Skip to main content

Scoláireacht Fullbright

Creative Ireland Museum Fellows Sally McHugh and David Stone Picture Conor McCabe Photography.

Páirtnéireacht dhéthaobhach atá i gceist le Coimisiún Fulbright in Éirinn a dtacaíonn an Department of State sna Stáit Aontaithe leis agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn.  Is é an Fulbright Program an clár babhtála oideachais idirnáisiúnta is mó le rá a dtacaíonn Rialtas na Stát Aontaithe leis agus é de chuspóir leis cur leis an gcomhthuiscint.  

D'aontaigh an clár Éire Ildánach agus Coimisiún Fulbright sa bhliain 2018 deontais taighde a chur ar fáil maidir le comhaltachtaí taighde gearrthéarmacha, ‘Comhaltachtaí Iarsmalainne Fulbright - Éire Ildánach’, do mhic léinn iarchéime as Éirinn i dtrí cinn de na hiarsmalanna is mó le rá sna Stáit Aontaithe:

  1. The Smithsonian Institution, (ina bhfuil 17 iarsmalann agus dánlann)
  • The Harry Ransom Center in Austin, Texas agus
  • The Exploratorium in San Francisco.

An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhronnann an 3 chomhaltacht i gcomhar le Coimisiún Fulbright (i) d'fhonn leas a bhaint as acmhainn claochlaithe na healaíne, an chultúir, na cruthaitheachta, fhiosrú na heolaíochta agus caomhnú na hoidhreachta trí chomharobair taighde; (ii) d'fhonn deis faoi leith a thabhairt do mhic léinn iarchéime ar na bailiúcháin taighde i gceann amháin de na hiarsmalanna ardleibhéil sna Stáit Aontaithe a bhfuil clú ar fud an domhain orthu; (iii) d'fhonn, trí áis den sórt sin a thabhairt, cur le téagar, réimse agus caighdeán na mbearta taighde a dhéanann mic léinn de chuid na hÉireann sna Stáit Aontaithe; agus (iv) d'fhonn deiseanna a chruthú don obair i gcomhar idir scoláirí de chuid na hÉireann, scoláirí de chuid na Stát Aontaithe agus scoláirí idirnáisiúnta eile sna forais sin.

Ó tugadh an comhar páirtnéireachta seo i bhfeidhm, tá tréimhse tairbheach socrúcháin curtha isteach sna hiarsmalanna seo sna Stáit Aontaithe ag mic léinn dochtúireachta i rith na mblianta 2018 agus 2019 agus a gcuid tuairiscí ar na tréimhsí sin agus ar an tairbhe astu d'Éirinn an-mholtach. 

Mar gheall ar a fheabhas a d'éirigh leis an scéim, d'aontaigh Éire Ildánach agus Coimisiún Fulbright sa bhliain 2019 an tionscnamh a leathnú ionas nach mic léinn dochtúireachta nó iardhochtúireachta amháin a bheadh i gceist agus go dtiocfadh daoine lán taithí den lucht gairme in earnáil an chultúir, na hoidhreachta agus na cruthaitheachta faoina scáth chomh maith.  Tugann sin deise, mar shampla, don lucht foirne in aonaid oideachais agus foghlama i bhforais náisiúnta agus réigiúnacha cultúir a bhféadfadh blianta fada taithí a bheith acu ar an réimse cé nach mbeadh céim dochtúireachta ar bun acu, cur isteach ar an scéim.  Tugtar deis freisin do dhaoine atá páirteach in earnáil ghinearálta thionscal an chultúir agus na cruthaitheachta iarratas a chur isteach.  Beidh Comhaltacht Ghairmiúil Fulbright - Éire Ildánach á tairiscint ar feadh tréimhse suas le 6 mhí gach bliain idir 2020-2022.  Níl an scoláireacht/comhaltacht ghairmiúil seo teoranta maidir le forais faoi leith sna Stáit Aontaithe agus is faoin iarratasóir foras oiriúnach a lua le cúnamh taca ó Choimisiún Fulbright.

Stay up to date

×