Is é Cruinniú na nÓg an lá náisiúnta do chruthaitheacht shaor do pháistí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois. Is í Éire an chéad tír, agus an t-aon tír, sa domhain a bhfuil lá dá leithéid aici.
Le 7 mbliana anuas, tá Cruinniú na nÓg ina dháta ríthábhachtach i bhféilire cultúrtha na hÉireann, ag tabhairt deiseanna do níos mó na 1.5 milliún páiste agus duine óga ar fud oiléan na hÉireann, le bheith caidéiseach agus fiosrach, cruthaitheach agus nuálach, agus chun mian chruthaitheach a chomhlíonadh nó bua cruthaitheach inmhéanach a chur os comhair an phobail.
Táimid ag cuartú tionscadail atá de scála agus d’uaillmhian suntasach. Táimid ag samhlú deontas d’uasmhéid €150,000 in aghaidh an Chomhphairtí Straitéisigh achan bhliain (uasmhéid €450,000 do na 3 bliana).
Mar sin, tá Clár Éire Ildánach ag tabhairt cuireadh d’eagraíochtaí, nó comhpháirtíocht eagraíochtaí, iarratais a sheol isteach, a bhfuil ábaltacht shoiléir acu chun hinscálaitheacht lucht féachana Chruinniú na nÓg a sheachadh ar fud na tíre trí sholáthar gníomhaíochtaí cruthaitheacha do pháistí agus daoine óga atá saor in aisce.
Acmhainní
- Doiciméad eolais as Gaeilge
- Doiciméad eolais as Béarla
- CCanna
Caithfidh iarratais a bheith líonta amach ar líne agus curtha isteach trí Submit.com faoi 5in ar an 6ú Samhain, 2024. Cur d’iarratas isteach anseo: https://submit.link/2S3
Deiseanna chun Breis Eolais a Fháil agus Líonrú a Dhéanamh
Beidh Clár Éire Ildánach ag reáchtáil dhá sheisiún eolais agus líonraithe. Sna séisiúin seo beidh taispéantas Chruinniú na nÓg, CCanna, agus deis d’iarrthóirí bualadh le comhpháirtithe ionchasacha ó fud fad an Oileáin, sa chaoi go mbeidh siad abálta obair i gcomhar le chéile ar a dtionscadail. Reáchtálfaidh muid seisiún ar líne agus seisiún i láthair go pearsanta i mBéal Feirste.
Leann, le do thoil, an nasc thíosluaite chun d’áit a haimsiú ar na seisiúin seo:
- Seisiún Eolais Ar Líne, 4ú Deireadh Fómhair 2024 – Cláraigh Anseo
- Seisiún Eolais i Láthair go Pearsanta i mBéal Feirste (Suíomh le dearbhú) 15ú Deireadh Fómhair – Cláraigh Anseo