Skip to main content

Creative Youth
Evaluation Guidelines –
Supplemental Information

Developed by Carmel O’Sullivan and Lisa O’Keeffe

       

MIONSONRAÍ BREISE Cuid 1

MAIDIR LEIS NA TREOIRLÍNTE SEO

Réamhrá - mionsonraí

Cuireann an méid seo a leanas faisnéis ar fáil do Threoirlínte Meastóireachta Óige Ildánach

  1. Athbhreithniú ar an litríocht ar mheastóireacht agus ar mhonatóireacht, samhlacha loighce agus sraith uirlisí meastóireachta do chláir pobail agus rialtais (féach Aguisín 1a);
  2. Iniúchadh ar chreataí meastóireachta do na healaíona agus don chruthaitheacht sa tsláinte, folláine agus oideachas le léargas suntasach bainte as Arts for health and wellbeing An evaluation framework (Daykin, 2016) agus an Paul Hamlyn Foundation Evaluation Resource Pack (2009) (féach Aguisín 1b);
  3. Comhairliúchán le múinteoirí, cleachtóirí cruthaitheachta, oibrithe óige, oideoirí luathbhlianta, ealaíontóirí, eagraíochtaí pobail, comhordaitheoirí agus oiliúnóirí óige CÁÓI a bhí rannpháirteach sa chéad Phlean Óige Ildánach (2017-2022);
  4. Athbhreithniú ar na meicníochtaí meastóireachta agus tuairiscithe ar fud Phlean Óige Ildánach (2017-2022), Clár Éire Ildánacha agus na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Tá sraith nótaí treorach curtha le chéile ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) atá curtha i láthair trí Chlár maidir le Fianaise i mBeartas an Aonaid um Thaighde agus Meastóireachta (EiPP) a chuireann faisnéis ar fáil don timthriall taighde-go-beartas agus a sholáthraíonn tacaíocht úsáideach don doiciméad seo;
  5. Athbhreithniú ar na creataí scileanna agus folláine phríomha ar fud na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus na Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil Eorpacha;
  6. Ionchur ó fhoghrúpa taighde Óige Ildánach (féach Aguisín 2).

     

Cad atá le breithniú? - mionsonraí

Cuireann Thompson (2009, leathanach 13) liosta úsáideach ar fáil nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir leis an méid atá le cur san áireamh nuair atá aschur agus torthaí do thionscnamh le cur in iúl, agus an bealach a bhfuil baint acu seo le haidhmeanna do thionscadal agus le riachtanais na bpáirtithe leasmhara:

  • líon na ndaoine atá rannpháirteach sa tionscadal mar rannpháirtithe;
  • obair fhoireann an tionscadail - cruinnithe a tionóladh; gníomhaíochtaí a cuireadh ar fáil;
  • tuairimí na rannpháirtithe – ag féachaint ar an méid atá foghlamtha acu nó a thaitin leo maidir leis an tionscadal; an bealach ar chuidigh an tionscadal leo ar bhonn aonair, laistigh dá dteaghlaigh nó pobail agus na sochaí níos leithne;
  • tuairimí na gcomhpháirtithe agus na ngníomhaireachtaí a bhfuil leas faoi leith acu sa tionscadal;
  • dea-chleachtas - cad a d’oibrigh go maith;
  • srianta - réimsí ina raibh bacainní i ndán don tionscadal;
  • fadhbanna a tháinig chun cinn agus an bealach ar dhéileáil tú leo;
  • tionchar - an bealach ina bhfuil difríocht déanta ag do thionscadal;
  • torthaí nach rabhthas ag súil leo;
  • buntáistí do dhaoine aonair, grúpaí agus pobail;
  • fianaise maidir le luach ar airgead.

  Má chuirtear in iúl go soiléir cé a bhí páirteach, cé mhéad duine, cén uair, cá háit agus an bealach a d’iarr tú orthu a dtuairimí a thabhairt, agus má chuirtear guthanna na rannpháirtithe san áireamh, neartófar bailíocht agus iontaofacht do thorthaí agus aon éileamh a dhéanfaidh tú dá bharr.    

MAIDIR LEIS NA TREOIRLÍNTE SEO

Prionsabail threoracha eiticiúla - mionsonraí a chuireann faisnéis ar fáil do Threoirlínte Meastóireachta Óige Ildánach:

  • An Leas Coiteann – pleanáil do leas comhroinnte na gcomhpháirtithe go léir, lena n-áirítear, deiseanna agus torthaí cothroma agus rochtain chuig acmhainní.
  • Fachtóirí Comhthéacsúla – aitheantas a thabhairt don láthair gheografach, lena n-áirítear, coinníollacha cultúrtha, sóisialta, geilleagracha, polaitiúla, teicneolaíochta agus timpeallachta ina bhfuil tú ag obair; ag glacadh nósanna, cleachtais agus gnásanna áitiúla, tráthúlacht agus fachtóirí eile san áireamh a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar do thionscadal agus na torthaí ó do mheastóireacht.
  • Meastóir atá Inniúil ar Chúrsaí Cultúir – díriú ar bheith i do mheastóir a léiríonn luachanna agus tuairimí ilghnéitheacha na bpríomhghrúpaí rannpháirtithe agus páirtithe leasmhara; a dhéanann meastóireacht a dhearadh atá curtha in oiriúint go cuí don chomhtcéacs agus a thugann faoi; a bhaineann leas as raon leathan fianaise chun tacú le agus torthaí a léiriú.
  • An timpeallacht – an timpeallacht nó na coinníollacha ina bhfuil na rannpháirtithe ina gcónaí nó ag feidhmiú a aithint agus pleanáil a dhéanamh ina leith; an suíomh nó na coinníollacha ina dtarlaíonn an tionscnamh cruthaitheach agus a thionchar féideartha a aithint.
  • Cothroime – deiseanna cothroma agus cóir a sholáthar do na daoine go léir atá rannpháirteach agus atá faoi bhláth i do thionscnamh cruthaitheach beag beann ar chéannacht nó difríocht aonair nó grúpa; oibriú, sa chás é sin a bheith indéanta, chun cothroime a bhaint amach, lena n-áirítear, míbhuntáiste stairiúil agus neamhionannas struchtúrtha atá ann cheana féin a mhaolú.
  • Tionchar ar Dhaoine nó ar Ghrúpaí – a bheith feasach maidir leo siúd a bhféadfadh thionchar a bheith ag do mheastóireacht orthu, lena n-áirítear, iad siúd atá sainithe trí chine, eitneacht, inscne, ioncam, stádas, sláinte, cumas, cumhacht, gannionadaíocht agus/nó díchumhachtú.
  • Breithiúnas Gairmiúil – cinntigh go mbíonn cinntí nó conclúidí bunaithe ar phrionsabail eiticiúla agus ar chaighdeáin ghairmiúla maidir le fianaise a bhailiú, a anailísiú, a léirmhíniú agus a thuairisciú le linn do mheastóireachta.
  • Páirtithe Leasmhara – a bheith feasach maidir le daoine aonair, grúpaí nó eagraíochtaí a bhfuil an mheastóireacht ag freastal orthu nó a bhfuil leas dlisteanach acu sa mheastóireacht nó a bhféadfadh tionchar a bheith ag torthaí na meastóireachta orthu.

