Tá an leabhar Cocooner: A Lockdown Diary foilsithe anois agus é ar fáil i siopa leabhar Antonia i mBaile Átha Troim agus ar líne. Tá an leabhar ar cheann de 25 tionscadal cruthaitheachta do dhaoine aosta ar tugadh cúnamh ina leith faoin gclár Éire Ildánach i rith na bliana 2020 mar chuid de Dul in Aois go Tairbheach agus Cruthaitheacht Fholláin.
Sa dialann mhaisithe seo, tugann an t-iriseoir tuairisc rífhiúntach ar shaol na linne agus eolas á bhreacadh aige faoin gcur isteach a bhí ag an bpaindéim ar shaol an teaghlaigh ó lá go lá. Cuntas ar an gcrá atá ann ach cuntas greannmhar freisin ar bhliain faoi leith, deir Jackie Maguire, Comhairle Chontae na Mí, “Paddy Smith has embraced the spirit of ‘all in this together’ and manages, through his insights and reflections, to lift the heart in these difficult times”.