Ar Lorg na nAmhrán i measc na ndídeanaithe in Éirinn.
Togra i gcomhar idir Coláiste Mhuire gan Smál, Sing Ireland agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann atá i gceist le Song Seeking. Tá comhar breise i gceist chomh maith leis sin le sé cinn d’ionaid soláthar díreach, ceathrar áisitheoirí cóir, cumadóir ceoil, grúpaí amhránaíochta áitiúla, an Ceoláras Náisiúnta agus, an ní is tábhachtaí, na cantairí féin – daoine fásta, leanaí agus daoine óga – a bhfuil cónaí orthu in ionaid soláthar díreach. Cothaíonn lucht an chomhair ar fad canadh agus amhránaíocht le chéile ionas go gcóirítear an bealach do phobail éagsúla chun teacht le chéile i mbun bearta cruthaitheachta.