       

MIONSONRAÍ BREISE CUID 2

CINEÁLACHA MEASTÓIREACHTA

Catagóirí meastóireachta - mionsonraí

Nuair atáthar ag teacht ar thorthaí intomhaiste d’fhéadfadh sé go ndéanfaí iarracht trí staidéar cainníochtúil caidreamh a thomhas, a thuar agus a mhíniú (m.sh. cad atá ar siúl anseo?). Áirítear sa chur chuige seo dearaí trialacha nó páirt-thrialacha (go pointe áirithe) ina ndéanann tú tionchar na hidirghabhála a thomhas trí shonraí réamh-idirghabhála agus iar-idirghabhála a fháil. Tá sé deacair trialacha rialaithe randamaithe (TRRanna), an caighdeán is airde eolaíochtaí leighis a chur i bhfeidhm i socrúcháin sa saol mar atá, go ginearálta, mar sin, ní úsáidtear iad i ngníomhaíochtaí atá bunaithe ar na healaíona nó ar chruthaitheacht. D’éileodh sé grúpa amháin (an grúpa cóimheasa) gan tairbhe a bhaint as an idirghabháil. Níos coitianta, d’fhéadfadh dearaí páirt-thrialacha a bheith i gceist leis an mheastóireacht agus úsáid á bhaint as réamh-thástáil agus iar-thástáil rannpháirtithe, go haonar nó i ngrúpaí agus d’fhéadadh sé go mbeadh grúpa cóimheasa agat nó nach mbeadh Tá líon bealaí ann le sonraí cainníochtúla a bhailiú a théann ó shuirbhéanna simplí aonaid, breathnóireacht nó ceistneoirí bailíochtaithe go modhanna cainníochtúla níos casta ar nós Toradh Sóisialta ar Infheistíocht nó Anailís Chostais ar a dtugtar Luacháil Gheilleagrach go minic (Daykin, 2016).

 

D’fhéadfaí modhanna cáilíochtúla a úsáid chun iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar thorthaí tionscadail agus ar naisc chúisíoch. D’fhéadfadh idir agallaimh nó ceistneoirí simplí nach bhfuil dáta deiridh luaite leo agus taighde mionsonraithe eitneagrafach a bheith i gceist le modhanna cáilíochtúla (modh cáilíochtúil ina mbreathnaíonn taighdeoirí go córasach ar rannpháirtithe staidéir ina dtimpeallacht fíorshaoil agus/nó ina n-idirghníomhaíonn siad leo agus nótaí allamuigh, barúlacha, comhráite neamhfhoirmiúla etc. á n-úsáid acu chun fianaise a bhailiú). Modhanna cruthaitheacha agus bunaithe ar na healaíona agus úsáid á bhaint as teicnící amhail grianghrafadóireacht, scannáin, na hamharc-ealaíona, filíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach, puipéadóireacht, ceol, drámaíocht agus rince agus is féidir iad sin a úsáid freisin chun tacú le meastóireacht cháilíochtúil. D’fhéadfadh modhanna cáilíochtúla tuairimí atá ceilte a nochtadh, guth agus láithreacht na rannpháirtithe sa mheastóireacht a neartú, agus léargas luachmhar agus caolchúiseach ar thorthaí an tionscnamh a sholáthar (Daykin, 2016). Is ionann Taighde Gníomhaíochta Rannpháirtíochta (TGR) agus dearadh meastóireachta cáilíochtúil a mbaintear úsáid as go minic i dtaighde ar na healaíona agus ar shláinte agus ar fholláine chruthaitheach a chuireann rannpháirtithe i gcroílár an phróisis (féach Aguisín 1b le tuilleadh mionsonraí a fháil).

Cén chúis atá le Cur Chuige Cruthaitheach a úsáid i leith na Meastóireachta?

