This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.
Pobail Ildánacha
Is bunchloch de chuid Chlár Éire Ildánach é leas a bhaint as an acmhainneacht chruthaitheach atá ag muintir agus ag pobail in Éirinn. Tá Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta bunaithe ag Clár Éire Ildánach i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil ar mhaithe le saineolas áitiúil mar a bhaineann leis na healaíona, an oidhreacht, cúrsaí leabharlainne agus fiontraíochta, chomh maith le rannpháirtíocht an phobail, a thabhairt le chéile chun comhoibriú a chothú agus tionscnaimh nua a spreagadh. Tá Comhordaitheoir áitiúil le haghaidh Éire Ildánach ceaptha freisin do gach údarás áitiúil. Aimsigh do chomhordaitheoir áitiúil anseo.
Le cabhair ó ealaíontóirí áitiúla, ó eagraíochtaí cruthaitheacha, cultúir agus oidhreachta agus ó ghrúpaí pobail ar fud na tíre, chruthaigh gach údarás áitiúil Straitéis nua Chultúir agus Chruthaitheachta 2023-2027. Tá siad seo deartha ionas go bhféadfaí daoine a bheith ag obair le chéile chun a bpobail, a saol agus a dtimpeallacht a athrú ó bhonn tríd an gcruthaitheacht.