Is deacair neamhaird a dhéanamh den smaoineamh is bun leis an Empathy Project ag Narrative 4. Le beart chomh simplí le scéalta pearsanta a bhabhtáil, cothaítear aithne agus bá dá chéile.
Is é an scríbhneoir Colum McCann a bhunaigh Narrative 4 atá ag feidhmiú faoin tráth seo i dhá cheann déag de thíortha. Is é malartú na scéalta an gnás oibre is bunúsaí a bhaineann leis an gclár agus oibríonn áisitheoirí oilte le daoine óga ionas go mbaineann siad leas as a gcuid scéalta chun bá agus comhthuiscint a chothú, steiréitíopáil a chur de dhroim seoil agus constaicí a shárú.
![](https://www.creativeireland.gov.ie/app/uploads/2020/01/Narrative-4-The-Empathy-Project-4-300x234.jpg)
Narrative 4 The Empathy Project