  1. Feabhsaíonn sé rátaí freagartha. Is féidir rátaí freagartha ó leanaí agus ó dhaoine óga atá íseal a chur síos do chúrsaí a bheith leadránach maidir leis na hionstraimí atá á n-úsáid, easpa cuspóra, luach agus ciall atá braite maidir leis an méid a iarradh orthu a dhéanamh agus easpa taitneamhachta/inspreagthachta sa tasc meastóireachta. Is féidir rannpháirtíocht níos fearr ó leanaí a bhaint amach trí chinnteoireacht comhroinnte agus caidreamhach a spreagadh, meas a léiriú ar neamhspleáchas an linbh a bhfuil forbairt ag teacht air (Paquette et al., 2020), agus chur chuige atá níos tarraingtí agus níos cruthaithí a sholáthair i leith na meastóireachta.
  2. Cumasaíonn guth ionchuimsitheach. Go mór mór guthanna leanaí agus daoine óga agus iadsan nach dtugtar cluas éisteachta go minic dóibh, ar nós leanaí óga agus daoine óga a bhraitheann go bhfuil deacrachtaí acu cluas éisteachta a fháil (leanaí agus daoine óga i gcúram, iadsan atá ag maireachtáil le míchumas, iadsan a thagann ó mhionlaigh eitneach, nó atá ag maireachtáil i dteaghlaigh ar ioncam íseal, iad siúd a bhfuil idirdhealú á bhrath acu ar aon fhoras amhail gnéas, teanga, reiligiún, ar a dtuairim polaitíochta nó tuairim eile, ar bhunús náisiúnta nó sóisialta, maoin, claonadh gnéis nó aon stádas eile) (McEvoy, 2015).
  3. Cumasaíonn go leor bealaí agus bealaí ilghnéitheacha cumarsáide. Tugtar aitheantas i dtreoirlínte Óige Ildánach do ‘guthanna’ nó teangacha difriúla na leanaí agus do phróisis chéadfacha agus cumarsáide na rannpháirtithe. Dá bhrí sin, molaimid go mbainfí úsáid as modhanna cruthaitheacha chun cuireadh a thabhairt agus stíleanna cumarsáide agus roghanna atá ilghnéitheach a mhealladh. Molaimid duit do chuid straitéisí meastóireachta a fhorbairt agus a bhunú ar láidreachtaí, ar ábhair spéise agus ar na stíleanna teanga is fearr leis na rannpháirtithe. Tacóidh sé sin le tuairisciú barántúil ar eispéiris agus déanfaidh sé an tuairisciú sin a uasmhéadú, íoslaghdóidh sé léirmhíniú meastóra, agus díreoidh sé ar fhéachaint ar ‘shaol beo’ seachas ar an eolas/na scileanna a fuarthas amháin (Clotworthy agus O’Sullivan, 2024).
  4. Caitheann sé le leanaí agus le daoine óga mar shaineolaithe agus gníomhairí ina saol féin. Tugann meastóireacht chruthaitheach aghaidh ar éagothroime cumhachta tráth a bhféadfadh na rannpháirtithe a bheith den tuairim go dteastaíonn an freagra ceart ón múinteoir/meastóirí nó d’fhéadfadh siad a bheith míchompordach an méid atá á mothú acu i ndáiríre a chur in iúl (Winstone et al., 2014; Dennis & Huff (2020).
  5. Le sonraí cruthaitheacha cuirtear uirlisí tomhais atá bailí, iontaofa, agus inghníomhaithe ar fáil do lucht déanta beartais ar féidir leo tacú le cinntí atá bunaithe ar fhianaise (ECFE, CMIS, 2022, lch 6). Tá aitheantas domhanda tugtha don tsamhlaíocht agus don chruthaitheacht ó thaobh tacú le daoine aonair, grúpaí, pobail agus tíortha torthaí níos fearr a bhaint amach ar bhonn pearsanta, sóisialta, cultúrtha, ó thaobh oideachais de, go geilleagrach agus go polaitiúil. Cuireann siad forbairt céannachta, sonas, folláine agus lánsástacht acadúil agus gairmiúil chun cinn. Tabharfar aghaidh, i bPlean Óige Ildánach, trí shonraí cuimsitheacha iontaofa ó na rannpháirtithe go léir a bheith ar fáil, ar údar imní atá luaite níos túisce, is é sin, “what we cannot see is hard to improve, and what we cannot measure will fail to get deserved attention (ECFE, CMIS, 2022, leathanach 3

CUR CHUIGE 4 CHÉIM I LEITH NA MEASTÓIREACHTA - ÓIGE ILDÁNACH

Bailiú Sonraí atá Íogair

Tagraíonn sonraí déimeagrafach d’fhaisnéis chéannachta agus socheacnamaíoch a léirítear go staitistiúil, lena n-áirítear, aois, inscne, gnéasacht, oideachas, ioncam, eitneacht, rátaí pósta, rátaí breithe agus bás (Weber et al., 2021). Nuair a úsáidtear i gceart iad, is annamh a bhíonn aon tionchar diúltach ag na sonraí seo ar dhaoine aonair. Mar sin féin, féachtar ar bhailiú sonraí maidir le cúlra eitneach agus aicme anois mar ábhar atá casta i roinnt mhaith tíortha, gan 20 tír as 38 tír ECFE ag bailiú sonraí céannachta maidir le cine nó le cúlra eitneach (Shendruk, 2021) agus rogha déanta ag thart ar leath de thíortha na hEorpa gan na sonraí a bhailiú (Öhberg & Medeiros, 2022). Áirítear ar údar imní, idirdhealú nó stiogmatú atá ag dul in olcas, ábharthacht na sonraí a bhailítear agus príobháideachas na faisnéise (Kirst et al., 2013).

