Skip to main content
Music in the Moment. Picture by Shane O'Neill, Coalesce.

Náisiún
Ildánach

Fógraíonn Éire Ildánach agus an Roinn Sláinte tacaíocht do 11 thionscadal Ceoil Bheo i Suíomhanna Chúram Sláinte Cónaithe

Scroll
min read

Fógraíonn Éire Ildánach agus an Roinn Sláinte tacaíocht do 11 thionscadal Ceoil Bheo i Suíomhanna Chúram Sláinte Cónaithe

min read

22/07/24

Fógraíonn Éire Ildánach agus an Roinn Sláinte tacaíocht do 11 thionscadal Ceoil Bheo i Suíomhanna Chúram Sláinte Cónaithe

Tacóidh na léirithe seo le haosú dearfach, agus soláthróidh siad deiseanna rannpháirtíochta cruthaitheacha do dhaoine níos sine a bhí aonraithe go sóisialta. In 2024 tacóidh Éire Ildánach agus an Roinn Sláinte leo seo a leanas.

I dtionscadal Mucisians-on-Call tugann ceoltóirí cuairt ar ospidéil agus ar shuíomhanna chúram sláinte ar fud Luimnigh, an Chláir agus Thiobraid Árann, ag seinm os comhair othar agus cónaitheoirí. Tá sé mar aidhm ag an gclár ceol beo ar ardchaighdeán a sheinm do dhaoine  leochaileacha níos sine inár bpobail agus eispéireas comhroinnte a chruthú do chách. Tá sé mar aidhm aige freisin sláinte agus folláine a chur chun cinn trí cheardlanna faoi Cheol i gCúram Sláinte a sholáthar d’fhoireann FSS.

Is iad lucht Chill Chainnigh Ildánach a chuireann Messages in a Bottle i láthair agus áireofar iontu 4 chuairt cheoil agus chuimhne ar 5 shuíomh cúram sláinte éagsúla i gCill Chainnigh, i gCeatharlach, i bPort Láirge agus i Loch Garman. Trí na freagairtí, na tuairimí, na fuaimeanna, an amhránaíocht agus an rannpháirtíocht, cumasóidh an tionscadal seo naisc níos doimhne laistigh den soláthar seirbhíse.

Is comhpháirtíocht í Shining a Musical Light idir Comhairle Chathair Chorcaí, Ceol sa Phobal, Cúram Sláinte Pobail Chiarraí-Chorcaí, Clár Aoisbháúil Chorcaí, agus Cathracha Sláintiúla Chorcaí. Sa tionscadal seo tugtar aghaidh ar riachtanais uathúla an daonra níos sine trí leas a bhaint as cumhacht theiripeach an cheoil, ag tabhairt clár de thaibhithe ceoil bheo isteach i suíomhanna cúram sláinte cónaithe i gCathair Chorcaí. Déanfaidh foireann ceoltóirí Music In Community seisiúin cheoil, léirithe beo agus gníomhaíochtaí comhoibríocha a saindearadh chun cuimhne a spreagadh, idirghníomhaíochtaí sóisialta a chothú, agus chun caighdeán iomlán na beatha a fheabhsú a sheachadadh.

Is clár tarraingteach é Music in the Moment de thaibhithe beo ar fud Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Cuirtear eispéiris cheoil chultúrtha ar ardchaighdeán ar fáil ann do dhaoine níos sine a bhfuil cónaí orthu i suíomhanna cónaithe sa cheantar, agus é mar aidhm leis tionchar dearfach a bheith aige ar shaol daoine níos sine, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil néaltrú orthu.

Tá Tea, Chats & Tunes sa Mhí agus Lú á stiúradh ag ceoltóirí cumasacha a oibríonn le Ceol & Sláinte Éireann agus tá sé mar aidhm acu naisc a chothú tríd an gceol, ag cur béime ar chothromas agus rannpháirtíocht shóisialta chomhroinnte agus ag freastal ar chúinsí uathúla suíomhanna cúram sláinte.

