Faoi láthair bíonn na turais fhíorúla agus an plé ar an ealaín ar fáil ar Zúm. Faoin gclár Ealaín & Daoine Aosta tá Armchair Azure, Talking Art Online agus Pacáistí Acmhainní, Studio 10, againn mar aon le turais fhíorúla. Agus mé á scríobh seo táimid ag leathnú ár dtaispeántais amach ionas go mbeidh fáil orthu ag tuilleadh daoine, óg agus aosta, ar ansa leo an ealaín. Nuair a bhíonn muid ag caitheamh ama le grúpa nó le duine aonair, is cuma cén aois iad, is maith linn an cur chuige suaimhneach seo a ghlacadh, ionas go mbíonn deis ann an saothar ealaíne a thógáil isteach agus níos tábhachtaí fós, a bheith fiosrach.
Is é an rud atá i bpáirt ag na grúpaí seo ar fad ná a gcuid fiosrachta. Fiosracht dhosháraithe chun tuilleadh a fhoghlaim, tuilleadh a chruthú, a bheith ag samhlú agus a bheith ag a roinnt a dtaithí leis an ngrúpa. Is mór an onóir dom a bheith páirteach ann. Is breá liom a bheith in éineacht le daoine atá fiosrach, daoine a dtaitníonn an dúshlán, a bhaineann le bheith curtha dá mbuille, leo. Is iontach an chaoi a léimeann gach duine isteach leis an aiseolas, is cuma cé chomh doiléir is a bhíonn an obair. Thar aon rud eile bím, go rí-mhinic faoi gheasa, ag an saibhreas a bhaineann lena léargais ionraic agus a dtuiscint.”