Tá an téarma éagsúlacht chultúrtha agus teanga (CALD) á úsáid ag gníomhaireachtaí Rialtais na hAstráile in ionad téarmaí atá diúltach agus solúbtha go stairiúil ar nós cine agus eitneacht (Pham et al., 2021; Williams agus Husk, 2013). Mar sin féin, tugtar a leanas le fios maidir le húsáid a leithéid:

non-committal collective terminologies makes visible minorities invisible, leads to the distorted allocation of government support, and legitimises and institutionalises racism and othering, hence perpetuating exclusion and the risk of victimisation. (Renzaho, 2023, leathanach 1)

Tá saincheisteanna sóisialta brúite chun tosaigh go polaitiúil agus go sóisialta ag athrú déimeagrafach ar fud an domhain agus is minic go mbaintear úsáid as inscne, cine, aicme agus as eitneacht i bhfeachtais pholaitiúil chun borradh a chur faoi dhearcadh idirdhealaitheach eitneach, ciníoch agus sóisialta (Bainton et al., 2021). Baineann tábhacht bhunúsach le sonraí iontaofa chun dul i ngleic le steiréitíopaí agus níos mó tuisceana agus caoinfhulaingthe a spreagadh i measc an daonra i gcoitinne, d’fhorbairt taighde agus beartais agus chun léiriú cruinn a chur i láthair maidir le fadhbanna sochaíocha agus an bealach is fearr le díriú ar na cohóirt siúd is mó atá thíos leis na saincheisteanna sin. Tugann fianaise sna réimsí sláinte, oideachais agus cultúir le fios go bhfuil bailiú sonraí atá láidir, iontaofa agus seasmhach ríthábhachtach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta chun tacaíocht cheart agus soláthar seirbhíse atá cothrom a chinntiú agus le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chinn ó thaobh difríochtaí eithneachais agus ciníochais a laghdú. (Aktar et al., 2020).

Ar an gcaoi chéanna, tá fianaise ann atá ag dul i méid a thacaíonn leis an riachtanas sonraí déimeagrafacha a bhailiú maidir le himeachtaí ealaíona, cultúir agus oideachais atá ag fáil maoiniú poiblí mar bhealach le faisnéis a sholáthar chun caiteachas agus próisis rialtais amach anseo a threorú (Johanson et al., 2023). Ar cheann de na dúshláin a bhaineann le sonraí pearsanta a bhailiú trí shuirbhéanna tá cur chuige garbh nó laghdaithe a sheachaint sa chás go mbíonn na sonraí a bhailítear easnamhach ó thaobh aon mhíniú ceart (Baumle, 2018, p. 281). In iarracht laghdú a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le sonraí sochdhéimeagrafach a bhailiú trí mhodhanna cainníochtúla (m.sh. suirbhéanna), tráth a ndéantar grúpaí a chomhaireamh go díreach, cuirtear béim ar an mbealach a ndéantar sonraí casta atá íogair ó thaobh inscne de (m.sh. máithreachas agus cúram leanaí) a bhailiú, a ndéantar anailís orthu agus a gcuirtear na sonraí sin i láthair (Engender, 2020; Guyan et al., 2023). Tá sé seo ábhartha go háirithe sna hearnálacha cultúir agus ealaíon (Conner, 2022; Ashton agus Gowland-Pryde, 2019; Noble agus Ang, 2018). Tugann ceisteanna téacs oscailte seachas liostaí réamh-roghnaithe an deis do fhreagróirí a gcéannacht eitneach/cultúrtha féin a chuir isteach agus léirítear go gcuireann sé feabhas ar rátaí freagartha agus inghlacthacht ceisteanna den sórt sin (Connelly et al., 2016) ach d’fhéadfadh sé go leor ama a thógáil ó thaobh anailís a dhéanamh air. Tá uirlisí atá goilliúnach ó thaobh comhthéacs á ndearadh chun comhfhoghlaim agus a chur chun cinn agus leas a bhaint as rannpháirtíocht i dtaighde, amhail an uirlis Iniúchóireachta agus Monatóireachta maidir le Comhionannas Inscne (https://geam.act-on-gender.eu), an uirlis maidir le comhionannas inscne a thomhas agus a chumhachtú Inscne agus Cumhachtú  agus sraith straitéisí Belong To don phobal LADTA+ (https://www.belongto.org/ wp content/uploads/2022/09/Stand-Up-AwarenessWeek-Toolkit-2022-Belong-To.pdf).

In ainneoin na ndúshlán a bhaineann le sonraí atá íogair a bhailiú, tá go leor tacaíochta do chumhacht modhanna inchainníochtaithe chun fianaise a sholáthar maidir le leatrom, imeallú agus eisiamh comhchoiteann (Guyan et al., 2023). Agus úsáid á baint as obair cheannródaíoch Ann Oakley (1999) a dhéanann cur síos ar acmhainn sonraí cainníochtúla chun aistriú ó bhonn a dhéanamh ar thaithí phearsanta, tugann Guyan (2021) ar aird an luach a bhaineann le húsáid a bhaint as sonraí daonáirimh na Ríochta Aontaithe mar shampla, céannacht maidir le claonadh gnéis agus céannacht maidir le tras/inscne:

to improve the lives of lesbian, gay, bisexual, trans and queer people in the United Kingdom [arguing that] … the census is a reflection for how some groups see themselves, present to others and transform identity characteristics into constituencies that form the basis for action to address inequality and injustice. (lch 8)

Tá íogaireacht i leith bailiú sonraí mar bhonn taca leis an gcur chuige ó thaobh bailiú faisnéise sochdhéimeagrafach ar fud Phlean Óige Ildánach, mar sin féin, níor chóir go gcuirfeadh sé cosc orainn ceisteanna óna dteastaíonn uainn freagra a fháil orthu a chur ar mhaithe le tuiscint a fháil ar éagothromas sóisialta agus cultúrtha agus cur le comhtháthú sóisialta i measc pobail ilghnéitheacha. Mar a luann (Öhberg & Medeiros, 2019) “to be able to better understand the social changes brought forth by ethnic diversity, debates related to ethnicity need to be thorough. Therefore, the effects of this ‘sensitivity’ towards ethnicity are important knowledge gaps that hamper the development of policy responses to social ills” (lch. 371). Tá an rud céanna fíor maidir le goilliúnacht i leith cine, aois, inscne agus aicme sóisialta. Ba cheart go mbeadh na sonraí chomh críochnúil agus chomh cruinn agus is féidir (Rossi et al., 2013).