Foireann ghairmiúil de cheoltóirí agus stiúrthóirí córúla a bheidh i gceannas ar Laois Musical Memories. Cuirfidh na seisiúin chuimsitheacha seo ceol agus amhrán ar fáil dóibh siúd atá ina gcónaí i dtithe cúraim.

Tionscadal uaillmhianach is ea é Cavan Holistic Harmonies i dtithe altranais ina seachadfar dhá chór do dhaoine níos sine, ceardlanna drumadóireachta Samba, taibhithe amhránaíochta agus ceoil chomh maith le léirithe ceiliúrtha i dtrí leabharlann áitiúla ar fud an chontae. Cuirfear rogha gníomhaíochta ar fáil do chúig theach altranais rannpháirteacha ar fud Chontae an Chabháin agus iarrfar orthu dul i gcomhairle lena gcónaitheoirí. Cinnteoidh sé seo go gcloisfear guth na ndaoine níos sine.

Is clár ceoil agus rince traidisiúnta é Seisiúin Rí Rá do thrí ionad atá á mbainistiú ag FSS i Loch Garman. Cuirfidh The Wild Turkeys dhá sheisiún ceoil déag bhríomhara ar fáil do chónaitheoirí i ngach suíomh cúraim in éineacht leis an saineolaí gluaiseachta Vivian Brodie-Hayes a spreagfaidh cónaitheoirí chun bogadh chomh maith agus is féidir leo. Le chéile forbróidh siad uirlisí bunúsacha chun cabhrú le baill foirne cúraim gnéithe de cheol beo agus de rannpháirtíocht mhín ghluaiseachta a thabhairt isteach ar bhonn rialta. Feidhmeoidh Seisiúin Rí Rá mar sheisiún for-rochtana do shraith ceolchoirmeacha agus seisiún Fhleadh Ceoil na hÉireann a bheidh ar siúl i Loch Garman i mbliana.

Soláthraíonn Sraith Samhraidh Ceolchoirmeacha Cúraim Mhaigh Eo ceithre léiriú i gcúig aonad cúraim chónaithe idir mí Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair. Tabharfaidh sé seo aghaidh ar an ngá atá le rochtain ar léirithe beo ardchaighdeáin a mhéadú agus cruthóidh sé atmaisféar iontach do na cónaitheoirí, dá dteaghlaigh agus don fhoireann. Áiríonn an clár seo freisin ceardlann forbartha acmhainne a thabharfaidh baill d’aonaid chúram cónaithe agus ealaíontóirí ceoil le chéile.

I Monaghan Melodies and Memories cuirfidh daoine cruthaitheacha áitiúla clár eicléictiúil de cheol beo agus scéalaíocht, spreagtha ag stair agus oidhreacht shaibhir Chontae Mhuineacháin agus na teorann ar fáil.  Beidh leaganacha d’amhráin le seóbhannaí áitiúla, amhráin le Big Tom agus Paddy Cole agus seiteanna ceoil thraidisiúnta lena n-áirítear Polca Bhéal Átha Beithe sa seó. Meascfar ceol beo le scéalta agus dánta áitiúla ó na droimníní, á gcur i láthair ag scéalaithe áitiúla agus muintir na dtithe cúraim féin. Táthar ag súil go laghdóidh an scéalaíocht mothúcháin struis agus aonraithe, agus go bhfeabhsófar naisc shóisialta.

Déanfaidh na Seisiúin Samhraidh arna stiúradh ag Comhairle Chontae Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le Age Friendly Ireland, Éire Shláintiúil agus FSS mionchónaitheachtaí ceoil a rolladh amach i naoi n-ionad cúraim chónaithe chun ceol, craic agus amhránaíocht a thabhairt do bhreis is 300 cónaitheoir.

 

 

 

 

 

Stay up to date

×