Feictear anseo Maisie atá 97 bliana d’aois agus cónaí uirthi i dteach altranais de chuid Sonas, Co. Ros Comáin. Ó thosaigh paindéim Covid-19 tá súil ghéar coinnithe ag Maisie ar a bhfuil ag tarlú í ar an eolas faoi na scéalta nuachta ar fad. Is é meon an dóchais atá go seasta aici, tuiscint iomlán á léiriú aici ar a bhfuil ag athrú ina timpeall agus í ag cloí lena creideamh i gcónaí agus ag guí go bhfuil laethanta níos fearr ag teacht. Dúirt an t-ealaíontóir, Andy Parsons, gur bean í a bhfuil spreagadh agus misneach inti. Tá an phortráid anois ar crochadh ar an mballa ag Maisie.
Beidh na portráidí á gcur ar taispeáint ar láithreáin gréasáin na nÚdarás Áitiúil agus ar láithreán gréasáin Fhéile na Bealtaine agus ar an leathanach Facebook ag an scéim Age & Opportunity. Comhar páirtnéireachta idir na húdaráis áitiúla i Ros Comáin, i Sligeach, i Liatroim agus i nDún na nGall agus an scéim Age & Opportunity atá á rith faoin gclár Éire Ildánach.