Ó thaobh sonraí déimeagrafacha a bhailiú, bíodh sé do thuairisciú deontais, do chinntiú cothromais, nó do mheasúnú ailíniú le misean/cuspóirí, tá sé tábhachtach míniú gearr a thabhairt do na rannpháirtithe ar an gcúis go bhfuil an fhaisnéis á bailiú agat, an méid a bheidh á dhéanamh agat leis an bhfaisnéis, an áit a mbeidh an fhaisnéis á stóráil agus cé a fheicfidh an fhaisnéis. D’fhéadfadh sé a bheith mar chabhair freisin a léiriú go bhféadfadh sonraí sochdhéimeagracha cabhrú linn tuiscint agus aghaidh a thabhairt ar éagothroime agus í a chosc; d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach le torthaí a fheabhsú agus le hacmhainní a leithdháileadh go héifeachtach (Bates et al., 2017); agus d’fhéadfadh sé tuiscint a éascú agus ionchuimsiú grúpaí eisiata nó imeallaithe a fheabhsú. Thar aon ní eile, aithnítear i bPlean Óige Ildánach go dtugtar tús áite do dhaoine (Magoon et al., 2022) agus go dtagann táscairí sochdhéimeagracha sa dara háit.

Is sa chomhthéacs sin a thacaíonn Plean Óige Ildánach le sonraí sochdhéimeagrafacha a bhailiú ag tabhairt aitheantais ag an am céanna go bhfuil íogaireacht agus dea-chleachtas ó thaobh bailiú sonraí bunriachtanach. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh na comhpháirtithe go léir dea-chleachtas chun cinn agus, nuair is féidir, dul i gcomhairle agus rannpháirtíocht a dhéanamh leis na pobail spriocdhírithe maidir le teanga, rúndacht agus aon saincheist eile a d’fhéadfadh a bheith ag cur imní orthu. Áiríonn dea-chleachtas ó thaobh bailiú sonraí:

  1. Teachtaireachtaí oideachais cúramacha a thugann míniú maidir leis an gcuspóir atá le bailiú na sonraí.
  2. Ba chóir go mbeadh cuspóir le gach ceist agus go mbeadh gach ceist ábhartha.
  3. Ná bailigh ach amháin na sonraí atá riachtanach.
  4. Go mbeidh rúndacht deimhnithe.
  5. Ba cheart go mbaileofaí catagóirí déimeagrafacha astu féin.
  6. Ba cheart méid samplach leordhóthanach a bheith ag tacú le doimhneacht na gráinneachta i gcónaí chun rúndacht a chur chun cinn agus chun sainaithint/mí-úsáid na faisnéise a sheachaint.
  7. Ná roinn sonraí pearsanta duine aonair, lena n-áirítear íomhá, le daoine aonair eile nó leis an bpobal i gcoitinne gan cead ón duine sin.
  8. Ná coinnigh na sonraí ach amháin chomh fada is atá riachtanach agus sin amháin ar mhaithe leis an RGCS a chomhlíonadh.
  9. Coinnigh na sonraí slán.
  10. Scrios na sonraí gan mhoill má éilíonn an rannpháirtí a leithéid. (Magoon et al., 2022; Kirst et al., 2013).

Tá na foirmeacha meastóireachta atá cruthaithe chun sonraí sochdhéimeagrach a aimsiú ar fud Phlean Óige Ildánach (féach Cuid 4) leagtha amach leis na prionsabail dea-chleachtais thuas ar intinn, mar sin féin, tá an tsaoirse ag eagraíochtaí, ag daoine aonair, ag múinteoirí, ealaíontóirí agus ag oibrithe óige cinneadh a dhéanamh cibé a bhfuil bailiú sonraí áirithe cuí nó nach bhfuil laistigh dá socrúchán sonrach cuí.



Cé leis na Sonraí? Tagann sonraí ó thaighde agus tá éileamh na bhfreagróirí ar shoiléireacht maidir le húinéireacht, úsáid agus stóráil sonraí ag dul i méid. Is ceanglas dlíthiúil atá ann faoi reachtaíocht an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) go mbeidh faisnéis den sórt sin i bhfoirm atá éasca le léamh agus inrochtana agus á sholáthar ag tús na rannpháirtíochta le rannpháirtithe. Tá úinéireacht faoin RGCS ag daoine aonair ar na cearta i leith a sonraí inaitheanta pearsanta féin. Sa chás go léiríonn eagraíochtaí an riachtanas agus an cuspóir le faisnéis phearsanta a bhailiú, tá sé de chead acu faoin reachtaíocht é sin a dhéanamh nuair a bhíonn toiliú faighte go deonach acu, agus go nglacann siad le freagracht faoi phrionsabail an RGCS thíos maidir le cothabháil a dhéanamh ar ionracas agus ar rúndacht na faisnéise sin (féach Fíor 3).

Fíor. 3: Prionsabail maidir leis an RGCS (an Oifig Cosanta Sonraí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath)



Áirítear ar shonraí pearsanta, ainmneacha, seoltaí ríomhphoist, dáta breithe, srl., (féach Aguisín 3) agus mar threoir ghinearálta, molann dea-chleachtas nár chóir níos mó ná 3 phíosa aitheantais sonraí pearsanta a bhailiú le haon ionstraim ar mhaithe le príobháideachas daoine a chosaint (íoslaghdú sonraí).

Tá Plean Óige Ildánach agus Clár Éire Ildánach á rialú ag beartais cosanta sonraí agus ag beartais saorála faisnéise na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM) agus na Roinne Oideachais (RO) (féach Aguisín 3). Tá taighde agus meastóireacht á stiúradh ag Clár Éire Ildánach agus ag Plean Óige Ildánach ar mhaithe le leas an phobail, agus tá na sonraí taighde atá á gcruthú mar chuid de ghníomhaíochtaí atá maoinithe faoi úinéireacht Chlár Éire Ildánach atá freagrach as a chinntiú go bhfuil an taighde á stiúradh go heiticiúil agus ag comhlíonadh an RGCS agus rialacháin ábhartha eile (m.sh., an Bord Taighde Sláinte).

