Deirdre Breen: Toisc go raibh spás le haghaidh tionscadail agam roimhe seo ag Backwater agus go bhfuilim i mo bhall de Phriontaí Chorcaí, oibrím go rialta san ionad coimpléasc, ar bhonn pearsanta tá tábhacht ar leith leis. Is spás fíor-bhríomhar, tacúil agus tábhachtach é i lár na cathrach seo.
Thóg sé thart ar choicís san iomlán. Ar dtús bhí orainn na ballaí a réiteach agus a phríomhú. Nuair a bhí sé sin críochnaithe, mapáladh an dearadh ar an mballa i gcearnóga méadair. D’úsáid mé ais X agus Y gach cearnóg aonair chun pointí líne, óna bhféadfainn na línte a nascadh, a mharcáil. Ba é sin an chuid ba chiotaí, go háirithe áit a raibh go leor cruthanna agus uillinneacha beaga. Nuair a bhí an dearadh mapáilte bhí an balla le péinteáil ina chuid is ina chuid, ag déanamh cinnte go raibh na línte ar fad deas géar. Ar ámharaí an tsaoil, bhí an aimsir fabhrach ar feadh na coicíse, rud a rinne an-difríocht. Bhí an múrmhaisiú críochnaithe díreach in am d’Oíche Chultúir, mar sin, bhí sé go deas go bhféadfadh daoine teacht agus suí ar an mballa trasna an bhealaigh ag an abhainn agus breathnú air.
Go dtí seo tá daoine an-togtha leis. Bhí an oiread sin aiseolais álainn faighte agam ó na híomhánna agus na físeáin bheaga ar líne, agus chuir go leor daoine grianghraif chugam díobh féin nó de dhaoine eile agus iad gafa leis an bpíosa. Leis na srianta reatha, b’éigean do mhúsaeim, dánlanna agus eagraíochtaí ealaíon a ndoirse a dhúnadh agus tá an oiread sin taispeántas agus léiriú ealaíne curtha ar athló. Cuireadh fáilte roimh fhéile Ardú, a thugann an taithí ar shaothair ealaíne nua amach faoin aer, ar na sráideanna. Bhain daoine an-taitneamh as conair na féile, agus bhí tionchar dearfach aige ar ár bpobail áitiúla agus lúcháir á chur orainn le linn tréimhse a bhraitheamar a bheith dian go síoraí agus go seasta.