Skip to main content


Nuacht

Tá fógartha ag an gComhairle Ealaíon go dtiocfaidh 184 scoil nua isteach ina chlár Scoileanna Ildánacha

Scroll
min read

Tá fógartha ag an gComhairle Ealaíon go dtiocfaidh 184 scoil nua isteach ina chlár Scoileanna Ildánacha

min read

14/10/24

Tá fógartha ag an gComhairle Ealaíon go dtiocfaidh 184 scoil nua isteach ina chlár Scoileanna Ildánacha

Tá 1,100 páirteach sa chlár ón mbliain 2018 Áirítear i measc an ghrúpa nua 51 scoil DEIS agus 23 scoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge Obair a chinntíonn gur féidir le gach páiste sult a bhaint as a cheart bheith páirteach in ealaíon agus cultúr


Tá fógartha ag an gComhairle Ealaíon go dtiocfaidh 184 scoil agus ionad Ógtheagmhála nua ar fud na hÉireann isteach ina chlár Scoileanna Ildánacha. 1,100 anois líon iomlán na scoileanna Éireannacha a bhí rannpháirteach sa chlár ó cuireadh tús leis in 2018. Tá scoil amháin as gach ceithre scoil Éireannacha i ndiaidh a bheith rannpháirteach i gclár na Scoileanna Ildánacha.

Is forbairt ríthábhachtach é seo do na healaíona agus daoine óga in Éirinn agus cabhraíonn sé ó thaobh aidhm na Comhairle Ealaíon a bhaint amach maidir le deis a bheith ag na leanaí uile bheith rannpháirteach go hiomlán i réimse cineálacha éagsúla ealaíon laistigh dár gcóras oideachais. Oibríonn an Chomhairle Ealaíon chun a chinntiú gur féidir le gach páiste sult a bhaint as a cheart bheith páirteach in ealaíon agus cultúr.

Cuireadh 300 iarratas isteach ar an gclár i mbliana, méadú suntasach ar uimhreacha 2023. Áirítear i measc grúpa Scoileanna Ildánacha na bliana seo 53 scoil DEIS agus 23 scoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge chomh maith le seacht n-ionad ógtheagmhála agus ocht scoil speisialta. Gheobhaidh an 184 scoil atá ag glacadh páirt ann deontas ar fiú €4,000 é agus oibreoidh siad le Comhlach Cruthaitheach ar feadh dhá bhliain a thacóidh leo chun a bPlean Scoile Ildánaí saincheaptha féin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Trí bheith rannpháirteach i gclár na Scoileanna Ildánacha cumasaítear leanaí agus daoine óga leis na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna agus a n-ionad ógtheagmhála. Chomh maith leis sin, cumasaíonn an tionscnamh scoileanna le bealaí oibre nua a aimsiú agus tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt, agus ar fholláine leanaí agus daoine óga a nochtadh.

Déanann na scoileanna a bhíonn rannpháirteach gach uile fhoirm den chruthaitheacht a fhiosrú agus glacann siad chucu féin an iliomad dóigheanna lena ceiliúradh. Ón mbácáil go dtí cruthú agus dearadh gairdíní, ón ngrianghrafadóireacht go dtí an taibhiú, ó bheith ag obair le grúpaí pobail eile go dtí limistéir ina scoil féin a athrú ó bhonn, tá tionchar na Scoileanna Ildánacha le feiceáil cheana féin i ngach contae.

Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:

“Is iontach an rud é fáilte a chur roimh an 184 scoil a bheidh mar chuid de thionscnamh na Scoileanna Ildánacha 2024. Ba mhaith liom fáilte phearsanta a chur roimh na scoileanna seo chuig an gclár uathúil seo. Táim ag súil go mór le féachaint conas a forbróidh na tionscadail chruthaitheacha agus spreagúla seo thar an dá bhliain atá amach romhainn.”

Ag labhairt di inniu freisin, dúirt an tAire Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an 184 scoil agus ionad Ógtheagmhála ar éirigh lena n-iarratas le bheith ina Scoil Ildánach. Beidh an deis ag an gcohórt nua scoileanna agus pobal scoile seo anois tús a chur le haistear uathúil cruthaitheachta agus fionnachtana a mhairfidh dhá bhliain. Leis an ngrúpa breise scoileanna seo, ciallaíonn sé sin anois go bhfuil scoil amháin as gach ceithre scoil in Éirinn i ndiaidh bheith rannpháirteach i Scoileanna Ildánacha ó cuireadh tús leis an gclár in 2018. Feicimid méadú leanúnach arís i mbliana ar éagsúlacht na suíomhanna a gcuirtear tacaíocht ar fáil dóibh. Is léiriú é seo ar thionchar agus neart na comhpháirtíochta idir an Chomhairle Ealaíon, an Roinn Oideachais agus an clár uile-rialtais Éire Ildánach.”

Ag labhairt di ar fhógra an lae inniu, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:

“Cuirimid fáilte chroíúil roimh an gcohórt úr de 184 scoil go Scoileanna Ildánacha. Is mór an dóchas dúinn é méadú soiléir a fheiceáil sna hiarratais don acmhainn iontach seo, ag leanúint ón rath a bhí ar Fhuadar Feabhra sna scoileanna i mbliana. Tá an-áthas orainn a rá, faoin gcéim seo den chlár, go bhfuil 25% de scoileanna na hÉireann tar éis ceangal linn. Tá a fhios againn gur féidir le heispéiris ealaíon le leanaí, do leanaí agus a thugann na leanaí féin fúthu, a bheith claochlaitheach. Agus muid ag obair i gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Oideachais, sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus sa chlár, Éire Ildánach, táimid ag tnúth le scoilbhliain eile lán fiosraithe, smaointeoireachta cruthaithí, fionnachtana agus, níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, spraoi.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×