Tá an Grúpa Amharclannaíochta Óige Breaking Barriers ag obair ar bheith nasctha go foirmiúil le Youth Theatre Ireland chomh maith le bheith páirteach i líonra ina bhfuil suas le 60 amharclann don óige fud fad na tíre.
Is carthanas ceannródaíoch Éireannach é Crann atá lonnaithe i gCorcaigh. Cuireann sé réitigh ar fáil do leanaí, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh a bhfuil míchumais néarfhisiciúla orthu, réitigh a athraíonn saol na ndaoine seo, ar feadh a saoil ar fad.
Tá Crann ag reáchtáil Breaking Barriers ó 2018 i leith agus é ina ghrúpa amharclannaíochta spraíúil comhoibritheach a chuidíonn le leanaí, déagóirí agus daoine fásta a bhfuil míchumas néarfhisiciúil orthu a muinín agus a scileanna cumarsáide a fhorbairt trí mheán na drámaíochta. Le cúig bliana anuas, tá beagnach 120 leanbh, déagóir agus duine fásta a bhfuil míchumas néarfhisiciúil orthu tar éis seans a fháil a bheith ionchuimsithe go cothrom sna healaíona trí pháirt a ghlacadh i Breaking Barriers.
Seo an taithí a bhí, ina cuid focal féin, ag Hannah O’Sullivan ar Amharclann na nÓg:
“Dia daoibh! Ba mhaith liom léargas a thabhairt daoibh inniu ar mo thaithí ar Ghrúpa Amharclannaíochta Breaking Barriers in Ionad Crann. San alt seo, is é an aidhm atá agam ná léargas a thabhairt ar an tionchar dearfach a bhí ag na ranganna cruthaitheacha agus spraíúla a bhíonn ar siúl gach seachtain ar mo shaol.
Thosaigh mé le Breaking Barriers den chéad uair i lár na bliana 2020 nuair a bhí muid i lár phaindéim Covid-19. Ag an am, bhíodh ranganna againn faoi dhó sa tseachtain, ar an Máirt agus ar an Déardaoin, agus cé go mb’éigean na ranganna a reáchtáil ar líne ar Zoom, bhí áthas an domhain orm an deis a fháil dul isteach sa ghrúpa ar bhonn rialta. Chuala mé faoin nGrúpa Amharclannaíochta Breaking Barriers ó chairde eile. Bhí cuid acu bainteach leis an ngrúpa agus theastaigh uaim i gcónaí a bheith páirteach sa spraoi, blaiseadh a fháil den aoibhneas a bhaineann leis an aisteoireacht agus leis an gcruthaitheacht a chur in iúl, ach bhí sé ródheacair teacht ar an am agus ar an tiomantas, mar gheall ar go bhfuil mé i mo chónaí i gceantar tuaithe agus go bhfuil píosa fada le taisteal agam.”
Hannah O'Sullivan, ball de Breaking Barriers
""Dá mhéad páirt a bhí agam sna ranganna drámaíochta, is ea is mó a mhothaigh mé spreagtha agus dóchasach go bhféadfainn spraoi a bheith agam agus ‘tabhairt faoi""