Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Blag faoin tSláinte agus faoin Fholláine Chruthaitheach sa Phobal #4

Scroll
min read

Blag faoin tSláinte agus faoin Fholláine Chruthaitheach sa Phobal #4

min read

4/10/24

Blag faoin tSláinte agus faoin Fholláine Chruthaitheach sa Phobal #4

I mí Feabhra 2024, d’iarr Clár Éire Ildánach iarratais ó Údaráis Áitiúla ar mhaoiniú deontais do thionscadail a thacaíonn le Sláinte agus Folláine trí Chruthaitheacht le linn 2024 agus 2025. Spreag an glao comhoibriú le hÚdaráis Áitiúla máguaird. D’éirigh le 15 thionscadal sláinte agus folláine chruthaitheach sa phobal. Ina measc seo tá ceithre thionscadal uile-oileáin ar tugadh tacaíocht dóibh mar chuid de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, ina n-oibreoidh Údaráis Áitiúla le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann.

Sa cheathrú blag dár sraith, tá muid ag breathnú ar thionscnamh claochlaitheach a ceapadh chun folláine a fheabhsú trí chruthaitheacht páistí le fadhbanna sláinte saoil i dTiobrad Árainn, an Clár agus Luimneach. Tá cuntas againn ar thionscnamh ceoil uaillmhianach spreagúil freisin, atá mar aidhm leis saol, sláinte agus folláine a shaibhriú do bhaill phobail leochaileacha i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Saoil Óga a Athrú le Cruthaitheacht san Iarthar Láir – Comhairle Contae Thiobraid Árann i gcomhpháirt le Comhairlí Contae an Chláir agus Luimnigh

In 2023, d’obair Helium Arts i gcomhpháirt le Comhairle Contae Luimnigh chun tionscnamh píolótach den tionscadal ealaíon seo le déagóirí a thabhairt i gcrích. Mar gheall ar an chiste seo cuirfear síneadh leis an tionscnamh seo in 2024 agus 2025 chun tacú le páistí d’aois 8 – 16 ar fud réigiún an Iarthair Láir le fadhbanna sláinte fisiciúla ainsealacha saoil trína rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha.

Tá na ranna Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil i gComhairlí Contae Thiobraid Árann, Luimnigh agus an Chláir, chomh maith le baill foirne ón FSS, ag dul i gcomhar le Helium Arts chun an clár a chur ar fáil.

Tá ealaíontóir proifisiúnta ag obair i gClinicí Péidiatracha Other Seachtrach in Ospidéal Ollscoile Luimnigh, agus triúr ealaíontóirí eile ag reáchtáil ceardlann tríd an Chlár Pobal i Luimneach, an Clár agus Tiobraid Árann. Éascófar oiliúint agus maoirseacht leanúnach do chách. Tá sé beartaithe freisin go gcuirfear clár deonaithe i bhfeidhm sna Clinicí, faoi stiúir ealaíontóirí.

Tharla roinnt campaí cruthaitheacha rathúla i samhradh 2024. I measc na ngníomhaíochtaí spraíúla a rinneadh iontu seo agus sna Clinicí Péidiatracha Othar Seachtrach, bhí fuinneoga daite, irisíní, colláisí, stampaí, cailéideascóip, beochan /  leabhair mheariompaithe, scéalta agus tóraíocht taisce inar baineadh úsáid as ghearrthóga ó ghníomhaíocht na bhfuinneog dhaite agus páipéar ‘greille’ chun léarscáil a dhéanamh! Leanfaidh na ceardlanna seo ar aghaidh i rith an fhómhair agus an gheimhridh agus ar feadh 2025.

I ndiaidh cruinnithe le comhpháirtithe an tionscadail, cuireadh grúpa Comhairleach Iarthair Láir Helium Arts ar bun chun tuilleadh comhair agus cumarsáide a spreagadh. Is í atá mar aidhm ag an ghrúpa seo, a bhfuil ionadaíocht fhairsing air, ná múnla inbhuanaithe a chothú i leith tacaíochta do pháistí le fadhbanna sláinte fisiciúla fadtéarmacha. Tacóidh na comhpháirtithe le Helium Arts trí eolas agus léargais áitiúla a chur ar fáil chun an tionscadal a fheabhsú agus chun dul i dteagmháil leo siúd is mó gá.

