Bithéagsúlacht i gCoill Mhic Thomáisín
Is féidir fiosrú a dhéanamh ar na saincheisteanna go léir ar nós bithéagsúlacht, cailliúint gnáthóige agus talmhaíocht inbhuanaithe trí lionsa an uisce.
Is iad pobal Choill Mhic Thomáisín an pobal a roghnaíodh don tionscadal seo agus is é Kieran McBride an cruthaitheoir a roghnaíodh. Ar mhaithe le díriú ar an bpointe boise ar an tionscadal seo, tá uisce agus córais uisce mar théama lárnach. Cuireadh tús leis na scrúduithe ar na córais uisce agus abhann áitiúla agus leathnaíodh iad seo leis na dobhaircheantair a thabhairt san áireamh. Áirítear ar na scrúduithe seo, ceantair chósta, inbhir, lochanna, srutháin, toibreacha, portaigh agus talamh portaigh, giolcarnaí, eanaigh, riasc goirt, tuilemhánna, coillearnacha gláracha fliucha agus go leor eile. Tá cur le plandáil crainn agus le foinsí fuinnimh in-athnuaite ar chuid de na straitéisí is mó a bhfuil aithne orthu chun dul i ngleic le hathrú aeráide, ach fós, is minic go ndéanann daoine dearmad athchóiriú a dhéanamh ar na córais uisce agus abhann.
Is féidir le hathchóiriú córais abhann agus a gcuid gnáthóg treallús a chur faoi athrú ar fud an dobharcheantair iomlán. Cuireann athchóiriú abhann le bithéagsúlacht agus d’fhéadfaí nithe ar nós athshníomh, bruacha abhann glasa a chruthú, fáil réidh le bacainní de dhéantús an duine a thabhairt san áireamh chun gnáthóga a oscailt suas d’éisc imirceacha, crainn a phlandáil a chuireann scáth ar fáil agus athchóiriú a dhéanamh ar ardtailte fliucha chun cur le stóráil uisce agus cuidiú le tuilte a chosc.
Bhí Kieran ag obair le grúpa daoine éagsúla a bhí ag reáchtáil ceardlann ar nós ‘Slogans on Slates’, áit ina ndéanann sé plé ar an téama agus ar na saincheisteanna agus a ndéanann sé freagraí a spreagadh i bhfoirm manaí ar sclátaí. Beidh an fhéile ‘For the Love of Water’ ar siúl i mí Lúnasa a gcuirfear tús léi ag an fhéile All Together Now, ina mbeidh líon leathan ceardlanna agus imeachtaí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht. Áireofar ar ghníomhaíochtaí, sealgaireacht feamainne, siúlóidí, ‘Caomhnóirí na hAbhann’, ceardlanna déanamh maisc agus ceardlanna buantalmhaíochta.
Is ealaíontóir idirdhisciplíneach é Kieran McBride atá lonnaithe i bPort Láirge agus cuimsíonn a chleachtas, scannánaíocht, dearadh seit, scríbhneoireacht scripte, léiriúchán agus amharc-ealaíona. Bhí a shaothar ar taispeántas i seó an ghrúpa, Cycling Through the Rages, a bhí á léiriú ag Kelly Ratchford, i ngailearaí Olivier Carnet, Baile Átha Cliath, a rinne iniúchadh ar shaincheisteanna maidir le hiompar uirbeach agus na dúshláin atá i ndán do lucht rothaíochta. Tá saothar ealaíne Kieran bunaithe ar réimse na healaíona rannpháirtíochta agus pobalbhunaithe agus tá Kieran tiomanta saothar a chur ar fáil lena mbaineann gné sóisialta. Bhí Kieran, roimh an bpaindéim, i mbun staidéir ar fhorbairt pobail faoi Amel Yacef sa CDETB. Rinne Kieran forbairt ar shraith ceardlanna gutha agus gluaiseachta do mhná breacaosta in Ionad Acmhainní St. Andrews i mBaile Átha Cliath agus tá sé mar oibrí deonach faoi láthair i Manor Chillout, spás sóisialta do dhaoine óga LGBT+ atá á reáchtáil ag Seirbhísí d’Aos Óg Phort Láirge.
Úsáid agus Éifeachtúlacht Fuinnimh sa Bhaile
Ag freagairt don téama atá leagtha síos, tá Tionscadal Walls (TWP) ag obair i gcomhar le pobal an Bhaile Bhig i bPort Láirge chun iniúchadh a dhéanamh ar úsáid agus ar éifeachtúlacht fuinnimh sa bhaile. Tá cur chuige praiticiúil a ghlacadh acu i leith éifeachtúlacht fuinnimh agus an méid is féidir le daoine a dhéanamh ar bhonn laethúil ina saol féin.
Tá aird faoi leith á thabhairt acu ar na fíor-athruithe agus ar athruithe is féidir leis an bpobal a bhaint amach chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus ar iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna áitiúla a mbíonn tionchar acu ar ábaltacht agus ar thoilteanas na ndaoine ó thaobh tabhairt faoi ghníomh.
Táthar ag leanúint leis na ceardlanna agus cuirfear tús le gníomhaíochtaí péintéireachta an 16 Lúnasa agus beidh siad sin ar siúl go dtí an 20 Lúnasa mar chuid d’Fhéile Walls Phort Láirge. Chuir na healaíontóirí ó Bloom, an Tionscadal Ealaíon, Fiona agus Aisling ó Bhaile Átha Cliath, in éineacht le Magda Karol, tús lena gcuid oibre leis an bpobal in ionad spóirt Chill Bharra an Luan an 13 Meitheamh. Tá taithí leathan ag na healaíontóirí atá roghnaithe ó thaobh pobail a spreagadh trí mhúrphictiúr agus trí cheardlanna; tá sé mar phríomhaidhm acu daoine a chumhachtú forbairt a dhéanamh, deacrachtaí a shárú agus a bheith ag súil le todhchaí níos sona. Spreagann siad rannpháirtithe trí shraith cluichí cruthaitheacha chun teacht suas le sceitsí do mhúrphictiúr le péinteáil ar bhalla an phobail i mí Lúnasa.
Is ionann Tionscadal Walls CLG agus fiontar sóisialta a chuirfidh saothair mhóra ealaíne agus tionscadail for-rochtana ar fáil. Gabhann ceithre phríomhphiléar le Tionscadal Walls:
- Beidh tionchar ag Tionscadal Walls ar phobail trí chomhoibrí ealaíonta
- Cuireann siad coimisiúin ealaíne poiblí agus príobháideacha ar scála mór ar fáil ar fud na hÉireann
- Bíonn rannpháirtíocht an phobail agus na mic léinn i gceist leis an obair trí cheardlanna for-rochtana pobail agus oideachais.
- Bíonn siad rannpháirteach i malartuithe agus comhoibrithe ealaíonta atá dírithe ar dhaoine agus ar phobail éagsúla a thabhairt le chéile in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon