Skip to main content
Kate Gleeson photographed for Irish Country Living feature on her Farm in Tipperary

Náisiún
Ildánach

Seo Katie Gleeson: Ambasadóir Feirmeoireachta Cruthaithí ag Field Exchange

Scroll
3 min read

Seo Katie Gleeson: Ambasadóir Feirmeoireachta Cruthaithí ag Field Exchange

3 min read

27/09/24

Seo Katie Gleeson: Ambasadóir Feirmeoireachta Cruthaithí ag Field Exchange

Tá an feirmeoir agus Cruthaitheoir Digiteach Katie Gleeson ar cheann de 11 gairmí talmhaíochta a roghnaíodh mar Ambasadóir Feirmeoireachta Cruthaithí do Field Exchange, atá ar cheann de 43 fhaighteoir an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide.

Tá na hAmbasadóirí Feirmeoireachta Cruthaithí ag glacadh páirt i bPobal Cleachtais atá ag díriú ar chleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus ceardlanna chun scileanna a chothú thar tréimhse dhá bhliana. Is tionscadal dhá bhliana é Field Exchange 2024-2025 atá struchtúrtha thart ar dhá fhéile chruthaitheachta talmhaíochta (tharla an chéad cheann ag deireadh Lúnasa 2024) le healaíontóirí ag obair le feirmeoirí agus comhpháirtithe teicniúla. Le Field Exchange, tugtar feirmeoirí, cruthaitheoirí agus saineolaithe le chéile chun spás comhoibríoch a chruthú inar féidir eolas a chomhroinnt agus teacht ar réitigh ar na dúshláin atá roimh fheirmeoirí agus pobail tuaithe in aeráid athraitheach. Labhair muid le Katie faoi conas a chuaigh sí i mbun an tionscadail agus cad is brí le ‘Feirmeoireacht Chruthaitheach’ di.

Is tionscadal ar leith é Field Exchange ina dtugtar daoine le chéile chun teacht ar chineálacha cruthaitheacha cur chuige i leith na feirmeoireachta inbhuanaithe, caidé mar a ghlac tú páirt sa togra seo mar Ambasadóir Feirmeoireachta Cruthaithí?

Bhuail mé le hAilbhe trí thogra eile inár ndúiche darbh ainm  Community Climate Coaches. Thug sí spreagadh dom chun iarratas a dhéanamh chun a bheith i m’Ambasadóir Feirmeoireachta Cruthaithí do Field Exchange 24/25, agus thaitin an clár liom ar go leor leibhéal difriúil. Chuir sé deis iontach ar fáil chun ceangal a dhéanamh le feirmeoirí agus daoine eile a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá agamsa, a chreideann go láidir i dtodhchaí na talmhaíochta. Ba mhór an spéis a bhí agam sa deis chun plé a dhéanamh ar an tionchar a imreoidh an t-athrú aeráide orainn mar fheirmeoirí agus conas ar féidir linn é a chur ar chumas ár bpobal dul i ngleic leis na dúshláin seo. Ní faoi chleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta amháin atá an togra ach baineann sé le cruthaitheacht agus nuálaíocht agus muid ag tabhairt aghaidh ar na ceisteanna práinneacha seo. Bhraith mé gurb é seo an chéad chéim eile i m’aistear feirmeoireachta féin.

Mar Ambasadóir Feirmeoireachta Cruthaithí, tá páirt á glacadh agat i bPobal Cleachtais atá ag díriú ar chothú scileanna trí shraith Laethanta Field Exchange sna 2 bhliana romhainn. Inis dúinn faoi rud suntasach amháin atá foghlamtha agat i d’aistear go dtí seo.

Rud amháin tábhachtach atá foghlamtha agam go dtí seo ná gur duine ar leith gach feirmeoir i ndáiríre. Breathnaítear orainn go minic mar ghrúpa aonchineálach, ach i ndáiríre tá an scéal i bhfad níos casta. Tá éagsúlacht dhochreidte ann ó thaobh dearcthaí, cleachtas agus gníomhaíochtaí i measc táirgeoirí bia, rud a léiríonn na tírdhreacha agus pobail éagsúla ar a bhfuil muid ag freastal. Is bua í an éagsúlacht seo lenar féidir nuálaíocht agus acmhainneacht a spreagadh agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin cosúil leis an athrú aeráide. Nuair a aithníonn muid agus glacann muid leis seo, is féidir linn straitéisí níos saincheaptha agus níos éifeachtaí a chruthú don talmhaíocht inbhuanaithe atá ag teacht le riachtanais áirithe na réigiún agus pobal difriúil.

Cé chomh tábhachtach atá sé, meas tú, an chruthaitheacht a úsáid chun tacú le pobail talmhaíochta agus tuaithe agus iad ag aistriú go cleachtais inbhuanaithe?