Is carthanacht do pháistí í Helium Arts atá tiomanta do fheabhas a chur ar fholláine páistí agus daoine óga ag a bhfuil fadhbanna sláinte fisiciúla saoil. Tugann na ceardlanna cruthaitheacha seo bealach ar leith chun léiriúcháin, ceangail, cneasaithe agus muiníne méadaithe, agus spás sábháilte do pháistí chun dul i dteagmháil lena mothúcháin, a dtaithí a chur in iúl, agus ceangal a dhéanamh le piaraí a thuigeann a n-aistear. Meastar go dtiocfaidh feabhsuithe suntasacha ar dhea-bhail mheabhrach agus mhothúchánach na bpáistí a ghlacann páirt.

Ionad Pobail San Agnéas don Cheol agus na hEalaíona – Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Tá an ceol ag croílár an chláir fhairsing ionchuimsithigh seo a chothóidh dea-bhail trí chruthaitheacht do roinnt pobal spriocdhírithe éagsúil i gcathair Bhaile Átha Cliath. Áirítear orthu seo grúpaí leochaileacha cosúil le daoine aosta, daoine i lóistín sealadach nó sóisialta, agus daoine óga atá i mbaol. Leis an tionscnamh seo cuirtear caighdeán cruthaitheachta ar fáil, le clúdach suntasach leanúnach, agus éagsúlacht go leor trína ghnéithe difriúla.

Is tionscnamh é Memory Lane Choir dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag tabhairt aire do dhaoine le galar Alzheimer agus Néaltrú, agus daoine fásta le míchumais intleachtúla, agus is ardán é do dhaoine níos sine chun dul i mbun léiriúcháin chruthaithigh, agus ag cur coinneáil chognaíoch agus idirghníomhú sóisialta chun cinn ag an am chéanna. Cothaíonn an cór fonn muintearais agus pobail, trí ghnéithe athchuimhnimh agus cumha a ghlacadh isteach, rud a chuireann le dea-bhail leanúnach a mball.

Agus obair á déanamh le Fold Housing Ireland chun dul i dteagmháil le daoine d’aois 55 bliana nó níos sine a bhfuil cónaí orthu i scáth-thithíocht, tá sé mar aidhm leis an tionscnamh comhar a chothú le hoibrithe ceangail chun múineadh uirlise agus grúpaí ceoil a chur ar fáil chun dul i ngleic le huaigneas agus scoiteacht.

Ar an bhealach chéanna, cuirfear cláir nach bhfuil ualach airgeadais i gceist leo ar fáil do theaghlaigh, tuismitheoirí aonair ina measc, ag tacaíocht Respond Housing le béim ar ionchuimsiú luathbhlianta.

Beidh caidreamh sóisialta feabhsaithe mar thoradh ar thacaíocht don Late Starters Orchestra do dhaoine fásta, chomh maith le scileanna foghlama saoil a spreagadh, agus bainfidh an Ceolchumann idirghlúine tairbhe as an spiorad pobail fheabhsaithe a éascófar trí cheol agus dráma.

I rith an chláir seo rachaidh Ionad San Agnéas i gcomhar le gairmithe oideasaithe sóisialta i gComhpháirtíocht Bhaile Átha Cliath Theas-Lár; an Fhoireann um Chothú agus Feabhsú Sláinte, Sláinte agus Folláine FSS, Baile Átha Cliath Theas, Cill Dara agus Cill Mhantáin Thiar; Seirbhísí Seanóirí an FSS; agus grúpaí pobail áitiúla.

Is í obair lárnach Ionad San Agnéas ná a bheith ag labhairt amach ar son comhionannais agus ionchuimsithe do chách, trína bheith ag dul i ngleic le constaicí ar rochtain ar chláir cheoil fhiúntacha d’ardchaighdeán ionas gur féidir leo saol daoine a shaibhriú agus iad a chumachtú, agus cinnte a dhéanamh, tríd sin, go bhfuil gach duine, ar bhealach idirghlúine, mar pháirt dá bpobail agus gur féidir leo cur lena bpobail.
Tá an clár faoi lán seoil cheana féin, agus cuireadh tús leis na chéad ranganna i Meán Fómhair 2024.

Faigh tuilleadh eolais faoi thionscnaimh eile arna maoiniú faoin scéim seo trínár chéad, dara agus tríú blaganna.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×