 

Moltóirí

  • AHEAD (2017). Universal Design for Learning – What is it? https://www.ahead.ie/udl
  • Aktar, B., Ahmed, R., Hassan, R., Farnaz, N., Ray, P., Awal, A., Shafique, S. B.…Rashid, S. F. (2020). Ethics and Methods for Collecting Sensitive Data: Examining Sexual and Reproductive Health Needs and Services for Rohingya Refugees at Cox’s Bazar, Bangladesh. International journal of information, diversity, & inclusion, 4(2), lch. 68-86.
  • American Evaluation Association. (N.D.). Guiding Principles. https://www.eval.org/Portals/0/Docs/AEA_289398- 18_GuidingPrinciples_Brochure_2.pdf
  • Ashton, D., & Gowland-Pryde, R. (2019). Arts audience segmentation: Data, profile, segments and biographies. Cultural Trends, 28(2–3), 146–161.
  • Bainton, N., McDougall, D., Alexeyeff, K., & Cox, J. (2021). Unequal Lives. Gender, Race and Class in the Western Pacific. Australian National University Press.
  • Bates, L., Roche, B., Chef, R., Hill, M., & Aery, A. (2017). Socio-Demographic data and equity in health services in Ontario: building strong foundations. The Wellesley Institute.
  • Baumle, A. K. (2018). The Demography of Sexuality: Queering Demographic Methods. In D. Compton, T. Meadow, & K. Schilt (Eagarthóirí.), Eile, sonraigh le do thoil: Queer methods in Sociology (lch. 277–290). University of California Press.
  • Berger, R. (2003). An Ethic of Excellence: Building a Culture of Craftsmanship with Students. Heinemann, rannán de Reed Elsevier Inc.
  • Belfiore, E. (2015). ‘Impact’, ‘value’ and ‘bad economics’: Making sense of the problem of value in the arts and humanities. Arts and Humanities in Higher Education, 14(1), 95-110.
  • Clotworthy, E., & O’Sullivan, C. (2024, ar na bacáin). Use of drama methods in research to elicit child voice of children with ASD.
  • Connelly, R., Gayle, V., & Lambert, P. S. (2016). Ethnicity and ethnic group measures in social survey research. Methodological Innovations9, 1-10. https://doi.org/10.1177/2059799116642885
  • Conner, L. (2022). Disrupting the audience as monolith. In M. Reason, L. Conner, K. Johanson, & B. Walmsley (Eagarthóirí.), Routledge Companion to Audiences and the Performing Arts (lch. 53–67). Routledge.
  • Creative Ireland Programme/Clár Éire Ildánach. (2016a). Creative Youth/Óige Ildánach (2017-2022). Creative Ireland Programme/Clár Éire Ildánach. https://www.creativeireland.gov.ie/app/ uploads/2019/12/CI_ChildrensPlan_Screen_1.pdf
  • Creative Ireland Programme/Clár Éire Ildánach. (2016b). Creative Ireland Programme/ Clár Éire Ildánach 2017-2022. Creative Ireland Programme/Clár Éire Ildánach. https://www.creativeireland.gov.ie/app/ uploads/2019/12/Creative-Ireland Programme.pdf
  • Creative Ireland Programme/ Clár Éire Ildánach. (2021). Plean Óige Ildánach - Comhthéacs Beartais agus seisiún eolais, Iúil 2021. Creative Ireland Programme/Clár Éire Ildánach. https://www.creativeireland.gov.ie/app/ uploads/2021/07/Creative-Youth-Briefing-July-2021. pdf
  • Creative Ireland Programme/Clár Éire Ildánach. (2022). Todhchaí Chlár Éire Ildánach. Is Náisiún Ildánach Muid. Creative Ireland Programme/ Clár Éire Ildánach 2022-2027. Creative Ireland Programme/Clár Éire Ildánach. https://www.creativeireland.gov.ie/app/ uploads/2022/02/7873_CI-Report-2022-27_WEB_ AW.pdf
  • Daykin, N. (2016). Arts for Health and Wellbeing. An Evaluation Framework. https://www.gov.uk/government/publications/artsfor-health-and-wellbeing-anevaluation-framework
  • Dennis, B., & Huf, C. (2020). Ethnographic research in childhood institutions: participations and entanglements. Ethnography and Education, 15(4), 445-461. https://doi.org/10.1080/17457823.2020.1722951
  • An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (2015). An Straitéis Náisiúnta ar Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht, 2015 – 2020. Foilseacháin Rialtais. https://www.gov.ie/en/publication/9128db-national strategy-on-children-and-young-peoples-partic ipation-in-dec/
  • An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) (2019). Tuarascáil ar Thorthaí Níos Fearr, Todhchaí níos Gile: An Creat bheartas Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga, 2014-2020. Foilseacháin Rialtais.
  • An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) (2021).Creataí do Phleanáil Beartais agus Meastóireacht. Foilseacháin Rialtais.
  • An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) (2021). Measúnú Seirbhísí Daonna arna Maoiniú ag an Rialtas. Treoirnótaí maidir le Fianaise i mBeartais. Foilseacháin Rialtais.
  • An Roinn Oideachais (2022). Tuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020. Foireann Cigireachta na Roinne Oideachais. https://www.gov.ie/en/ publication/611873-chief-inspector-reports/
  • Engender. (2020). Gnéas/inscneGathering and using data to advance women’s equality and rights in Scotland [Aighneacht Engender chuig Oifig an Phríomhstaitisteora]. Engender. https://www.engender.org.uk/content/publications/ EgenderSubmission Gatheringandusingdatatoadvancewomensequalityand rightsinScotland-Feb2020- 1.pdf
  • Evaluation Support Scotland. (2012-2023). https://evaluationsupportscotland.org.uk/
  • Gourlay, A., Mshana, G., Birdthistle, I., Bulugu, G., Zaba, B., & Urassa, M. (2014). Using vignettes in qualitative research to explore barriers and facilitating factors to the uptake of prevention of mother-to-child transmission services in rural Tanzania: a critical analysis. BMC medical research methodology14, 1-11.
  • Guyan, K., Aldercote, A., Múller, J., Caprile, M., & YanesTorrado, S. (2023). The development of the Gender Equality Audit and Monitoring survey. In R. Palmén agus J. Müller (Eds.), A Community of Practice Approach to Improving Gender Equality in Research (lch. 44-64). Routledge.
  • Hayes, M. (2023) The Art of Welllbeing. Amgueddafa Cymra. https://museum.wales/cynfas/article/2276/The-Art-of Wellbeing/
