Scoil na nEalaíon Cruthaitheachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a chuir an togra taighde seo de chuid Éire Ildánach i gcrích. Rinneadh scrúdú faoin togra ar shaol oibre dhaoine éagsúla ag plé le scannánaíocht, drámaíocht teilifíse agus amharclannaíocht in Éirinn. Bhí béim ar na bealaí inar thosaigh daoine amach ag plé le scannánaíocht, drámaíocht teilifíse agus amharclannaíocht agus ar na bealaí inar lean siad orthu gur bhain saolré oibre amach ina mbun.
Trí shuirbhéireacht a dhéanamh ar dhaoine iomráiteacha i mbun gairmeacha cruthaitheachta (aisteoirí, scríbhneoirí agus stiúrthóirí i mbun scannánaíochta, drámaíocht teilifíse agus amharclannaíochta), bhí an obair taighde dírithe ar:
- thuiscint a fháil ar na bealaí inar thosaigh oibrithe cruthaitheachta ag obair le scannánaíocht, drámaíocht teilifíse agus amharclannaíocht agus ar na bealaí inar éirigh leo dul ar aghaidh sna réimsí sin
- scrúdú a dhéanamh ar an ról atá le fóirdheontais phoiblí maidir le forbairt shaol ghairme
- léargas a fháil ar an méid gluaisteachta idir scannánaíocht, drámaíocht teilifíse agus amharclannaíocht a bhaineann le saolré oibre sna hearnálacha sin
- scrúdú a dhéanamh ar theacht chun cinn cloigíní cruthaitheachta (e.g. cumainn drámaíochta, comhlachtaí léiriúcháin, compántais amharclannaíochta, craoltóirí réigiúnacha, etc.)
- scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a bhíonn ar oibrithe cruthaitheachta sna hearnálacha sin cur lena gcuid ioncaim ó fhoinsí eile.
Is é cuspóir a bhí leis an togra go gcuirfí lón eolais ar fáil maidir leis an mbeartas poiblí faoi mhaoiniú ar chúrsaí ealaíne a cheapadh agus le modh oibre a leagan síos a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i ngach earnáil den léiriúchán cultúir.
Tiomsú sonraí faoi ré gairme dhaoine éagsúla i mbun aisteoireachta, stiúrthóireachta, scriptscríbhneoireachta agus drámadóireachta a bhí i gceist leis an gcéim tosaigh den obair taighde. Bhí leathnú seachas sin i gceist le céimeanna eile ina dhiaidh sin ionas gur scrúdaíodh réimse leathan postanna scannánaíochta agus amharclannaíochta agus go ndearnadh fiosrú maidir le gairm ré de chineálacha eile sna réimsí cruthaitheachta, teicniúla agus ceirde.
Tháinig an cur chuige ar baineadh leas as faoi anáil mhodhanna nua taighde go hidirnáisiúnta maidir le héifeachtúlacht an bheartais ealaíne. Anailís ar thaithí na n-imeachtaí cultúir (e.g. taighde ar líon an lucht féachana) an modh a bhíodh ag taighdeoirí roimhe seo chun toradh an pholasaí a mheas, tá athrú béime anois agus aird ar an léiriú cultúir agus ar réimsí idirspleáchais idir na torthaí cultúir. Ecologies of Cultural Production an chéad suirbhé dá shórt in Éirinn agus cuireadh ar bhealach nua chuig anailís a dhéanamh ar thorthaí fadtéarmacha an pholasaí maidir le cúrsaí ealaíne.
Cuireadh torthaí na hoibre i láthair ag seimineár lae i Mol an tSeomra Fada i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i mí Iúil 2019. Eagraíodh seisiún Ceisteanna agus Freagraí mar chuid den seimineár le triúr de na daoine is mó le rá maidir le cúrsaí cultúir in Éirinn, Ed Guiney ( Element Pictures), Anne Clarke ( Landmark Productions) agus Willie White (Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath) a phléigh ceisteanna maidir le hoiliúint, forbairt cumais, iléagsúlacht, obair chontúirteach agus a bhfuil i ndán don amharclannaíocht agus don scannánaíocht in Éirinn.
An Comh-Ollamh Ruth Barton, Ceann Scoile, Scoil na nEalaíon Cruthaitheachta, Coláiste na Tríonóide bartonr@tcd.ie agus an tOllamh John O’Hagan, Comhalta Emeritus, Eacnamaíocht, Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus na Fealsúnachta, Coláiste na Tríonóide johagan@tcd.ie a rinne an cheannródaíocht maidir leis an togra taighde.