Threoraigh Invisible Thread Films na damhsóirí ó thaobh na mbealaí éagsúla leis an scannánú a dhéanamh, agus atmaisféar a chruthú trí éagsúlacht a chur i leagan amach na radharc agus trí úsáid a bhaint as spásanna beaga chomh maith leis an am.
Bella Cotter: Is bealach an-mhaith é an damhsa le mothúcháin a chur in iúl toisc go mbíonn saoirse agat an chumarsáid a dhéanamh le d’aghaidh agus freisin le do cholainn.
Cara McCrystal: Ceapaim go bhfuil an damhsa éifeachtach mar bhealach leis na mothúcháin sin a chur in iúl agus a scaoileadh toisc go dtugtar cead do na damhsóirí a bhféiniúlacht féin a fhorbairt trína ndamhsa féin, ar nós a bheith ag scríobh ar scoil sa rang Béarla nó sa ranga ealaíne i do stíl agus do theicnící féin. Faigheann tú deis mar dhamhsóir do ghuth féin a fhorbairt trí do chuid gluaiseachtaí agus de réir mar a fheabhsaíonn tú mar dhamhsóir éiríonn sé níos doimhne. Bhí an dianghlasáil dian ar go leor daoine agus neart ama acu le bheith ag machnamh agus ag streachailt le fadhbanna idirphearsanta. Bhí go leor féinanailíse ar bun ag daoine le cúpla mí anuas, luíonn sé le réasún mar sin go mbeadh cuid éigin de na mothúcháin seo le feiceáil ina gcuid gluaiseachtaí freisin.
Éiríonn leis an scannán, atá mar thoradh air, mothú aisteach iargúltachta agus nasc cruthaitheach idir na damhsóirí óga a chruthú agus ag an am céanna cuimsíonn sé tréimhse ar leith do na healaíontóirí agus do lucht na cruthaitheachta.
Bella Cotter: Tá an damhsa an-tábhachtach domsa mar bhealach le smacht a choinneáil ar an strus i mo shaol, cuidíonn sé liom díriú ar rudaí agus fáil réidh leis an bhfrustrachas a bhíonn orm. Bíonn deacracht agamsa mar nach bhfuil stiúir ar mo shaol ná aon dul chun cinn ann, cuidíonn an damhsa liom coinneáil ag imeacht agus mar thoradh air airím go bhfuil smacht agam ar mo shaol agus go bhfuil mé in ann cur suas leis an bhfrustrachas a bhaineann le mo shaol.
Cara McCrystal: Ceapaim gur bealach iontach cruthaitheach é an damhsa mar nach bhfuil aon teorainn leis na bealaí atá ann le rudaí a thriail i do chuid cóiréagrafaíochta agus do ghluaiseachtaí féin.