  • HMT(2020). Magenta Book: Central Government Guidance on Evaluation. HM Treasury.
  • Hyland, A. (2018). The Legacy of Professor John Coolahan. Bliainiris Oideachais na hÉireann, 2018, 84-87.
  • Johanson, K., Glow, H., & Taylor, M. (2023). Collecting and classifying data on audience identity: the cultural background of festival audiences. Cultural Trends. DOI: 10.1080/09548963.2023.2212636
  • Kirst, M., Shankardass, K., Bomze, S., Lofters, A., & Quiñonez, C. (2013). Sociodemographic data collection for health equity measurement: a mixed methods study examining public opinions. International journal for equity in health, 12, 1-10.
  • Lee, H. K. (2021). The Arts Council at a Crossroad: stories from Britain and South Korea. The Journal of Arts Management, Law, and Society, 1-16.
  • Lucas, B., & Spencer, E. (2017). Teaching Creative Thinking: Developing learners who generate ideas and can think critically (Pedagogy for a Changing World series). Crown House Publishing Ltd.
  • Lucas, B. (2022). A field guide to assessing creativity in schools. FOIRM. http://dx.doi.org/10.13140/RG.2.2.24010.03529
  • Lundy, L. (2014). Enabling the Meaningful Participation of Children and Young People Globally: The Lundy Model. https://www.qub.ac.uk/Research/case-studies/ childrens-participation-lundy-model.html
  • Magoon, K., Robinson, M.J., Kissling, A., & Ozeua, V. (2022). Best Practice for Demographic Data Collection & Reporting Evaluator’s Guide. Grúpa Comhairleoireachta Pobail. https://www.publicconsultinggroup.com/media/4124/ demographic-data-collection-and-reporting_brief.pdf
  • Malone, N., Mark, L., & Narayan, K. (2014). Understanding program monitoring: The relationships among outcomes, indicators, measures, and targets. (REL 2014–011). Washington, DC. An Roinn Oideachais, Institiúid Eolaíochta Oideachais, an Lárionad Náisiúnta Meastóireachta Oideachais agus Cúnamh Réigiúnach, an tSaotharlann Oideachais Réigiúnach an Aigéin Chiúin. Aisghafa ó http://ies.ed.gov/ncee/edlabs.
  • McClure, E., & Jaeger, G.(2020). Assessing creativity: A palette of possibilities. Billund: LEGO Foundation.
  • McEvoy, O. (2015). A practical guide to including seldom-heard children & young people in decision-making. An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
  • Meyer A., Rose D. H., & Gordon, D. (2014). Universal Design for Learning: Theory and Practice. CAST.
  • Noble, G., & Ang, I. (2018). Ethnicity and cultural consumption in Australia. Continuum, 32(3), 296–307.
  • Oakley, Anne (1999). Paradigm Wars: Some Thoughts on a Personal and Public Trajectory. International Journal of Social Research Methodology, 2(3), 247–254. https://doi.org/10.1080/136455799295041
  • ECFE, Sigma (2018). Toolkit for the preparation, implementation, monitoring, reporting and evaluation of public administration reform and sector strategies Guidance for SIGMA partners SIGMA paper no. 57. https://www.sigmaweb.org/publications/ SIGMA-Strategy-Toolkit-October-2018.pdf
  • ECFE, CMIS (2022). Thinking Outside the Box. The PISA 2022 Creative Thinking Assessment. https://www.oecd.org/pisa/innovation/creative thinking/
  • Öhberg, P., & Medeiros, M. (2019). A sensitive question? The effect of an ethnic background question in surveys. Ethnicities, 19(2), 370-389.
  • Paquette, E. T., Palac, H., Bair, E., Blake, S., Stenquist, N., Joffe, S., & Shukla, A. (2020). The Importance of Engaging Children in Research Decision Making: A Preliminary Mixed Methods Study. Ethics & Human Research, 42(3), pp. 12-20.
  • Pham, T., Berecki-Gisolf, J., Clapperton, A., O’Brien, K. S., Liu, S., & Gibson, K. (2021). Definitions of culturally and linguistically diverse (CALD): A literature review of epidemiological research in Australia. International Journal of Environmental Research and Public Health, 18(2), 737.
  • Renzaho, A.M.N. (2023). The Lack of Race and Ethnicity Data in Australia - A Threat to Achieving Health Equity. International Journal of Environmental Research and Public Health, 20, 5530
  • Rossi, P. H., Wright, J. D., & Anderson, A. B. (Eds.). (2013). Handbook of survey research. Academic press.
  • Hyland, A. (2021). Are you even trying to stop racism if you don’t collect data on race? Quartz, ar fáil ag: https://qz. com/2029525/the-20- countries-that-dont-collect-racial-and-ethniccensus data.
  • Stewart, J., Joyce, J., Haines, M., Yanoski, D., Gagnon, D., Luke, K., Rhoads, C., & Germeroth, C. (2021). Program Evaluation Toolkit: Quick Start Guide (REL 2022–112). Roinn Oideachais Stát Aontaithe Mheiriceá, Institiúid Eolaíochta Oideachais, an Lárionad Náisiúnta Meastóireachta Oideachais agus Cúnamh Réigiúnach, an tSaotharlann Oideachais Réigiúnach.
  • Taylor-Powell, E., & Henert, E. (2008). Developing a logic model: Teaching and training guide. Benefits, 3(22), 1-118.
  • Thompson, J. (2009).Paul Hamlyn Foundation Evaluation Resources Pack. https://www.phf.org.uk/publications/evaluationresources-pack/
  • Vincent-Lancrin, S., et al. (2019). Fostering Students’ Creativity and Critical Thinking: What it Means in School. Taighde agus Nuálaíocht Oideachais, ECFE.
  • Weber, S. B., Moreland, A., Hulkower, R., & Holiday, R. (2020). Examining Sociodemographic Data Reporting Requirements in State Disease Surveillance Systems. Louis UJ Health L. & Pol’y, 14, 571. https://scholarship.law.slu.edu/jhlp/vol14/iss2/16
  • Williams, M., & Husk, K. (2013). Can we, should we, measure ethnicity? International Journal of Social Research Methodology, 16(4), 285–300.
  • Winstone, N., Huntington, C., Goldsack, L., Kyrou, E., & Millward, L. (2014). Eliciting rich dialogue through the use of activity-oriented interviews: Exploring self-identity in autistic young people. Childhood, 21(2), 190-206. doi:10.1177/0907568213491771

