Fuinneamh Cliste a thabhairt chun na Leabharlann
Tá roinnt ceardlann agus tionscnamh Fuinnimh Chliste reáchtáilte ag foirne sna leabharlanna le daoine óga ina gceantair.
D’éascaigh Sandra English i Leabharlann Charraig na Siúire ceardlanna grúpa do dhaoine óga sa cheantar mar pháirt de Sheachtain na hEolaíochta i Samhain 2023. Reáchtáil Sandra dhá cheardlann theagmhálacha um Fhuinneamh Cliste le hos cionn 20 duine óga le béim ar leictreachas agus an comhshaol. Is cuideanna lárnacha iad na hábhair seo den chúrsa oiliúna Fuinnimh Chliste de chuid Kinia d’oidí.
Chinntigh Sandra go raibh na ceardlanna chomh spraíúil agus chomh heolasach agus ab fhéidir do na daoine óga. Chuir siad gothaí Sheachtain na hEolaíochta orthu féin, fiú amháin, trí chótaí saotharlainne agus prapaí eile a bheith acu.
Dúirt Sandra “Bhí an oiliúint go hiontach agus d’fhoghlaim muid an-chuid. Tríd is tríd, bhí sé an-taitneamhach agus oideachasúil!”
Tionchar ar dhaoine óga sna leabharlanna
“Bhí rath thar barr againn cheana inár leabharlanna leis na trealaimh Fuinnimh Chliste – bhain muid úsáid astu chun ceardlann for-rochtana eolaíochta a reáchtáil cheana, agus ba rud iontach é an rannpháirtíocht a fheiceáil! Bhí na trealaimh an-tarraingteach do na rannpháirtithe a bhí againn, agus chuidigh siad go mór agus muid ag iarraidh cuid de na páirteanna ní ba theibí den tseisiún a mhíniú, trína bheith in ann an ceacht a léiriú san fhíorshaol.”
Pleananna don todhchaí
Nuair a cuireadh ceist uirthi an raibh pleananna ar bith acu chun úsáid a bhaint as an chúrsa nó as foghlam ETIM amach anseo, dúirt Sandra “Cinnte – bhí raon na ngníomhaíochtaí go hiontach, agus thug siad solúbthacht dúinn agus muid ag pleanáil an ábhair. Táimid cinnte go mbeidh siad mar chuid dár ngníomhaíochtaí ETIM amach anseo, is taca iontach iad do na seisiúin seo!”
Agus iad ag amharc chun tosaigh, tá beartaithe ag Kinia go leanfaidh siad ar aghaidh ag cur Fuinneamh Cliste agus cúrsaí oiliúna eile ar fáil do bhaill foirne ag tuilleadh leabharlann, seirbhísí óige agus grúpaí pobail ar fud na hÉireann. Trína bheith ag cur le rath tionscnamh cosúil leis an cheann i dTiobraid Árann, tá sé mar aidhm ag Kinia níos mó oidí a ullmhú leis an eolas agus na huirlisí chun daoine óga a chur i mbun foghlama teagmhálaí faoin teicneolaíocht inmharthana. De réir mar a théann leabharlanna i méid mar mhoil don fhoghlaim phobail, tá sé ar intinn ag Kinia a gcomhthionscadail a láidriú, chun tacú le hoidí agus iad ag cuidiú le daoine óga ar fud na hÉireann chun a bheith i mbun nuálaíochta agus chun todhchaí níos glaise a spreagadh.