Is uirlis fhíorchumhachtach í an chruthaitheacht agus muid ag iarraidh an meon laistigh dár bpobail a leathnú. Ligeann sé dúinn plé a dhéanamh ar réitigh nua nuálaíocha, lasmuigh de chleachtais thraidisiúnta, ar na dúshláin atá romhainn. Mothaím féin, mar fheirmeoir gnásúil, go bhfuil sé tábhachtach go “mbuailtear le daoine áit ina bhfuil siad” maidir leis na haistrithe seo agus nach bhfuil sa bhéim reatha ar an chaint dheighilteach ach bacainn ar an obair mhaith atá ag tarlú ar fud ár bpobail talmhaíochta. Trí dhul i ngleic le fadhbanna ar bhealach cruthaitheach, is féidir linn deiseanna for-rochtana a aimsiú nach aimseofar seachas sin, agus spreagadh chun gnímh a thabhairt do dhaoine eile. Cuidíonn an chruthaitheacht linn agus muid ag dul i gcomhar le daoine ar bhealaí fhiúntacha, chun ceisteanna casta a dhéanamh níos inrochtana agus comhoibriú a spreagadh i raon cleachtas talmhaíochta difriúil. An rud atá i gceist leis an chruthaitheacht ná lánacmhainn ár bpobal a bhaint amach chun athrú a spreagadh, ní amháin i gcleachtais feirmeoireachta, ach inár ndearcadh agus ár gcaidreamh lenár gcomhshaol.

Cén buntáistí atá i gceist, dar leat, le daoine ar an dearcadh chéanna a thabhairt le chéile ó gach taobh den tionscal talmhaíochta ar mhaithe le cuspóir cosúil leis seo?

Is féidir linn, agus muid ag tabhairt daoine ar an dearcadh chéanna le chéile do chuspóir cosúil leis seo, dearcthaí a leathnú agus daonnacht éigin a thabhairt ar ais isteach sa chomhrá ina bhfuil muid á dtreorú ag na fíricí ach is iad mothúcháin a spreagann an gné “troid nó teitheadh” sa chomhrá faoin aeráid. Mar thoradh ar an fhuinneamh chomhchoiteann seo is féidir le réitigh agus straitéisigh nuálacha teacht aníos, nach dtiocfadh aníos seachas an fuinneamh sin, b’fhéidir. Caithfidh muid muintearas agus tacaíocht a neartú i measc iad siúd atá ag obair i leith na spriocanna céanna, rud atá ríthábhachtach agus muid ag dul i ngleic leis na dúshláin shuntasacha atá roimh an tionscal talmhaíochta sa lá atá inniu ann.

Baineann tusa úsáid as d’ardán ar na meáin shóisialta ar bhealach iontach chun labhairt faoi cheisteanna agus ábhair a imríonn tionchar ar dhaoine sa tionscal talmhaíochta, caidé an gné is fearr de lucht leanúna cosúil le seo a chothú, dar leat?

Measaim gur gné lárnach ar na meáin shóisialta ná a bheith ábalta a bheith barántúil ó thaobh do ghutha féin, ach freisin an tsaoirse a bheith agat casadh a dhéanamh agus triail a bhaint as rudaí nua chun dul i bhfeidhm ar do lucht leanúna go héifeachtach, cosúil le cor talmhaíochta a chur ar threochtaí. Is rud ar leith iad na meáin shóisialta sa bhealach trínar féidir ceangal a dhéanamh le daoine ar bhealach a oireann dá saol, eolas a roinnt, agus pléite tábhachtacha faoin talmhaíocht agus an inbhuanaitheacht a spreagadh. Is spás é inar féidir liom aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bhfuil dáimh agamsa agus ag pobal na feirmeoireachta leo, agus dearcthaí a cheistiú agus smaointe nua a thabhairt isteach. Trína bheith dílis do mo luachanna féin agus a bheith toilteanach a rá “Níl seo á dhéanamh agam go foirfe ach tá mé ag baint triail as”, déanaim iarracht ábhar a chruthú atá eolasach ach spreagúil agus inchaingne do mo chuid leantóirí. Is rud fíorthairbheach é an nasc seo le mo phobal ar líne agus tugann sé spreagadh dom chun leanúint de bheith ag labhairt ar son earnála talmhaíochta dearfaí.

Faigh tuilleadh eolais faoi Field Exchange agus Brookfield Farm, Co. Thiobraid Árann anseo.

Lean Katie Gleeson ar a haistear mar Ambasadóir Feirmeoireachta Cruthaithí ar a hInstagram anseo.

Léigh tuilleadh faoi thionscadail reatha an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×