Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Fuinneamh Cliste – Cúrsa inmharthanachta forbartha faoi Chlár Teicneolaíochta Cruthaithí de chuid Kinia

Scroll
min read

Fuinneamh Cliste – Cúrsa inmharthanachta forbartha faoi Chlár Teicneolaíochta Cruthaithí de chuid Kinia

min read

8/10/24

Fuinneamh Cliste – Cúrsa inmharthanachta forbartha faoi Chlár Teicneolaíochta Cruthaithí de chuid Kinia

Mar pháirt dá n-obair i mbliana, tá Kinia ag obair go dlúth le baill foirne ó 10 leabharlann ar fud Thiobraid Árann. Bhí suim ag na baill foirne tuilleadh a fhoghlaim faoin teicneolaíocht inmharthana agus todhchaí ghlas a chruthú. Chláraigh siad d’oiliúint Fuinnimh Chliste de chuid Kinia, atá á tacú ag Éire Ildánach trí Chlár na Teicneolaíochta Cruthaithí.

Is é Paul Amond ó Kinia a d’éascaigh an oiliúint le baill foirne na leabharlann.

 

Tá leabharlanna fud fad na tíre ag iarraidh go nglacfadh a bpobail páirt i bhfoghlaim agus comhthionscadail ETIEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíona agus Matamaitic). D’oibrigh Kinia le foirne na leabharlann trí oiliúint ar líne thar tréimhse coicíse. Mar pháirt den tionscnamh seo, fuair gach duine de na baill foirne trealaimh Fuinnimh Chliste. Sna trealaimh seo bhí réimse comhpháirteanna leictreonacha in-athúsáidte agus pacáistí gníomhaíochtaí chun an foghlaim a chur i lámha daoine óga.”

 

Cad is clár Fuinnimh Chliste de chuid Kinia ann?

 

I gclár oiliúna Fuinnimh Chliste de chuid Kinia, déantar plé ar:

  • Cad is fuinneamh ann – a ról sa dúlra agus sa teicneolaíocht.
  • Modhanna chun fuinneamh a chur chun tairbhe
  • Cineálacha difriúla fuinnimh – in-athnuaite agus breoslaí iontaise.

 

Mar pháirt de chlár Fuinnimh Chliste de chuid Kinia, tugtar oiliúint phraiticiúil theagmhálach d’oidí. Tugtar na comhpháirteanna dóibh chun ciorcaid shimplí a dhéanamh, lenar féidir na coincheapa fuinnimh a phléitear sa churaclam a léiriú. Is féidir cumhacht a sholáthar do na ciorcaid trí úsáid a bhaint as foinsí difriúla leictreachais. Ar deireadh, spreagtar d’oidí machnamh a dhéanamh ar dhúshláin fuinnimh a bhíonn romhainn gach lá agus a smaointe féin a fhorbairt faoi conas ar féidir leo úsáid a bhaint as na comhpháirteanna chun dul i ngleic le roinnt de na dúshláin seo.

 

Nuair atá an oiliúint theagmhálach críochnaithe ag na hoidí, tacaítear leo chun a bhfearas agus a n-eolas a thabhairt ar ais chuig na daoine óga lena n-oibríonn siad, ionas gur féidir leo foghlaim faoi Fhuinneamh Cliste freisin.

Above:

Fuinneamh Cliste a thabhairt chun na Leabharlann

 

Tá roinnt ceardlann agus tionscnamh Fuinnimh Chliste reáchtáilte ag foirne sna leabharlanna le daoine óga ina gceantair.

 

D’éascaigh Sandra English i Leabharlann Charraig na Siúire ceardlanna grúpa do dhaoine óga sa cheantar mar pháirt de Sheachtain na hEolaíochta i Samhain 2023. Reáchtáil Sandra dhá cheardlann theagmhálacha um Fhuinneamh Cliste le hos cionn 20 duine óga le béim ar leictreachas agus an comhshaol. Is cuideanna lárnacha iad na hábhair seo den chúrsa oiliúna Fuinnimh Chliste de chuid Kinia d’oidí.

 

Chinntigh Sandra go raibh na ceardlanna chomh spraíúil agus chomh heolasach agus ab fhéidir do na daoine óga. Chuir siad gothaí Sheachtain na hEolaíochta orthu féin, fiú amháin, trí chótaí saotharlainne agus prapaí eile a bheith acu.

 

Dúirt Sandra “Bhí an oiliúint go hiontach agus d’fhoghlaim muid an-chuid. Tríd is tríd, bhí sé an-taitneamhach agus oideachasúil!”

 

Tionchar ar dhaoine óga sna leabharlanna

 

Bhí rath thar barr againn cheana inár leabharlanna leis na trealaimh Fuinnimh Chliste – bhain muid úsáid astu chun ceardlann for-rochtana eolaíochta a reáchtáil cheana, agus ba rud iontach é an rannpháirtíocht a fheiceáil! Bhí na trealaimh an-tarraingteach do na rannpháirtithe a bhí againn, agus chuidigh siad go mór agus muid ag iarraidh cuid de na páirteanna ní ba theibí den tseisiún a mhíniú, trína bheith in ann an ceacht a léiriú san fhíorshaol.”

 

 

Pleananna don todhchaí

 

Nuair a cuireadh ceist uirthi an raibh pleananna ar bith acu chun úsáid a bhaint as an chúrsa nó as foghlam ETIM amach anseo, dúirt Sandra “Cinnte – bhí raon na ngníomhaíochtaí go hiontach, agus thug siad solúbthacht dúinn agus muid ag pleanáil an ábhair. Táimid cinnte go mbeidh siad mar chuid dár ngníomhaíochtaí ETIM amach anseo, is taca iontach iad do na seisiúin seo!”

 

Agus iad ag amharc chun tosaigh, tá beartaithe ag Kinia go leanfaidh siad ar aghaidh ag cur Fuinneamh Cliste agus cúrsaí oiliúna eile ar fáil do bhaill foirne ag tuilleadh leabharlann, seirbhísí óige agus grúpaí pobail ar fud na hÉireann. Trína bheith ag cur le rath tionscnamh cosúil leis an cheann i dTiobraid Árann, tá sé mar aidhm ag Kinia níos mó oidí a ullmhú leis an eolas agus na huirlisí chun daoine óga a chur i mbun foghlama teagmhálaí faoin teicneolaíocht inmharthana. De réir mar a théann leabharlanna i méid mar mhoil don fhoghlaim phobail, tá sé ar intinn ag Kinia a gcomhthionscadail a láidriú, chun tacú le hoidí agus iad ag cuidiú le daoine óga ar fud na hÉireann chun a bheith i mbun nuálaíochta agus chun todhchaí níos glaise a spreagadh.

 

Learn more about Kinia here: https://kinia.ie/about-us/

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×