Is tionscadal deonach neamhbhrabúis don oideachas pobail é Tionscadal Phortach Dhroimín atá dírithe ar phortach ardaithe i gContae Cheatharlach, an t-aon cheann atá sa chontae, a thabhairt ar ais.
Is féidir leis na staidéir gheolaíochta a rinneadh le linn Chéim 1 den chuid sin den Chlár a bhain leis an Tionscadal Meirge nasc díreach a dhéanamh anois, siar tríd na blianta, go dtí tréimhse go gairid i ndiaidh na hOighearaoise deireanaí – sular thosaigh daoine ag cur fúthu sa cheantar máguaird.
Sna míonna amach romhainn, beidh an pobal rannpháirteach ó thaobh na dtorthaí seo i suiteálacha, siamsaíocht, agus imeacht Lae Oscailte arna n-eagrú i mí Dheireadh Fómhair 2021.
Thug na daoine cneasta atá ag obair ar Thionscadal Phortach Dhroimín eolas dúinn maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh sa chúinne stairiúil seo de Chontae Cheatharlach agus an chaoi ar chuidigh an maoiniú ó Éire Ildánach leis an obair:
“Cuireadh an obair ar athlá mar gheall ar Covid ach bhí Coiste Thionscadal Phortach Dhroimín i gCeatharlach agus na healaíontóirí Jules Michael agus Cathy Fitzgerald ríméadach a bheith in ann, ar deireadh thiar, beirt phailneoirí ó Wet Futures i UCC – Benjamin Gearey agus Rosie Everett – a óstáil ar Phortach Dhroimín an tseachtain seo caite, le haghaidh Chéim 1 den Tionscadal Meirge.
Beidh na suirbhéanna méadaithe claise a rinne Ben agus Rosie le linn a gcuairte agus na scrúduithe sa mhion-saotharlann i Halla na Dromainne an lá dár gcionn, in ann bonn eolais a thabhairt faoi chonair na rannpháirtíochtaí pobail sa tionscadal seo, atá á mhaoiniú ag Éire Ildánach, sna trí mhí atá amach romhainn.

Cell structure of sphagnum moss, approximately 6,000 years old
Cuirfear na samplaí móna paleo seo os comhair an phobail mar chuid d’imeachtaí an Lae Oscailte a bheidh ar siúl i Halla na Dromainne, i gContae Cheatharlach, i nDeireadh Fómhair 2021 Tá an t-ábhar amhairc as na samplaí micreascópacha mar fhoinsí anois don Tionscadal Meirge. Cuirfidh baill den phobal agus an t-ealaíontóir Jules suiteáil ar bun i Halla na Dromainne, bunaithe ar thuarascáil Rosie.
Beidh Halla na Dromainne agus Portach Dhroimín féin mar chuid den Lá Oscailte, rud a thabharfaidh deis cainteanna a chur i láthair maidir leis an bportach- na foirmíochtaí ársa agus an flóra agus an fána ar leith atá ann, agus a thábhachtaí atá sé mar thearmann gnáthóige agus fiadhúlra. Seinnfear an t-amhrán The Bog Rosemary,agus cuirfear na Meirgí ar taispeáint. Eagróidh an t-adhmadóir staire, Eoin Donnelly, ceardlann ar an lá agus uirlisí agus gléasanna iontacha ón seansaol á ndéanamh aige.”