Cé go bhfuil sé thart le fada an lá tá i bhfad níos mó spéise á chur anois san ealaín sráide in Éirinn.
“Pobal beag atá ann agus tá aithne ag formhór na n-ealaíontóirí ar a chéile agus cabhraíonn siad lena chéile. Le bheith ionraic áfach, tá i bhfad níos mó míbhuntáistí ná buntáistí in Éirinn i láthair na huaire, má theastaíonn uait a bheith ag péinteáil múrmhaisithe ar mhórscála. Tá neart foirgneamh tréigthe atá gan úsáid sa chathair a dteastaíonn beagán grá uathu, is dócha gurb é an múrmhaisiú an bealach is éasca le beagán beocht a chur sna foirgnimh seo gan aon mhórobair thógála a dhéanamh. Mura bhfuil sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh seo sa ghearrthréimhse b’fhearr dá mbeadh cuma shlachtmar orthu do na daoine a chaithfidh breathnú orthu gach uile lá. Má fhéachann tú ar phríomhchathair ar bith san Eoraip feicfidh tú go bhfuil an múrmhaisiú faoi bhláth, agus ealaíontóirí áitiúla agus ealaíontóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu ag péinteáil. Chomh maith le múrmhaisithe ar mhórscála a phéinteáil, má bhíonn tú ag péinteáil ar fhormáid níos lú, is beag stiúideo faoi dhíon atá ar fáil.
An t-aon chomhairle dáiríre atá agam ná díreach tú féin a choinneáil gnóthach agus infheistíocht a dhéanamh ionat féin, mar a bhaineann le ham agus le hairgead araon.
“Bí réamhghníomhach, ná bí ag fanacht go dtairgfidh daoine ballaí agus jabanna mhúrmhaisithe duit. Téigh amach agus péinteáil ballaí ar do chonlán féin, bíodh bailiúchán maith saothar agat agus bain tairbhe as seo. Déan an oiread péinteála agus is féidir leat. Ná cuir san áireamh an rud a thaitníonn le daoine eile, péinteáil an rud a theastaíonn uait féin a phéinteáil. Agus níos tábhachtaí fós, bain sult as.”
Creidmheas don íomhá:@achesdub