Tá dhá chuairt tugtha agam ar an bhfeirm le roinnt seachtainí anuas, agus chuaigh a bhfáilte chroíúil, agus a gcuid foighne liom mar dhuine a d’fhoghlaim an Ghaeilge seachas í a bheith agam ó dhúchas, i gcion go mór orm. Mar dhuine go bhfuil grá agam don nGaeilge, ach nach mbíonn mórán deiseanna agam í a chleachtadh, is mór an pléisiúr dom a bheith in ann comhrá Gaeilge a bheith agam le muintir Uí Chíobháin.
Domsa, tá an talamh, an teanga agus an t-athrú aeráide ar fad ceangailte lena chéile. Eachtraíonn ainmneacha Gaeilge na bpáirceanna scéalta faoin aimsir chaite a d’fhéadfadh sinn a threoiriú i dtreo na todhchaí. Sa chomhrá domhanda faoin athrú aeráide táthar ag leagan an-bhéim ar an méid gurbh fhéidir linn a fhoghlaim ó dhaoine bundúchasacha. Tá Séamus ag feirmeoireacht anseo ó bhí sé ina gharsún, agus is mór an phribhléid an talamh a shiúil ina theannta.
Thugas an-cheann de cé chomh cineálta agus caoin is a bhíonn sé lena ainmhithe. Roinnt seachtainí ó shin, nuair a bhíos ar chuairt aige, bhí cos thinn ag ceann dá uain agus bhí sé fíorshásta an tseachtain seo go bhfuil feabhas ag teacht ar an uan. Is dóigh liom go bhfuil pearsantacht ar leith ag an uan seo, agus ní raibh aon dul as agam ach portráid bheag a dhéanamh dó.
Portrait of a lamb. Photo: Lisa Fingleton
Is múinteoir í Lís i rith an lae, ach caitheann sí sciar mór den gcuid eile dá ham ina feirmeoir. Bhí sí siúd agus Séamus ag tabhairt sadhlais do na caoirigh agus mé ag fágaint chun an bus nasc áitiúla a fháil thar n-ais go dtí an Daingean.