Luaigh na daoine scothaosta a ghlac páirt sna ceardlanna gur thaitin an nuacht leo a bhain leis na gníomhartha agus an éagsúlacht agus an éiginnteacht a bhaineann le bearta cruthaitheachta. Thug an fhoireann cúraim faoi deara ag an am céanna gur tháinig an féinmhuinín chun cinn iontu, gur bhain siad an-taitneamh as an gcaidreamh leis na healaíontóirí agus gur mhór acu an deis iad féin a chur in iúl. Bhí tábhacht mhór ag na daoine críonna leis an gcomhrá a chothaigh na healaíontóirí leo. Rinne siad scrúdú ar scéal a mbeatha leis na healaíontóirí, d’aithris siad dánta agus dúirt siad amhráin.
‘We’ll try anything – but the fingers aren’t as good as they used to be! It’s never too late to try and learn new things. We are open to risks – unpredictable is good.’
Le himeacht aimsire, bhraith roinnt de na daoine aosta go raibh dul chun cinn suntasach á dhéanamh acu agus d’eascair as sin misneach agus muinín as a gcumas féin. Dúirt roinnt acu gur spreagadh an t-iontas arís ina saol agus dúirt daoine eile go raibh sé mar a bheidís ar ais i laethanta a n-óige, gur mhór an tairbhe a bhí á bhaint acu as an obair, go raibh siad beo bríomhar.
Chonacthas meangadh gáire ar na rannpháirtithe, iad ag cur spéise ina raibh ar siúl, taitneamh á bhaint acu as rudaí nua a mhothú agus caidreamh ar bun acu ar bhealaí nár ghnáth leis an lucht cúraim ná lena gcuid gaolta a fheiceáil. Luaigh siadsan go raibh feabhas ar an tsláinte mheabhrach agus cognaíochta le tabhairt faoi deara ar na daoine a ghlac páirt sna tograí cruthaitheachta.
Chonacthas don lucht foirne in ionaid éagsúla go raibh an mianach cruthaitheachta a bhí iontu á thapú ag na daoine aosta, daoine ina measc arbh dheacair caidreamh a chothú leo agus nach gcuireadh spéis i mbearta de chineálacha eile a eagraítear san ionad.
De réir mar a leanadh leis an gclár, bhí tuairim éagsúil ag an lucht cúraim de na seandaoine a raibh aire á tabhairt acu dóibh agus bhain siad leas as an gcaidreamh i rith na dtograí ealaíne chun aire níos fearr a chur orthu. De réir mar a bhí na tionscadail cruthaitheachta ag dul ar aghaidh, tuigeadh dóibh chomh maith gur mó atá i gceist le healaín ná pictiúr deas nó earra eile a chruthú agus gurb é an cur in iúl is tábhachtaí uilig maidir leis an ealaín. Chonacthas dóibh an fiúntas a bhain le ham ina n-aonar ag ealaíontóir agus duine scothaosta agus chuir siad rompu féachaint le caidreamh a chothú idir iad féin agus na daoine críonna ar an gcuma chéanna. Dúirt duine amháin: ‘Chonacthas lucht an ionaid ag cruthú i bhfad níos fearr ná mar a bhí súil againn féin leis. Ní bhíonn am againne, ná an scil agus na hacmhainní, sin a thabhairt i gcrích agus is é an t-am agus an caidreamh a bhun agus a bharr.’
Is breá le hÉire Ildánach agus le Age & Opportunity a fhógairt go mbeidh tús á chur leis an dara clár de thréimhsí cónaitheachta i mí Eanáir 2021 le béim ar an damhsa agus ar bhearta cultúir i réimse na hoirfidíochta. Beidh gairm scoile maidir le healaíontóirí a bheadh páirteach ann á fhógairt go gairid.
Is féidir níos mó eolais faoi Thréimhsí Cónaitheachta faoin scéim Age & Opportunity 2019-2020 a léamh ach cliceáil anseo.

Is féidir níos mó eolais faoi Thréimhsí Cónaitheachta faoin scéim Age & Opportunity a léamh ach cliceáil anseo.