   

MIONSONRAÍ BREISE

AGUISÍN 3

  • Tá an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i bhfeidhm amhail 25 Bealtaine 2018 agus tá sé i bhfeidhm go díreach mar dhlí i ngach Ballstát AE. In Éirinn, tugann an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 éifeacht bhreise don RGCS: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj
  • Tá achoimre úsáideach den dlí le fáil ag: https://gdpr.eu/what-is-gdpr/agus is féidir uirlis inchuardaithe a fháil anseo: https://gdpr.eu/tag/gdpr/
  • Beartas cosanta sonraí na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM): https://www.gov.ie/en/organisation-information/5c605-data-protection/
  • Beartas Saorála Faisnéise na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM): https://www.gov.ie/en/organisation-information/42b27-freedom-of-information-foi/
  • Beartas Cosanta Sonraí na Roinne Oideachais (RO): https://www.gov.ie/en/organisation-information/data-protection/
  • Beartas Saorála Faisnéise na Roinne Oideachais (RO): https://www.gov.ie/en/organisation-information/c3fb7b-freedom-of-information-foi/
  • Sainmhínítear téarmaí dlí ábhartha sa RGCS. Tá roinnt den chuid is tábhachtaí thíos i gcomhthéacs na dtreoirlínte seo (curtha in oiriúint ó acmhainní RGCS.eu agus an Oifig Cosanta Sonraí, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath):
  • Sonraí pearsanta — Is ionann sonraí pearsanta agus aon fhaisnéis a bhaineann le duine aonair a d’fhéadfaí a aithint go díreach nó go hindíreach trí thagairt d’aitheantóir ar nós ainm, íomhá, uimhir aitheantais, sonraí maidir le láthair nó aitheantóir ar líne.
  • Próiseáil sonraí — Aon ghníomh a fheidhmítear ar shonraí, cibé go huathoibríoch nó de láimh, lena n-áirítear, bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, úsáid, scrios, srl.
  • An duine is ábhar do na sonraí — An duine a bhfuil a chuid/a cuid sonraí á bpróiseáil.
  • Rialaitheoir sonraí — An duine a dhéanann an cinneadh maidir leis an gcúis agus leis an mbealach a bpróiseálfar sonraí pearsanta.
  • Próiseálaí sonraí — Tríú páirtí a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora sonraí. Tá rialacha speisialta sa RGCS do na daoine aonair agus do na heagraíochtaí sin.
  • Catagóirí speisialta sonraí pearsanta: Sonraí a nochtann bunús ciníoch nó eitneach an duine aonair, tuairimí polaitiúla, creideamh nó tuairimí fealsúnachta, sonraí a bhaineann le ballraíocht ceardchumainn, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun críocha duine aonair a aithint go huathúil, sonraí a bhaineann le sláinte agus sonraí a bhaineann le saol gnéis duine aonair nó le claonadh gnéis.

Toiliú

Tá rialacha diana i gceist maidir le cad a chiallaíonn toiliú ó dhuine is ábhar do na sonraí maidir lena gcuid faisnéis a phróiseáil.

Ní mór toiliú a thabhairt “go deonach, go sonrach, go heolach agus gan débhrí.”

Ní mór go mbeidh iarratais ar thoiliú “inaitheanta go soiléir ó ábhair eile” agus curtha i láthair “i dteanga shoiléir shimplí.”

Is féidir leis na daoine is ábhar do na sonraí toiliú a bhí tugtha roimhe seo a tharraingt siar nuair is mian leo agus ní mór duit seasamh lena gcinneadh.

Ní féidir le leanaí faoi 13 bliain d’aois toiliú a thabhairt ach amháin le cead óna dtuismitheoir.

Ní mór duit fianaise dhoiciméadach a choinneáil den toiliú.

  Cearta daoine chun príobháideachas Aithnítear sa RGCS cearta príobháideachais na ndaoine is ábhar do na sonraí a bhfuil sé mar aidhm leis níos mó smachta a thabhairt do dhaoine aonair ar na sonraí a thugann siad ar iasacht d’eagraíochtaí. Áirítear ar chearta príobháideachais an duine is ábhar do na sonraí:

  1. An ceart a bheith curtha ar an eolas
  2. An ceart chun rochtana
  3. An ceart chun sonraí a cheartú
  4. An ceart chun sonraí a scriosadh
  5. An ceart chun próiseáil a shrianadh
  6. An ceart chun iniomparthacht sonraí
  7. An ceart chun agóid a dhéanamh
  8. Cearta maidir le cinnteoireacht uathoibrithe agus próifíliú
 

Stay up to date

×