Tar isteach agus déan athluchtú
Cad as a dtagann ár bhfuinneamh? Cé a dhéanann é?
Agus i ndeireadh na dála cad a chosnaíonn sé (agus cé a íocann as)?
Is spás spraíúil, idirghníomhach é Siopa Fuinnimh Challainn áit a dtugtar cuireadh duit ár dtomhaltas fuinnimh a scrúdú, smaoineamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le do chuid úsáide fuinnimh féin agus Comhaontú Aeráide Challainn a shíniú – tiomantas atá ceangailteach ó thaobh na drámaíochta de go ndéanfaidh tú athrú dearfach amháin ar d’úsáid fuinnimh.
Ar feadh mhí Aibreáin, beidh Gailearaí Powerhouse ar Lána an Mhuilinn, Callainn ag óstáil cainteanna, díospóireachtaí, ceardlann agus taispeántais scannáin – agus sprioc amháin acu ar fad: feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh an bhaile, ar mhaithe le gach duine.
Chomh fada siar le 1907 bhí ‘The Callan Powerhouse’ cuideachta giniúna leictreachais a bhí faoi úinéireacht áitiúil, lonnaithe san fhoirgneamh seo agus chuir sé iontais an leictreachais ar fáil do dhosaen gnólacht áitiúil, chomh maith le soilsiú sráide poiblí a chur ar fáil, i bhfad sular raibh fáil ar a leithéid i mbailte tuaithe eile.
Tá sé mar aidhm ag Siopa Fuinnimh Challainn athluchtú a dhéanamh ar an smaoineamh go mbeadh leictreachas á ghiniúint go háitiúil agus é faoi úinéireacht áitiúil agus tugann sé cumhacht do na saoránaigh tosú ar na hathruithe sin is gá dúinn go léir a fheiceáil, a chur i bhfeidhm.
Siopa Fuinnimh Challainn / Asylum Productions
"Is mian linn an smaoineamh faoi leictreachas a bheith á tháirgeadh go háitiúil agus é a bheith faoi úinéireacht áitiúil a athghiniúint agus an cumhacht a thabhairt do shaoránaigh tús a chur leis na hathruithe is gá dúinn go léir a fheiceáil"